Maoiniú feidhmíochta milliún euro faighte ag OÉ Gaillimh chun an comhionannas a chur chun cinn

NUI Galway Quadrangle Building
Oct 24 2021 Posted: 09:16 IST

Maoiniú feidhmíochta milliún euro faighte ag OÉ Gaillimh chun an comhionannas a chur chun cinn

Bronnadh ciste speisialta milliún euro ar OÉ Gaillimh chun straitéis agus bearta feabhsaithe na hOllscoile maidir le Comhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú a chur chun cinn. 

D’fhógair an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris TD, an Maoiniú Feidhmíochta mar chuid d’infheistíocht ar leith atá á déanamh ag an Rialtas in institiúidí ardoideachais mar aitheantas as cláir nuálacha a chabhraíonn le sochaí níos fearr a chruthú.

Tá OÉ Gaillimh ar cheann de chúig institiúid ar tugadh maoiniú dóibh.

Fuarthas an ciste tar éis cás-staidéar a chur isteach ina raibh sonraí na ngníomhartha a bhí déanta le tamall chun comhionannas inscne a chur chun cinn san Ollscoil. Cuirfidh sé leis an obair atá ar siúl i réimse an chomhionannais inscne agus leis an gclár oibre Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe trí chéile.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Is fianaise é an maoiniú milliún euro ón Rialtas chun cabhrú leis an gcomhionannas a chur chun cinn, ar sciar an-mhór é den mhaoiniú a bhí ar fáil, ar an obair atá déanta ag pobal OÉ Gaillimh le blianta beaga anuas agus ar a ndúthracht.

Is léiriú é freisin ar thiomantas OÉ Gaillimh maidir le comhionannas a chur chun cinn i measc na foirne agus na mac léinn uilig, ag teacht le luachanna oscailteachta agus measa na hOllscoile. Áirítear buanna de gach cineál san éagsúlacht agus, ar an gcaoi sin, cuireann sí bonn níos fearr agus níos láidre faoin ollscoil. Tá an obair seo ar siúl i gcónaí agus tá sé de fhreagracht orainn uilig tacú léi trí scoth na hoibre a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail."

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Aoife Cooke, Ceannasaí Comhdheiseanna in OÉ Gaillimh: “Tá na daoine go léir a bhíonn ag cur an chomhionannais chun cinn san Ollscoil seo an-sásta leis an maoiniú seo ón Rialtas agus is mór an spreagadh é do gach duine agus muid ag iarraidh comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú a leabú inár gcultúr agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an chomhionannais."

Trí bhunú Tascfhórsa Comhionannais Inscne in OÉ Gaillimh, tá feabhas mór tagtha ar dheiseanna dul chun cinn do mhná san Ollscoil le ceithre bliana anuas.

Mar a léirigh Gradam Cré-umha Athena SWAN a ghnóthaigh an Ollscoil le déanaí, tugadh faoi réimse tionscnamh comhionannais san Ollscoil ó 2016/17 i leith, lena n-áirítear róil shinsearacha acadúla a bheith ag níos mó ban.

Tá ardú ó 33% in 2016/17 go 47% in 2020/21 tagtha ar chéatadán na gcomhaltaí foirne mná in OÉ Gaillimh a bhfuil ról Léachtóra Shinsearaigh acu.

Tá ardú ó 16% go 28% tagtha ar chéatadán na gcomhaltaí foirne mná san Ollscoil a bhfuil ról Ollaimh Phearsanta acu i gcaitheamh na tréimhse céanna.

Críoch

Marketing and Communications

PreviousNext

Featured Stories