Cuireann OÉ Gaillimh fáilte roimh na mílte chuig Bronnadh Céimeanna an Fhómhair

Aug 23 2022 Posted: 12:22 IST

Cuirfidh OÉ Gaillimh fáilte roimh breis agus1,700 céimí, a dteaghlaigh agus a gcairde chuig an gcampas an tseachtain seo ar ócáid bhronnta a gcéimeanna. 

Reáchtálfar na searmanais bhronnta do mhic léinn céime, iarchéime agus PhD ón Déardaoin, 25 Lúnasa go dtí Dé Luain, 29 Lúnasa.

Seo mar a labhair an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh: “Ba mhaith liom, thar ceann OÉ Gaillimh, tréaslú le gach duine de na céimithe atá ag filleadh ar an gcampas i gcaitheamh na dtrí lá ar an lá mór seo ina saol. Ceiliúradh atá ann ar a dtiomantas, ar a gcumas agus ar a ndúthracht i rith na mblianta. Táimid ar iontaoibh 175 bliain de thraidisiún agus ar a bhfuil bainte amach ag na glúnta céimithe a chuaigh romhainn ón ollscoil seo, Ollscoil na Gaillimhe – University of Galway."

Déanfar raon céimeanna a bhronnadh i rith na dtrí lá ar chéimithe ó Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta, Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí, Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte agus Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh.

Tá sceideal iomlán shearmanais bhronnta an Fhómhair le fáil ag https://www.nuigalway.ie/conferring/.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories