Fógraíonn OÉ Gaillimh go leanfar le Scéim Iasachta na Ríomhairí Glúine

Caroline O'Toole agus Tendai Muzunze, mic léinn OÉ Gaillimh a fuair ríomhairí glúine ar iasacht faoi Scéim Iasachta na Ríomhairí Glúine, OÉ Gaillimh in éineacht le Imelda Byrne, Ceann an Ionaid Rochtana in OÉ Gaillimh. Grianghrafadóir: Aengus McMahon
Aug 25 2022 Posted: 14:16 IST

Tá an tríú bliain de Scéim Iasachta na Ríomhairí Glúine do mhic léinn lánaimseartha agus páirtaimseartha fógartha ag OÉ Gaillimh.

Glacfar le hiarratais don scéim ón lá inniu go dtí Dé Sathairn, an 15 Deireadh Fómhair 2022.

Bhain corradh agus 960 mac léinn leas as Scéim Iasachta Ríomhairí Glúine OÉ Gaillimh le dhá bhliain anuas.

Is cuid de phacáiste an scéim chun tacú le mic léinn faoi mhíbhuntáiste lena staidéir trí ríomhaire glúine a chur ar fáil do mhic léinn incháilithe ar iasacht fadtéarma a fhad is a mhairfidh a dtréimhse mar mhic léinn in OÉ Gaillimh.

Seo mar a labhair Imelda Byrne, Ceann an Ionaid Rochtana in OÉ Gaillimh: “Ní beag an costas ríomhaire glúine a cheannach i gcás teaghlaigh ar ioncam íseal, agus ní féidir le mic léinn a bheith páirteach go hiomlán sa chóras oideachais dá uireasa. Is mór ag an Ollscoil luachanna na hoscailteachta agus bairr feabhais, agus tuigimid go bhfuil i gceist leis sin ní díreach rochtain ar oideachas tríú leibhéal ach an tacaíocht agus na hacmhainní atá de dhíth le go mbeidh duine in ann tabhairt faoina gcuid staidéar i gceart.

“Rinne an scéim seo éascaíocht dúinn gléas digiteach a chur ar fáil go cothrom do mhic léinn arb as teaghlaigh ar ioncam íseal iad mar aon le mic léinn arb as grúpaí iad nach mbeadh traidisiún láidir acu freastal ar oideachas tríú leibhéal, agus ar an gcaoi sin an t-ualach airgeadais atá orthu a laghdú.”

Seo mar a labhair Caroline O’Toole, mac léinn le hEolaíocht Bhithleighis in OÉ Gaillimh, a fuair a ríomhaire glúine faoin scéim: “’Aoibhinn beatha an scoláire’ a deirtear, ach bíonn dúshláin le sárú chomh maith agus ina measc siúd tá easpa airgid, agus gan a bheith in ann íoc as soláthairtí scoile. Bhí sé sin amhlaidh i mo chás. Ba mhór an faoiseamh é nuair a chuala mé faoi scéim iasachta na ríomhairí glúine, agus d’éirigh liom ríomhaire glúine a fháil ar feadh thréimhse mo chéime. Bhain sé an brú díom. Bhí cúnamh ag teastáil uaim, agus éisteadh liom.”

Déantar incháilitheacht don scéim a rangú ar bhunús riachtanais an iarratasóra. Tá mic léinn arb as teaghlaigh ar ioncam íseal iad nó na spriocghrúpaí aitheanta atá in ann a thaispeáint nach bhfuil sé d’acmhainn acu ná ag a dteaghlach a leithéid de ghléas a cheannach, i dteideal iarratas a dhéanamh faoin scéim.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin scéim, na critéir agus an próiseas iarratais, téigh chuig: www.nuigalway.ie/accesscentre/laptoploanscheme/

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories