Maoiniú Rialtais bronnta ar OÉ Gaillimh mar chuid de Chomhghuaillíocht Ollscoileanna ENLIGHT

Feb 17 2022 Posted: 05:35 GMT

Naoi n-ollscoil Eorpacha diantaighde ag obair chun deiseanna a mhéadú do mhic léinn agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha

Tá fáilte curtha ag OÉ Gaillimh roimh thacaíocht an Rialtais do Chomhghuaillíocht Ollscoileanna ENLIGHT, a mhéadóidh deiseanna do mhic léinn agus don fhoireann chun staidéar, foghlaim agus oibriú ar fud na hEorpa.

Tá maoiniú beagnach €445,000 bainte amach ag OÉ Gaillimh ón Údarás um Ard-Oideachas (ÚAO) chun an tionscnamh teagaisc, foghlama agus taighde uile-Eorpach a chur chun cinn as seo go ceann dhá bhliain go leith.

Tugann ENLIGHT an t-ardán d’ollscoileanna chun cineál nua “campais” a chruthú ina mbeidh fáil níos éasca ag mic léinn agus ag comhaltaí foirne ar staidéar, oiliúint, teagasc, taighde agus roinnt seirbhísí ar bhonn idirnáisiúnta.

Dúirt Leas-Uachtarán Idirnáisiúnta na hOllscoile, an tOllamh Becky Whay: “Is eiseamláir de chomhghuaillíocht ENLIGHT é tiomantas OÉ Gaillimh d’oscailteacht agus d’éagsúlacht inár nOllscoil, ag cruthú deiseanna do mhic léinn agus don fhoireann, agus dár réigiún cáiliúil san iarthar chomh maith.

“Cuireann ár gcomhpháirtíocht i Líonra Ollscoileanna Eorpacha muid ar thús cadhnaíochta maidir le samhlacha a dhearadh do chomhoibriú, oideachas, taighde agus fás tras-Eorpach.”

“Tá an tacaíocht mhaoinithe seo ón ÚAO ríthábhachtach dár gcumas an leas is fearr a bhaint as na buntáistí a thugann ballraíocht sa chomhghuaillíocht seo dúinn – dár mic léinn ar mian leo taisteal agus foghlaim ar fud na hEorpa agus dár bhfoireann ar mian leo dul i gcomhpháirtíocht le lucht léinn agus le seirbhísí gairmiúla.”

Neartóidh maoiniú an Rialtais rannpháirtíocht OÉ Gaillimh in ENLIGHT agus tacóidh sé le malartuithe mac léinn agus comhoibriú agus rannpháirtíocht foirne.

I gcomhghuaillíocht ENLIGHT tá – OÉ Gaillimh; Ollscoil Comenius, an Bhratasláiv (An tSlóvaic); Ollscoil Groningen (An Ísiltír); Ollscoil Bordeaux (An Fhrainc); Ollscoil Gent (An Bheilg); Ollscoil Tartu (An Eastóin); Ollscoil Gottingen (An Ghearmáin); Ollscoil Thír na mBascach (An Spáinn); Ollscoil Uppsala (An tSualainn).

Tá sé mar aidhm ag ENLIGHT an t-ardoideachas a athrú i gcomhar lena chéile, ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin shochaíocha agus ag cur caighdeán na beatha chun cinn mar aon le hinbhuanaitheacht agus rannpháirtíocht sheachtrach le pobail na n-ollscoileanna comhpháirtíochta.

Dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh agus cathaoirleach reatha Chomhghuaillíocht ENLIGHT, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá OÉ Gaillimh thar a bheith sásta le tacaíocht an Rialtais maidir lenár rannpháirtíocht i gcomhghuaillíocht ENLIGHT a neartú.

Tá na naoi n-ollscoil in ENLIGHT lonnaithe lasmuigh de phríomhchathracha rud a thugann dearcadh faoi leith dúinn ar an saol agus ar an bpobal.

Le chéile, cuirimid borradh faoi fhorbairt ar bhonn réigiúnach, oibrímid go dlúth le dul i ngleic le dúshláin shochaíocha agus breathnaímid ar uaillmhian idirnáisiúnta mar bhealach leis an tionchar réigiúnach is mó a bheith againn.  In OÉ Gaillimh, is trína bheith oscailte do na caighdeáin is airde maidir le barr feabhais agus comhoibriú a dhéanaimid an freastal is fearr – agus a léirímid an meas is fearr – ar ár réigiún. Trí thacaíocht an Rialtais do ENLIGHT tabharfar an deis dúinne agus dár mic léinn agus dár bhfoireann foghlaim le chéile, barr feabhais a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhroinnte atá ag teacht lenár luachanna mar phobal ollscoile.”

Tabharfaidh ENLIGHT ardán do OÉ Gaillimh do chomhpháirtíochtaí agus comhoibrithe chun maoiniú níos leithne a mhealladh faoin gclár Erasmus agus an clár Fís Eorpach.

Neartóidh sé chomh maith comhpháirtíochtaí straitéiseacha na naoi n-institiúid rud a spreagfaidh comhoibriú oideachais, taighde agus nuálaíochta a chuirfidh lenár n-iomaíochas idirnáisiúnta agus lenár dtionchar domhanda.

Mar chuid d’obair na comhghuaillíochta, beidh ócáid ar siúl ag OÉ Gaillimh i gcomhar le hOllscoil Uppsala sa tSualainn i mBealtaine 2022. Is é an téama ná Forbairt Uirbeach Inbhuanaithe agus tiocfaidh taighdeoirí, mic léinn agus páirtithe leasmhara réigiúnacha ó gach cearn den chomhghuaillíocht le chéile chun aghaidh a thabhairt ar chomhdhúshláin.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories