Seolann OÉ Gaillimh imeachtaí chun Lá Eitneachta Thaistealaithe na hÉireann a cheiliúradh

Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn agus Sabina Uí Uigínn in éineacht le Ellen McDonagh agus teaghlach McDonagh. Grianghraf – Aengus McMahon
Mar 01 2022 Posted: 04:39 GMT

Déanfaidh Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn an ceiliúradh seachtaine a oscailt

Tá sraith imeachtaí seolta ag OÉ Gaillimh chun Lá Eitneachta Thaistealaithe na hÉireann a cheiliúradh, amárach Dé Máirt, an 1 Márta.

Chuir Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn tús leis an gceiliúradh seachtaine le haitheasc tosaigh, ag plé cearta agus ceisteanna eile a bhíonn ag déanamh tinnis do Thaistealaithe.

Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn: “Tá lúcháir orm Ceiliúradh Lá Eitneachta na dTaistealaithe a oscailt arís i mbliana in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

“Is iontach an tsraith imeachtaí atá beartaithe don tseachtain agus molaim an lucht eagraithe as an gclár atá curtha le chéile acu.

“Is lá mór é an lá inniu chun ceiliúradh a dhéanamh ar stair shaibhir ársa Thaistealaithe na hÉireann, an t-aon mhionlach dúchasach in Éirinn. B’fhiú dúinn machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach againn mar phobal a aithníonn agus a chuireann luach ar thraidisiúin agus ar chultúr na dTaistealaithe, ach tá go leor le déanamh fós maidir le rannpháirtíocht iomlán agus comhionannas.”

Is comóradh é Lá Eitneachta Thaistealaithe na hÉireann an 1 Márta ar aitheantas oifigiúil a bheith faighte ag Taistealaithe na hÉireann ón Rialtas mar ghrúpa eitneach ar leith agus ceiliúrann sé cultúr agus oidhreacht Thaistealaithe na hÉireann idir cheol, thraidisiúin cheardaíochta agus teanga.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá meas agus oscailteacht ainmnithe ag pobal na hollscoile mar phéire dár gcroíluachanna, agus trí chomhiarracht i dtionscnaimh éagsúla, táimid ag tabhairt faoin dúshlán ár bpobal a dhéanamh níos cothroime, níos cuimsithí agus níos éagsúla mar phobal oibre agus mar phobal staidéir. Is maith an oidhe orainn é go bhfuil buanna go léir na sochaí againn anseo.

“Leanfaimid leis an obair atá ar siúl againn chun fáilte a chur roimh Thaistealaithe, tacú leo agus iad a chosaint mar chuid luachmhar de shaol na hollscoile. Tá ríméad orm go ndéanfaidh féile eitneachta na dTaistealaithe ceiliúradh ar an oscailteacht seo agus go mbeidh béim ar níos mó deiseanna ar mhaithe le tionchar dearfach agus cuimsiú.”

Is comóradh é Lá Eitneachta Thaistealaithe na hÉireann ar aitheantas oifigiúil a bheith faighte ag Taistealaithe na hÉireann ón Rialtas mar ghrúpa eitneach ar leith agus ceiliúrann an lá cultúr agus oidhreacht Thaistealaithe na hÉireann idir cheol, thraidisiúin cheardaíochta agus teanga.

Bíonn an ceiliúradh bliantúil eagraithe ag an tionscadal Mincéirs Misl'd in Education (MMIE) in OÉ Gaillimh. Baineann tionscadal MMIE le Taistealaithe na hÉireann a chumasú le dul ar aghaidh chuig an ardoideachas agus muintearas a aireachtáil ann.

Tugann Mincéirs Misl’d in Education comhpháirtithe le chéile as Ionad Rochtana OÉ Gaillimh, Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe, Involve CLG, Grúpa Tacaíochta Taistealaithe Mhaigh Eo, Grúpa Tacaíochta Taistealaithe Shligigh, Ionad Forbartha Taistealaithe agus Idirchultúrtha an Iarthair, Tusla, an tÚdarás um Ard-Oideachas agus ionadaithe mac léinn chun oibriú le chéile chun bacainní ar ardoideachas a bhaint.

Ag an seoladh chomh maith bronnadh Gradam Michael McDonagh do Shármhaitheas Lucht Tacaíochta Phobal Taistealaithe na hÉireann, a ainmníodh in ómós don Taistealaí Éireannach agus feachtasóir ar son na gceart. Ba iad na buaiteoirí ná léachtóirí OÉ Gaillimh, an Dr Deirdre Hardiman agus an Dr Helen Casey.

Bronnadh ballraíocht saoil i gCumann Mincéirs Whiden ar chéimí de chuid OÉ Gaillimh, Jason Sherlock, freisin.

I measc imeachtaí na seachtaine beidh plé painéil ar an ngá atá le Lucht Tacaíochta do Thaistealaithe na hÉireann; An Bille um Chultúr agus Stair an Lucht Siúil san Oideachas, 2018; Eispéireas Gipseach, Roma agus Taistealaithe na hÉireann ar baill den phobal LGBT+ iad laistigh dá bpobail féin; agus coiriúlú na fánaíochta ó pheirspictíocht na RA agus na hÉireann.

Cuirfidh ceardlanna agus taispeántais chultúrtha deiseanna éagsúla ar fáil freisin don fhoireann, do mhic léinn agus don phobal tuilleadh eolais a fháil faoi chultúr agus stair Thaistealaithe na hÉireann.

I measc na mbuaicphointí beidh an dráma a bhfuil duaiseanna bainte amach aige Magpies on the Pylon a scríobh Michael Collins; grianghraif ón taispeántas cáiliúil taistealaithe Crown a thaispeánann gruaig na mban; agus Taispeántas Beo Thaistealaithe na hÉireann a bhí ar an gcampas inniu taobh amuigh d’Áras na Mac Léinn agus ina raibh Vaigín Bairille athchóirithe go hiomlán.

Tá tuilleadh eolais agus naisc chun clárú do na himeachtaí le fáil ag www.nuigalway.ie/accesscentre/travellereducationofficer

Críoch

Marketing and Communications Office

Next

Featured Stories