Sparánachtaí fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe do mhúinteoirí faoi oiliúint

Ó chlé: An tOllamh Pól Ó Dochartaigh, An tUachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe; Jacqueline Ní Fhearghusa, Príomhfheidhmeannach an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta; Sinéad Ní Ghuidhir, Ceann bliana MGO; agus Seán Ó Grádaigh, Ceann an MGO Ollscoil na Gaillimhe. Grianghraf: Aengus McMahon
Nov 29 2022 Posted: 13:41 GMT

Maoinithe  ag an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, is do mhic léinn ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas na sparánachtaí seo  

Leathnú ar an scéim sparánachta don Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) fógartha ag an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta i gcomhpháirtíocht le Ollscoil na Gaillimhe. 

Bronnfar €2,000 sa bhliain ar gach mac léinn MGO, maoinithe ag an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Is clár máistreachta, dhá bhliain lánaimseartha in oideachas tosaigh múinteoirí,  trí mheán na Gaeilge atá san MGO, a ullmhaíonn múinteoirí ábhar don earnáil iarbhunscoile lán-Ghaeilge. 

Tá na sparánachtaí seo maoinithe ag an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

Dúirt an tAire Spóirt agus Gaeltachta Jack Chambers: "Fáiltím roimh an dul chun cinn suntasach seo i leith múinteoirí faoi oiliúint a thugann faoin MGO in Ollscoil na Gaillimhe. Tugann na sparánachtaí seo tuilleadh tacaíochtaí do mhúinteoirí faoi oiliúint, a chinnteoidh múinteoirí ardcháilithe don earnáil Gaeloideachais. Tagann sé seo le hobair mo Roinne féin, tacaíocht a thabhairt don teagasc trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta. Traoslaím le hOllscoil na Gaillimhe as leathnú a dhéanamh ar an scéim agus táimid ag súil leis na torthaí a fheiceáil amach anseo i scoileanna a dhéanann teagasc trí mheán na Gaeilge." 

Ag labhairt ag an seoladh dúirt Jacqueline Ní Fhearghusa (Príomhfheidhmeannach COGG) “Tá an-áthas ar an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) cur le líon na sparánachtaí don chúrsa Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) in Ollscoil na Gaillimhe i mbliana.  Tuigeann COGG an ghéarchéim a bhaineann le hearcaíocht múinteoirí sna hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, agus an brú a chuireann sin ar phríomhoidí agus ar phobail scoileanna. 

“Aithnítear go bhfuil an cúrsa MGO in Ollscoil na Gaillimhe fíorthábhachtach maidir le ceist an tsoláthair agus tá ríméad ar COGG a gcuid tacaíochta a leathnú go suntasach i ndáil leis an oiliúint ríthábhachtach atá ar bun go leanúnach ag foireann an MGO i Scoil an Oideachais, Ollscoil na Gaillimhe.”

Dúirt Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe: “Táimid go mór faoi choimín ag COGG agus cinnteoidh na sparánachtaí seo go mbeidh ar ár gcumas líon na mac léinn ar an gclár máistreachta eiseamlárach agus ceannródaíoch seo, a mhéadú, rud a chuirfidh go mór le soláthar agus caighdeán na múinteoirí don earnáil.”

Is féidir iarratas a dhéanamh ar an MGO tríd an Postgraduate Applications Centre (www.pac.ie)

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories