Scoláireachtaí le bronnadh ar mhic léinn Scéim Cónaitheachta Gaeilge Ollscoil na Gaillimhe

Sa ghrianghraf tá an seisear déag mhac léinn ar éirigh leo lóistín a fháil i dTeach na Gaeilge, i mBaile na Coiribe ar champas Ollscoil na Gaillimhe don bhliain acadúil 2022-2023 faoin Scéim Cónaitheachta Gaeilge. Ina dteannta tá Michelle Ní Chróinín, Stiúrthóir Straitéise agus Pleanála, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe, an Dr Dorothy Ní Uigín, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Caroline Ní Fhlatharta, Oifigeach Gaeilge na hOllscoile, agus Barry Ó Siochrú, Comhaltas na Mac Léinn. Grianghrafadóir: Mike Shaughnessy.
Oct 03 2022 Posted: 11:39 IST

Tá scoláireachtaí nua agus lóistín ar champas na hOllscoile bronnta ar 16 mhac léinn faoin Scéim Cónaitheachta Gaeilge.

Beidh na mic léinn ag cur fúthu i dTeach na Gaeilge, i mBaile na Coiribe don bhliain acadúil 2022-2023 agus cuirfear €1,000 an duine ar fáil dóibh chun tacú leo leis na costas lóistín don bhliain.

Cuireadh tús leis an Scéim Cónaitheachta Gaeilge den chéad uair san Ollscoil sa bhliain 1991, agus rinneadh athsheoladh ar an Scéim i mbliana ar mhaithe le lóistín a chur ar fáil do mhic léinn le Gaeilge agus chun pobal Gaeilge na hOllscoile a neartú. 

Léiríodh an-spéis inti agus mic léinn ó cheann ceann na tíre ag iarraidh an deis a thapú a bheith in ann lóistín a roinnt le cainteoirí Gaeilge eile agus iad i mbun staidéir san Ollscoil i mbliana.  

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Cliodhna Ní Mhianáin, duine de na mic léinn ar éirigh léi áit a fháil i dTeach na Gaeilge: “Is i bpobal bríomhar na Gaeilge a tógadh mé agus is ann is compordaí mé i mo chraiceann féin; mothaím go bhfuil an cairdeas, craic agus an ‘raison d'être’ céanna ag lucht na Gaeilge nach bhfuil le fáil i measc an lucht aonteangaigh. 

“Tá mé den bharúil, óir go bhfuil Ollscoil na Gaillimhe chomh lárnach sin, go mbeadh meascán iontach de Ghaeilgeoirí as gach cearn den tír ag freastal uirthi, araon le muintir Chonamara, agus go mbeadh meascán mearaí iontach de chanúintí ann. Is deis ar leith í an Scéim Cónaitheachta Gaeilge le bualadh leo uilig agus táim ag súil go mór leis an mbliain.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe:  “Léiríonn an tacaíocht seo fíorthiomantas na hOllscoile i leith chur chun cinn na Gaeilge i measc phobal léinn na hOllscoile, agus léiríonn sé go bhfuil luach agus meas againn ar an nGaeilge agus spéis againn í a neartú agus a threisiú ar fud an champais.  

“Beidh deis ag na mic léinn seo cur lena gcuid scileanna teanga agus sóisialta ag na himeachtaí Gaeilge a bheidh á reáchtáil san Ollscoil agus i gcathair na Gaillimhe, agus baineann tábhacht thar na bearta leis an sóisialú seo ó thaobh cleachtas agus iompar teanga na mac léinn.  Chomh maith leis sin léireofar do phobal na hOllscoile i gcoitinne go bhfuil an Ghaeilge lárnach i ngach uile réimse den saol in Ollscoil na Gaillimhe.”

Tá tuilleadh eolais faoin Scéim Cónaitheachta Gaeilge ar fáil ag https://www.universityofgalway.ie/gaeilge/cursai-focheime/conaitheacht/ 

Críoch 

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories