Seolann an Taoiseach clár €21.3m Uile-Oileáin de chuid Oiliúint Acadúil Chliniciúil na hÉireann in Ollscoil na Gaillimhe

Oct 14 2022 Posted: 12:44 IST

An dara céim de chlár trasteorann, arna thacú ag an mBord Taighde Sláinte, agus táthar á fhorbairt chun oiliúint chliniciúil agus taighde comhtháite a thairiscint do na dochtúirí, tréidlianna agus fiaclóirí is éirimiúla le bheith ina n-eolaithe cliniciúla den chéad scoth 

Sheol an Taoiseach Micheál Martin T.D. an dara céim den chlár trasteorann de chuid Oiliúint Acadúil Chliniciúil na hÉireann (ICAT) le hinfheistíocht €21.3 milliún chun oiliúint a chur ar 42 comhalta sa leigheas, fiaclóireacht agus tréidliacht.

Tabharfar tacaíocht do 81 comhalta san iomlán thar an dá thimthriall den chlár.

Bhronn an Bord Taighde Sláinte (HRB) an clár ICAT ar shé ollscoil chomhpháirtíochta – Ollscoil na Gaillimhe, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Ollscoil Leighis agus Eolaíochtaí Sláinte RCSI. Is ann don chlár ICAT chun tacú le cuid de na daoine is éirimiúla i gcúrsaí sláinte agus cúraim shóisialta ar oileán na hÉireann chun cur leis an gcúram sláinte atá bunaithe ar thaighde d’fhonn sláinte daoine agus ainmhithe a fheabhsú.

Seoladh an tionscnamh uile-oileáin seo mar chuid de chlár dhá lá in Ollscoil na Gaillimhe, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an gcéad Fhóram Cúraim Sláinte i gColáiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte san Ollscoil, ag scrúdú thodhchaí an oideachais sláinte, taighde agus comhoibrithe tionscail. 

Is é seo an dara céim den ICAT. Tá an clár á thionól ag Ollscoil na Gaillimhe agus tá pacáiste maoinithe €21.3 milliún i gceist leis, lena n-áirítear €11m ón HRB, chomh maith le €10 milliún ó na hollscoileanna comhpháirtíochta, Oiliúint agus Pleanáil Dochtúirí Náisiúnta FSS, an Rannán Forbartha agus Taighde Sláinte agus Cúraim Shóisialta (TÉ), Coláiste Ainéistéiseolaithe na hÉireann, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus Gníomhaireacht Oiliúna Leighis agus Fiaclóireachta Thuaisceart Éireann (TÉ).

Cuireadh tús le Céim 1 den ICAT in 2016 agus ba é Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a rinne an clár a thionól le pacáiste maoinithe €17 milliún ar an iomlán.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Taoiseach Micheál Martin: “Tá ár Rialtas an-tiomanta don taighde agus don nuálaíocht agus dá ról i dtodhchaí an chúraim sláinte. Cabhróidh infheistíocht chomh mór seo agus an dearcadh straitéiseach seo le hÉirinn a bheith áirithe i measc na n-áiteanna ina dtugtar an deis do thaighdeoirí agus do nuálaithe den chéad scoth a ndícheall a dhéanamh chun athrú buanseasmhach agus éifeachtach a bhaint amach a théann i ngleic le dúshláin ár linne.

“Is deis atá sa Chlár ICAT do roinnt de na daoine is éirimiúla i gcúram sláinte agus tá lúcháir orm an dul chun cinn a fheiceáil sa dara céim den chlár iontach seo.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhthaighdeoir an Chláir ICAT, an tOllamh Conall Dennedy, Ollamh Comhlach le Teiripic in Ollscoil na Gaillimhe: “Is deis atá sa dara céim seo de chlár Oiliúna Acadúla Cliniciúla na hÉireann do 42 comhalta ar fud réimse an leighis, na fiaclóireachta agus na tréidliachta a bheith ina dtaighdeoirí den chéad scoth i gcomhthráth lena n-oiliúint chliniciúil, laistigh de thimpeallacht líonraithe agus chomhoibríoch.

“Is í fís an chláir sláinte daoine in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann a fheabhsú, chomh maith le leas ainmhithe, ag glacadh le prionsabail One Health. Tá an infheistíocht mhór seo ón HRB, sé ollscoil chomhpháirtíochta agus comhlaigh ríthábhachtach chun sláinte ár náisiún a chosaint don todhchaí.”

Dúirt an Dr Mairéad O’Driscoll, príomhfheidhmeannach an Bhoird Taighde Sláinte: “Tá an HRB dírithe ar thacaíocht a chur ar fáil d’éiceachóras taighde bisiúil a fheabhsaíonn seirbhísí cúraim sláinte agus shóisialta in Éirinn agus a dhéanann difríocht mhór do shaol na ndaoine.

“Léiríonn an clár ICAT é seo, agus tá áthas orainn an chéad bhabhta maoinithe den chlár a leathnú amach go céim a dó a áiríonn anois fiaclóirí agus tréidlianna mar aon le dochtúirí agus lucht leighis.

“Meallfaidh an clár ildisciplíneach, comhoibríoch, uile-Éireann seo glúin nua taighdeoirí den chéad scoth i sláinte chliniciúil, a chuirfidh an taighde agus an fhianaise chomhtháthaithe chun cinn i bpolasaí agus i gcleachtas, agus a fheabhsóidh cinnteoireacht agus torthaí sláinte.”

Tacaíonn ICAT le comhaltaí rannpháirteacha taighde fíor-nua a dhéanamh trí leas a bhaint as líon mór stiúrthóirí a bhfuil taithí acu, ag éascú soghluaisteacht shimplí de chomhaltaí ICAT idir Thuaisceart Éireann agus Éire. Is léir go n-éiríonn leis an gcur chuige seo mar is léir ó iar-chomhaltaí agus comhaltaí reatha an ICAT.

Is céimí ICAT é an Dr David Mongan ó Ollscoil an Leighis agus na nEolaíochtaí Sláinte RCSI agus Cláraitheoir Speisialtachta le Síciatracht. Tá suim aige in idirghabhálacha nua a aimsiú a d’fhéadfadh síocóis agus riochtaí meabhairshláinte eile a chosc.

Dúirt an Dr Mongan: “Nuair a thosaigh mé ar an gclár ICAT chaith mé mo chéad bhliain in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste ag forbairt mo thionscadal PhD, sular bhog mé go dtí an RCSI i mBaile Átha Cliath le tabhairt faoi PhD 3 bliana. Dhírigh mo PhD ar mharcóirí a aimsiú ar féidir leo cuidiú leo siúd atá i mbaol riocht síocóise a thabhairt faoi deara. Thug ICAT an deis agus an tsoghluaisteacht dom mo chuid spéiseanna taighde a shainiú agus líonra taighdeoirí a bhfuil taithí acu a fhorbairt ar fud oileán na hÉireann, a raibh ról tábhachtach ag gach duine acu san oiliúint agus sa mheantóireacht chomhaltachta a fuair mé. Tá mo chomhaltacht críochnaithe agam anois agus críochnóidh mé m’oiliúint chliniciúil agus leanfaidh mé leis an taighde atá ar bun agam mar Léachtóir Acadúil Cliniciúil in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.”

Is Sainoiliúnaí í an Dr Claire Potter le Síciatracht Ghinearálta Aosach agus Seanaoise. Rinne sí a cuid taighde ar fud TÉ agus Éireann a chomhtháthú ag úsáid dhá bhunachar sonraí taighde mhóra a dhíríonn ar an daonra atá ag dul in aois, is iad sin bunachar sonraí TILDA agus NICOLA. Le linn a PhD san Ionad Sláinte Poiblí in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, déanann an Dr Potter staidéar ar conas is féidir le heispéiris ar bhain strus leo le linn a n-óige ‘aois’ a chur ar dhaoine aonair níos tapa.

Mar chuid dá PhD, tá taighde ar bun ag Claire maidir le leanaí a raibh eispéiris go leor acu ar bhain strus leo agus iad ag fás aníos le linn na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann agus iad ag déanamh níos measa nó mar a chéile i dtrialacha cuimhne agus iad níos sine. Bronnadh dámhachtain Fulbright ar an Dr Potter freisin le linn a comhaltachta ICAT agus leanfaidh sí lena taighde in Ollscoil Michigan ag breathnú ar bhunachar sonraí le daonra éagsúil.

Tá an Dr Stephanie Bollard ina Comhalta ICAT i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus ina Cláraitheoir Speisialtachta le Máinliacht Phlaisteach, Athchruthaitheach agus Aeistéitiúil. Léirigh sí a cuid taighde ag seoladh Chéim 2 den ICAT in Ollscoil na Gaillimhe.

Dúirt an Dr Bollard: “Tá suim ar leith agam i meileanóma, ar foirm an-ionsaitheach d’ailse chraicinn é. Tá sé an-deacair a thuar conas a mbeidh an ailse ag dul chun cinn i ngach othar. Tá mo PhD dírithe ar thorthaí a fheabhsú d’othair a bhfuil meileanóma orthu trína gcúram a chur in oiriúint dóibh féin. Tá meileanóma coitianta freisin i madraí agus baineann mo staidéar leis an gcur chuige ar leith maidir le sláinte madraí agus daoine araon le meileanóma a fheabhsú trí mo chuid scileanna i leigheas daonna a chomhcheangal le scileanna tréidlianna agus eolaithe ginearálta.”

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories