Ollscoil na Gaillimhe seolta go foirmiúil ag an Aire Harris

Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh; Máire Geoghegan-Quinn, Cathaoirleach Údarás Ollscoil na Gaillimhe; agus an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris T.D.
Sep 01 2022 Posted: 15:18 IST

Sheol an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris TD, Ollscoil na Gaillimhe go hoifigiúil inniu. 

Léiríonn athainmniú na hOllscoile ré nua ina stair a théann siar chomh fada le 1845, agus tá sé mar thoradh ar an gceadú a thug Údarás na hOllscoile don athrú i mí Aibreáin. 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Harris ag an ócáid seolta ar an gcampas: "Tá áthas orm a bheith anseo inniu chun an lá tábhachtach don ollscoil a cheiliúradh libh. Inniu táthar ag athbhrandáil na hOllscoile go hOllscoil na Gaillimhe - University of Galway, a thugann tuiscint an-soiléir ar áit agus ar fhéiniúlacht na hinstitiúide iontaí seo.

"Tá cáil ar Ghaillimh mar áit tionscail agus chruthaitheachta, mar áit phobail agus díospóireachta agus tá an cháil chéanna seo ar an ollscoil chomh maith.

"Creidim go mbaineann an t-athbhrandáil seo le stair chomhroinnte na cathrach agus na hinstitiúide ach baineann sé freisin leis an todhchaí chun cuidiú le próifíl na hollscoile a chur chun cinn níos mó thar lear."

Bhí an méid seo le rá ag Máire Geoghegan-Quinn, Cathaoirleach Údarás Ollscoil na Gaillimhe: “Is mór an onóir dom a bheith i mo chathaoirleach ar Údarás na hOllscoile le linn don Ollscoil céim thábhachtach a ghlacadh ina stair fhada. Tá an-áthas orm an t-ainm nua a fheiceáil a thugann ómós don áit ina bhfuil sí suite agus tá ríméad orm go bhfuil an t-ainm nua seo anois tugtha ar an gcampas agus in úsáid sa chéad chaibidil eile dár bpobal mac léinn, scoláirí agus foirne.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá mionbhreithniú déanta againn ar an gcinneadh tabhairt faoin ré nua seo i scéal na hollscoile. Is minic a thagair mé, agus mé i mbun comhráite le bliain anuas, go bhfuil ceangal thar a bheith láidir againn leis an áit ina bhfuilimid lonnaithe. Creidimid go láidir inár n-ainm nua. Tugann sé léiriú ar cé muid féin, ar ár bhféiniúlacht agus ar an ról atá againn in Éirinn agus sa domhan trí chéile. 

“Cuireann ár n-ainm agus branda nua lenár luachanna – Meas, Oscailteacht, Inbhuanaitheacht, Barr Feabhais. Cuimsíonn sé an chaoi a bhfuilimid ag fás le chéile, ag tógáil ar ár dtraidisiúin láidre chun ullmhú don todhchaí le chéile, ar mhaithe leis an bpobal.”

Bhí an méid seo le rá ag an Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh: “Nuair a chuamar i gcomhairle go forleathan faoin athrú ainm, tháinig dhá rud chun cinn a bhí go hiomlán soiléir. Ar an gcéad dul síos, go bhfuilimid bródúil as ár nádúr dátheangach, agus ar an dara dul síos gur ollscoil idirnáisiúnta muid lonnaithe i nGaillimh agus in Iarthar na hÉireann. Is ráiteas chomh soiléir agus chomh simplí agus is féidir linn a dhéanamh é ár n-ainm nua ar an bhféiniúlacht sin.”

Ollscoil na Gaillimhe – University of Galway 

Cruthaíodh lógó nua don ainm nua. Tá leagan Gaeilge agus Béarla den ainm nua le feiceáil ar an lógó: Ollscoil na Gaillimhe – University of Galway. 

Agus muid ag tagairt dár n-ainm nua, is Ollscoil na Gaillimhe a bheidh in úsáid againn agus muid i mbun cumarsáide i nGaeilge agus University of Galway i gcás gach cumarsáide eile. 

Mar aon lenár bhféiniúlacht dhátheangach, cuimsíonn dearadh an lógó roinnt gnéithe nua-aimseartha agus traidisiúnta ar gnéithe tábhachtacha iad dár n-éiteas, lena n-áirítear an Chearnóg, an chuid is sine den champas agus ar siombail í dár n-oidhreacht; 1845, an bhliain a bunaíodh an Ollscoil; agus dath bríomhar an bhranda nua a chuimsíonn an dath marún, dath a shamhlaítear le Gaillimh. 

Críoch

Marketing and Communications Office

Previous

Featured Stories