Scoláireacht innealtóireachta nua á seoladh ag Ollscoil na Gaillimhe

Ó chlé, Mary Dempsey, an Leas-Déan Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe i gColáiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta, Ollscoil na Gaillimhe; An Dr Paul Dodd, Leas-Uachtarán Rann Pháirtíochta, Ollscoil na Gaillimhe; Michael O’Donnell, Stiúrthóir Bainistíochta, Fort Wayne Metals Ireland; Declan Bourke, Fort Wayne Metals Ireland; agus Shauna Crossan, Bainisteoir Forbartha Straitéise, Fort Wayne Metals Ireland.
Feb 07 2023 Posted: 14:42 GMT

Fort Wayne Metals chun tacú le mic léinn tabhairt faoi staidéar agus intéirneachtaí thar lear 

Tá comhpháirtíocht nua fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe le Fort Wayne Metals, déantóir ceannródaíoch sreinge agus comhpháirteanna de ghrád leighis, chun scoláireachtaí agus sparánachtaí a chur ar fáil do mhic léinn innealtóireachta.

Beidh an chomhpháirtíocht cúig bliana oscailte do mhic léinn ardfheabhais san Innealtóireacht Mheicniúil, agus beidh deiseanna intéirneachta ar fáil freisin do mhic léinn bhaineanna thar barr.

Agus é ag cur fáilte roimh an gcomhpháirtíocht, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Is focal Gaeilge é Meitheal a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar an tsean-nós a bhíodh ann nuair a thiocfadh daoine le chéile ag roinnt a gcuid scileanna agus acmhainní chun an fómhar a bhaint. Ag obair go dlúth lenár gcomhpháirtithe tionscail, táimid muiníneach as ár gcumas Meitheal a spreagadh agus a threorú chun leas ár réigiúin, na tíre agus an domhain. Tá lúcháir orm go bhfuil cur chuige na Meithle le sonrú san Innealtóireacht in Ollscoil na Gaillimhe, agus é á thiomáint ag dlúth-chomhoibriú eadrainn féin agus an tionscal chun fadhbanna comhroinnte a réiteach, agus torthaí a fheabhsú agus gabhaim buíochas lenár gcomhghleacaithe go léir a chuidíonn ina leith.”

Éascóidh Scoláireacht Fort Wayne Metals taisteal do bheirt mhac léinn den scoth san Innealtóireacht Mheicniúil chun staidéar a dhéanamh in Ollscoil Purdue (Lúnasa go Bealtaine gach bliain), agus intéirneacht a dhéanamh le Fort Wayne Metals Ireland (Bealtaine go Meán Fómhair gach bliain).

Anuas air sin, tabharfaidh Sparánacht Fort Wayne Metals aitheantas agus luach saothair d’acmhainneacht na mac léinn baineann thar barr trí dhámhachtain bhliantúil a bhronnadh ar mhac léinn amháin a roghnaítear chun a hintéirneacht a dhéanamh in Fort Wayne Metals Ireland.

Beidh Scoláireacht Fort Wayne Metals oscailte do gach mac léinn sa tríú bliain atá i mbun na hInnealtóireachta Meicniúla. Beidh Sparánacht Fort Wayne Metals ar oscailt do gach mac léinn baineann sa tríú bliain atá i mbun na hInnealtóireachta Meicniúla don bhliain acadúil 2022/23.

Dúirt Michael O'Donnell, Stiúrthóir Bainistíochta, Fort Wayne Metals Ireland: “Tá áthas ar Fort Wayne Metals dul i gcomhpháirtíocht le hOllscoil na Gaillimhe ar na cláir scoláireachtaí agus sparánachtaí seo do mhic léinn innealtóireachta. Tá forbairt Innealtóirí cumasacha ríthábhachtach do rathúlacht ár dTionscail agus táimid bródúil as bheith in ann comhoibriú le hOllscoil na Gaillimhe chun an maoiniú seo a chur ar fáil.”

Dúirt Shauna Crossan, an Bainisteoir Forbartha Straitéise: “Tá caidreamh rathúil bunaithe ag Fort Wayne Metals le hOllscoil Purdue le blianta fada anuas, agus tá ár gCeanncheathrú lonnaithe in Indiana. Is iontach an rud é go mbeidh Fort Wayne Metals Ireland mar chuid den chomhlachas seo amach anseo, chun maoiniú agus taithí thionsclaíoch a sholáthar d’innealtóirí cumasacha.”

Dúirt Mary Dempsey, an Leas-Déan Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe i gColáiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta: “Agus sinn ag obair i gcomhar lenár gcomhpháirtithe tionscail, táimid in ann na mic léinn is fearr agus is éirimiúla a mhealladh agus tacú leo ina gcuid foghlama le bheith ina saoránaigh dhomhanda in éiceachóras innealtóireachta. Cuireann an tsoghluaisteacht agus na socrúcháin timpeallacht fhiúntach ar fáil a thacaíonn le héagsúlacht, nuálaíocht agus barr feabhais. Cuirfidh sé dlús freisin le cumas ceannaireachta agus fiosrachta domhanda ár gcuid mac léinn fochéime.”

Críoch 

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories