Gradaim Aitheantais Gaeilge bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe ar scoláirí an Teastais Shóisearaigh

Daltaí ó Méánscoil Naomh Íosaef, Caisleán an Bharraigh, Co Maigh Eo Emily Breathnach, Kayla Redmond, Lauren Moran and Ishran Mannan, lean múinteoir, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe, agus an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe
Mar 16 2023 Posted: 10:45 GMT

Tá Gradaim Aitheantais bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe ar scoláirí ar éirigh leo pas le gradam, idir 90% agus 100%, a bhaint amach i scrúduithe ardleibhéil Gaeilge an Teastais Shóisearaigh. 

D’fhreastail breis agus 100 scoláire as Co. Dhún na nGall, Co. an Chláir, Co. Mhaigh Eo, Co. Liatroma, Co. Shligigh, Co. Ros Comáin agus Co. na Gaillimhe ar ócáid speisialta a reáchtáladh i Halla Bailey Allen ar champas na hOllscoile chun ceiliúradh a dhéanamh ar na héachtaí a bhain na scoláirí meánscoile seo amach.  

Áirítear na scoláirí seo i measc an 2.6% de scoláirí na tíre ar éirigh leo pas le gradam a bhaint amach sa pháipéar ardleibhéil T2 Gaeilge go náisiúnta, nó an 3.6% de na scoláirí a bhain pas le gradam amach sa pháipéar ardleibhéil T1 Gaeilge sa Teastas Sóisearach in 2022.

Chuir Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh fáilte chroíúil roimh na scoláirí agus a dteaghlaigh, agus rinne sé comhghairdeas leis na príomhoidí agus leis na múinteoirí a bhí i láthair ón 36 scoil ar a bhfuil na scoláirí ag freastal freisin, agus é ag tabhairt aitheantais dóibhsean as an dea-obair atá ar bun acu féin sna scoileanna. “Tá mé chomh sásta go bhfuil ar ár gcumas ómós a thaispeáint don chéad ghlúin eile Gaeilgeoirí, i bhfianaise go bhfuil an Ghaeilge chomh tábhachtach dúinn ar fad anseo san Ollscoil agus go bhfuil an Ghaeilge chomh lárnach inár bhféiniúlacht.”

Bhí an méid seo le rá ag an t-Ollamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe agus é ag tréaslú leis na scoláirí: “Ba cheart go mbeadh sibhse an-bhródúil asaibh féin.  Is léir gur scoláirí eisceachtúla sibh, a bhfuil sárchumas sa Ghaeilge agaibh, agus is údar misnigh dúinne é go bhfuil bhur leithéid ann, agus go bhfuil todhchaí na Gaeilge slán.”

Aithnítear an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go mbeidh pobail bhisiúla Ghaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht i gcéad straitéis Ghaeilge na hOllscoile, Straitéis na Gaeilge 2021-2025, a seoladh i mí Iúil 2021.  Tugadh aitheantas do na pobail sin ag an ócáid cheiliúrtha seo agus an Ollscoil ag déanamh cúraim don ról a chuir sí roimpi sa Straitéis, ó thaobh ceannasaíocht a thabhairt don ardoideachas i nGaeilge agus meas a léiriú ar lucht labhartha na Gaeilge.

Críoch 

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories