Déantar cíoradh ar Chluichí Gaelacha sa scannánaíocht i mionsraith nua

An Chearnóg, Ollscoil na Gaillimhe
Aug 26 2025 Posted: 15:21 IST

Tá mionsraith cheannródaíoch le craoladh ar TG4 ina ndéanfar cíoradh ar chluichí Gaelacha ar an scáileán mór ó thús an fichiú haois.

Clár a bhfuil dhá chuid ann is ea Iománaíocht Hollywood: Cluichí Gaelacha ar Scannán / Hollywood Hurling: Gaelic Games on Film ina dtugtar léargas uathúil ar an gcaoi ar cuireadh Éire, muintir na hÉireann agus ár spóirt náisiúnta i láthair ar an scáileán mór agus san áireamh leis sin tá scannáin a rinneadh i stiúideonna móra Hollywood chomh maith le scannáin a rinne stiúrthóirí mar John Ford, an Meiriceánach de bhunadh na hÉireann, a bhain gradam Oscar amach. 

Is é an comhlacht léiriúcháin LMDÓC a rinne an clár do TG4, le maoiniú ó Choimisiún na Meán, agus tá sé bunaithe ar an leabhar clúiteach Gaelic Games on Film: From silent films to Hollywood hurling, horror and the emergence of Irish cinema (Cork University Press, 2019) leis an acadóir Seán Crosson de chuid Ollscoil na Gaillimhe, arb é a scríobh an script don tsraith freisin, agus a bhí ina léiritheoir comhlach.

Déanann an clár rianú freisin ar an ról lárnach a bhí ag cluichí Gaelacha i dteacht in inmhe cultúr dúchasach scannánaíochta in Éirinn sa dara leath den fhichiú haois.

Tá céad chlár na sraithe le craoladh ar an 4 Meán Fómhair ag 9.30pm (agus le hathchraoladh ar an 5 agus an 7 Meán Fómhair) agus tá an dara clár le craoladh ar an 11 Meán Fómhair ag 9.30pm (agus le hathchraoladh ar an 12 agus an 14 Meán Fómhair).

Bhí an méid seo le rá ag an Dr Seán Crosson: “Pribhléid a bhí ann oibriú ar an tsraith seo leis an stiúrthóir Mac Dara Ó Curraidhín agus le TG4, agus leagan físiúil a dhéanamh den taighde atá ar siúl agam le beagnach 20 bliain anois ar an sciar den chartlann uathúil atá tagtha slán. Tugann na cláir seo (agus iad siúd ar fad a bhí rannpháirteach) léargas uathúil dúinn ní hamháin ar léiriú agus ar fhorbairt cluichí Gaelacha, ach ar shochaí agus ar chultúr na hÉireann i dtéarmaí níos leithne. Athimirt cluiche ceannais sinsir peile na hÉireann in 1914 idir Loch Garman agus Ciarraí an píosa scannáin is sine atá tagtha slán.”

Dúirt léiritheoir na sraithe Mac Dara Ó Curraidhín: “Ba mhór an onóir é dul i gcomhar le Seán Crosson agus leis an bhfoireann agus criú léiriúcháin iontach chun sraith teilifíse a dhéanamh as an ábhar dúshlánach seo. Abraím é sin mar dhuine a bhí ina pheileadóir leathréasúnta, ach gan na scileanna céanna a bheith agam don iomáint ná don liathróid láimhe, agus a bhfuil luí agam le hábhair cartlainne, go háirithe físeáin agus grianghraif. Is fiú a lua go raibh ábhar cartlainne de chineál éigin i mbeagnach gach ceann de na cláir atá déanta againn le 31 bliain anuas.”

Tá píosaí scannáin cartlainne iontacha ó thús an fichiú haois sa tsraith ina dtugtar spléachadh ar chluichí Gaelacha agus ar shochaí na hÉireann.

Labhraíonn daoine mór le rá i réimse an chultúir agus na hacadúlachta sna cláir chomh maith, agus áirítear leo sin an tOllamh Paul Rouse, an tOllamh Mike Cronin, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, an tOllamh Dermot Keogh, an Dr Ciara Chambers, na déantóirí scannán Fergus Tighe agus Bob Quinn, an cineamatagrafaí Nick O'Neill, agus imreoir clúiteach Chumann Lúthchleas Gael Bhaile Átha Cliath Jimmy Gray, a bhfuil an tsraith tiomnaithe dó.

Tá leagan faoi chlúdach bog den leabhar ar ar bunaíodh an tsraith Gaelic Games on Film: From silent films to Hollywood hurling, horror and the emergence of Irish cinema (Cork University Press, 2025) díreach foilsithe i gcomhthráth leis an gcraoladh seo, agus tá fáil air i siopaí leabhar maithe agus ar líne ar https://www.corkuniversitypress.com/9781782050186/gaelic-games-on-film/

Críoch

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid

Next

Featured Stories