Na chéad trialacha ar domhan do leigheas nua ar phian ainsealach á gcur i gcrích in Éirinn

Ó chlé: Aideen O'Doherty, Ollscoil na Gaillimhe, Liam Farrissey, CrannMed, Aoife Ní Mhuirí, , Salaso, An tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Peter Burke T.D., agus Dawn McGlade, Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn.
Dec 08 2025 Posted: 16:23 GMT

Fuair Cuibhreannas CrannMed Ltd., Salaso Health Solutions Ltd., Ollscoil na Gaillimhe agus Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn maoiniú €6.5m tríd an gCiste Nuálaíochta Teicneolaíochtaí Suaiteacha

 

Tá cuibhreannas de chomhlachtaí teicneolaíochta leighis, cúraim sláinte digití agus taighdeoirí ollscoile ag seoladh sraith trialacha cliniciúla den chéad uair ar domhan, dírithe ar fhaoiseamh fadtéarmach a thabhairt do dhaoine atá ag fulaingt le pian ainsealach mhatánchnámharlaigh.

Bronnadh infheistíocht rialtais €6.5 milliún ar an gcomhpháirtíocht idir CrannMed, Salaso Health Solutions, an Institiúid do Thrialacha Cliniciúla in Ollscoil na Gaillimhe agus Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn.

Tá an maoiniú, arna fhógairt ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Peter Burke T.D., mar chuid den tráinse is déanaí de dhámhachtainí ó Chiste Nuálaíochta Teicneolaíochtaí Suaiteacha.

Tá an tsraith trialacha cliniciúla á comhordú ag an Institiúid do Thrialacha Cliniciúla in Ollscoil na Gaillimhe agus ag Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn.

Comhcheanglaíonn clár na dtrialacha dhá theicneolaíocht chomhlántacha chun torthaí a fheabhsú do dhaoine atá ag fulaingt le pian ainsealach mhatánchnámharlaigh. Beidh deis ag othair teacht ar chóireáil cheannródaíoch do phian atá forbartha ag CrannMed agus ar chlár téarnaimh atá forbartha ag Salaso le tacaíocht ó speisialtóirí cliniciúla.

Sa chéad triail, gheobhaidh othar instealladh a choisceann sreabhadh fola chuig suíomh na péine, rud a laghdóidh athlasadh agus néarchinn fhánacha, atá mar phríomhchúis leis an bpian.

Tar éis na cóireála tosaigh, déanfaidh an dara triail measúnú ar théarnamh an othair agus tacaíocht á fáil acu ó sheirbhís dhigiteach féinbhainistíochta bunaithe ar an Intleacht Shaorga. Bíonn ar othair, a bhfuil pian ainsealach orthu, tabhairt faoi phróiseas téarnaimh struchtúrtha le neart a fhorbairt agus le hathléimneacht fíochán matánchnámharlaigh a fheabhsú.

Ina theannta sin, cuirfidh na trialacha ar chumas eolaithe agus taighdeoirí sna hionaid chliniciúla teicnící nua íomháithe, dearaí trialacha cliste agus modheolaíochtaí tomhais

péine a fhorbairt a bheidh de dhíth chun an réiteach seo a dhéanamh caighdeánach laistigh de chórais cúraim sláinte.

            Dúirt Liam Farrissey, Príomhfheidhmeannach CrannMed: “Is mór an sásamh dúinn a bheith in ann cuibhreannas ar chaighdeán chomh hard a chur le chéile anseo in Éirinn. Cuimsítear leis an gcuibhreannas réimse leathan scileanna – taighde agus forbairt na gcoincheap, déantúsaíocht, bailíochtú cliniciúil agus tacaíocht na hintleachta saorga d’fhéinbhainistíocht othar; agus tá an saineolas ar fad ag teacht ó fhoirne den scoth atá ag feidhmiú sa tír. Buntáiste iontach amháin a bhaineann leis seo is ea go mbeimid in ann ár gcóireáil a chur ar fáil d’othair Éireannacha i bhfad níos luaithe ná mar ab fhéidir murach sin. Má éiríonn linn, d’fhéadfadh sé bealach nua a leagan amach chun cóireáil a chur ar othair a bhfuil pian ainsealach orthu.”

            Dúirt Aoife Ní Mhuirí, Salaso: “Tríd an intleacht shaorga a úsáid chun rannpháirtíocht a mhéadú le cláir féinbhainistíochta atá leagtha amach go cliniciúil, beidh torthaí níos fearr ag othair agus laghdófar an méid ama a bheidh ar dhochtúirí nó ar theiripeoirí maoirseacht a dhéanamh ar chúram iarghnáthaimh. Is féidir an cóireáil agus an téarnamh a dhéanamh níos gaire do bhaile, rud a shábhálann am agus airgead ar othair agus ar an gcóras sláinte. Tá an cur chuige níos inbhuanaithe, níos inrochtana d’othair, agus tá an cumas aige caighdeán domhanda nua a leagan amach maidir le bainistíocht péine.”

            Dúirt an tOllamh Fidelma Dunne, Stiúrthóir na hInstitiúide do Thrialacha Cliniciúla in Ollscoil na Gaillimhe: “Tá sé i gceist ag an tionscadal seo réabhlóid a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear cóireáil ar phian ainsealach sna hailt agus sna matáin. Cuirfidh an chóireáil nuálach agus an triail chliniciúil ar chumas othar faoiseamh éifeachtach, fadtéarmach a fháil ó phian ainsealach agus ní bheidh gá le máinliacht ná le drugaí andúile. Is sampla den chomhoibriú is fearr idir an earnáil acadúil agus tionsclaíochta é an tionscadal seo agus tá ríméad ar an Institiúid do Thrialacha Cliniciúla tacú leis na comhpháirtíochtaí seo trí shaineolas trialach cliniciúil a chur ar fáil.”

            Dúirt an tOllamh Fergal O’Brien, Leas-Seansailéir Taighde agus Nuálaíochta in RCSI: “Tá bród ar RCSI tacú le teicneolaíocht leighis nuálach Éireannach leis na chéad trialacha cliniciúla ar dhaoine anseo in Éirinn. Léiríonn an chomhpháirtíocht seo go bhfáiltítear anseo in Éirinn roimh chomhoibriú i réimse an taighde chliniciúil, agus tá RCSI tiomanta do bheith ag obair le comhlachtaí Éireannacha chun réitigh shláinte nua a sholáthar d’othair.”

Dúirt an cuibhreannas go bhfuiltear ag súil go mbeidh na buntáistí a eascraíonn as an gcóireáil agus as na teicneolaíochtaí atá á dtriail deich n-uaire ar a laghad níos fearr ná instealltaí stéaróideacha, atá mar chaighdeán reatha cúraim i gcásanna péine ainsealaí matánchnámharlaigh.

Rinneadh an infheistíocht €6.5m faoi Ghairm 7 den Chiste Nuálaíochtaí Teicneolaíochtaí Suaiteacha (DTIF).

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories