Binse nua in ómós don fhile Caitlín Maude ar champas Ollscoil na Gaillimhe

Thug Fiadh agus Caomhán Ó Luain, gariníon agus mac Chaitlín Maude, cuairt ar champas Ollscoil na Gaillimhe le binse nua a thiomnú go hoifigiúil don fhile, nach maireann. Creidiúint: Aengus McMahon
Jul 28 2025 Posted: 11:40 IST

Tá a dán ‘Na Blátha’ curtha le Conair Filíochta na Gaillimhe

Tá binse nua curtha ar champas Ollscoil na Gaillimhe in ómós don fhile Gaeilge agus céimí ollscoile, Caitlín Maude, nach maireann.

Ag an ócáid tiomnaithe, bhí mac an fhile, Caomhán Ó Luain, agus a iníon Fiadh.

Baill de Bhothán na bhFear, Cluain Cearbán i gCo Mhaigh Eo a rinne an binse a dhearadh i gcruth leabhair agus a thóg é le snáithínghloine. Fuarthas tacaíocht ó Oifig na bhFoirgneamh agus Eastát san Ollscoil. Tá an dán Gaeilge ‘Na Blátha’ le Caitlín Maude le léamh ar an mbinse, chomh maith le h-aistriúchán Béarla leis an scríbhneoir clúiteach, Nuala Ní Chonchúr.

Tá an binse suite i nGairdín Mháirín de Valéra ar an taobh ó thuaidh de Chearnóg na hOllscoile agus tá sé curtha anois ar Chonair Filíochta na Gaillimhe. Is é an ceathrú suíomh ollscoile ar an gconair timpeall na cathrach, agus tá dánta le Terry McDonagh, Louis de Paor agus Micheál D. Ó hUigínn le léamh in áiteanna eile ar an gcampas.

            Dar le Tom Kenny, comhbhunaitheoir Chonair Filíochta na Gaillimhe: “Tá thart ar 30 dán againn anois ar Chonair Filíochta na Gaillimhe atá suite ar fud na cathrach. Is iontach deas an dán le Caitlín Maude a fheiceáil ar champas na hollscoile agus tá mé cinnte go léifidh na mílte daoine amach anseo é.”

            Dar leis an Ollamh Rióna Ní Fhrighil, Ceann Disciplín na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe: “Bhí Caitlín Maude fréamhaithe sa dúchas, ach scríobh sí ina glór féin faoi anáil litríochta na hEorpa. Labhair sí amach faoi fhadhbanna sóisialta a linne rud a théann i bhfeidhm ar scoláirí an lae inniu. Bean láidir Ghaeltachta a bhí inti a thug misneach do na filí a tháinig ina diaidh agus spreagann a cuid dánta filí óga na Gaeilge fós sa lá atá inniu ann.”

Críoch

Oifig Margaíochta & Cumarsáide

PreviousNext

Featured Stories