Gradam barrfeabhais acadúil CLS bronnta ar mhac léinn ó Ollscoil na Gaillimhe

Tuesday, 24 June 2025

Ollscoil na Gaillimhe
Mac léinn ó Ollscoil na Gaillimhe, Seán Casey, lena athair John Casey agus a chuid deirfiúracha Molly agus Martha. Creidiúint: Seán Lydon.

Gradam CLS le bronnadh ar mhac léinn as Gaillimh ar chosán nua Bith-theicneolaíochta le Gaeilge

Bronnadh Ghradam CLS um Barrfheabhas Acadúil ar chosán nua teanga (an Ghaeilge) ar an BSc sa Bhith-theicneolaíocht ar Sheán Casey.

Bhain Seán, ar as Carna, Co. na Gaillimhe dó, céad onóracha amach i scrúduithe na chéad  bhliana agus aithníodh é as a chuid torthaí i réimse leathan ábhar – an bhitheolaíocht, scileanna bith-theicneolaíochta, an cheimic, eolaíocht sonraí, infhostaitheacht do bhith-theicneolaithe agus an Ghaeilge don Bhith-theicneolaíocht.

Complete Laboratory Solutions (CLS), ar bunaíodh i Ros Muc é, agus a thacaíonn le húsáid na Gaeilge san oideachas eolaíochta, a rinne urraíocht ar an ngradam.

Is croí-chúrsa é an BSc sa Bhith-theicneolaíocht sna heolaíochta bitheacha in Ollscoil na Gaillimhe le tríocha bliain anuas, agus sruthanna seanbhunaithe ann le Fraincis agus le Gearmáinis. In 2024, cuireadh tús le cosán Gaeilge mar fhreagairt ar éileamh méadaithe, le hailíniú le tiomantas straitéiseach na hOllscoile tacú leis an nGaeilge san Oideachas ETIM, le cur le deiseanna fostaíochta i gcomhlachtaí eolaíochta bithí agus le tacú le polasaithe rialtais a dhíríonn ar chur le líon na bhfostaithe san earnáil phoiblí a bhfuil líofacht Gaeilge acu.

            Dúirt Seán faoi duais: “Mar chainteoir dúchais Gaeilge, bhí sé tábhachtach dom a bheith in ann an Ghaeilge a úsáid ar mo chúrsa Bith-theicneolaíochta. Tá an-áthas agus bród orm an gradam seo a fháil. Tá sé iontach tuilleadh deiseanna do mhic léinn an Ghaeilge a úsáid san eolaíocht a fheiceáil.  Gabhaim buíochas le mo chuid léachtóirí ar fad, mo léachtóir Gaeilge, Caroline Ní Nia go háirithe, a rinne na seisiúin Ghaeilge spraíúil agus tarraingteach. Buíochas freisin le CLS as an duais, agus as tacaíocht a thabhairt don chosán teanga nua seo.”

Dúirt an Dr Stephen Rea, Stiúrthóir Cláir, an BSc sa Bhith-theicneolaíocht i gColáiste Eolaíochta agus Innealtóireachta Ollscoil na Gaillimhe: “Tá an-bhród orm an Ghaeilge a chur leis na roghanna teanga ar an gcúrsa Bith-theicneolaíochta. Tugann céimeanna eolaíochta a bhfuil gné teanga iontu deis bhreise dár gcuid céimithe gairmeacha in earnálacha nua a bhaint amach. Gabhaim buíochas le comhleacaithe in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge as a rannpháirteachas sa togra agus le CLS as a dtacaíocht agus as an urraíocht. Agus ar deireadh, comhghairdeas mór le Seán a bhain an gradam seo.”

Dúirt Caroline Ní Fhlatharta, an tOifigeach Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe: “Tá Ollscoil na Gaillimhe bródúil as ár ról an Ghaeilge a chur chun cinn san oideachas agus sa taighde, agus táimid tiomanta do leathnú na ndeiseanna do mhic léinn ó áiteanna éagsúla ar fud na tíre an Ghaeilge a úsáid. Cuidíonn an cosán nua teanga seo sa Bhith-theicneolaíocht le mic léinn ETIM a gcuid scileanna Gaeilge a bhuanú agus a fhorbairt, agus cur lena ndeiseanna fostaíochta.”

Tá curaclam comhtháite ag an BSc sa Bhith-theicneolaíocht ina gceanglaítear bonn láidir san eolaíocht bhitheach leis an taithí phraiticiúil tríd an oiliúint infhostaitheachta, modúil ghnó, agus socrúcháin oibre le páirtnéirí sa tionscal in Éirinn nó i saotharlanna taighde ar fud na hEorpa. Gné uathúil den chlár is ea na modúil teanga, a bhfuil béim ar an mbith-theicneolaíocht iontu, atá ar fáil in éineacht leis na hábhair eile ó bhliain 1-3. Anuraidh, cuireadh tús le cosán Gaeilge a ritheann comhthreomhar leis na cosáin Fraincise agus Gearmáinise atá ann cheana féin, le roghanna breise a thabhairt do mhic léinn.

Tá nasc le fada ag an gclár BSc sa Bhith-theicneolaíocht le CLS, príomhsholáthróir samplála, anailíse, agus anailísithe saotharlainne in earnálacha cógaisíochta, feistí leighis, bia agus timpeallachta na hÉireann. Rinne go leor mac léinn socrúcháin oibre sé mhí in CLS, agus d’éirigh le roinnt céimithe poist a aimsiú sa chomhlacht.  

Ag teacht lena dtiomantas don Ghaeilge i gcúrsaí oideachais, tá CLS le hurraíocht a dhéanamh ar an ngradam acadúil bliantúil seo a bhfuil luach €500 air, don mhac léinn is fearr sa shruth Gaeilge ar an BSc sa Bhith-theicneolaíocht.

Dúirt POF CLS Evelyn O'Toole: “Is cúis áthais dúinn an Gradam um Feabhas Acadúil seo a bhronnadh ar Sheán Casey as feabhas a chuid torthaí. De bharr gur bunaíodh CLS i gConamara agus go bhfuil sé fréamhaithe sa Ghaeltacht, tá an Ghaeltacht agus an teanga buanaithe inár bhféiniúlacht, mar atá ár dtiomantas tacú leis an nGaeilge san eolaíocht agus san oideachas. Is ceiliúradh é an gradam seo, ní ar ghnóchtáil acadúil amháin, ach ar an tábhacht a bhaineann le cosaint ár dteanga agus ár gcultúir i réimsí nua-aimseartha eolaíochta. Is eiseamláir é obair Sheáin anseo, agus táimid an-sásta tacú le mic léinn a bhfuil na luachanna céanna acu is atá againn agus an fhís chéanna don todhchaí.”

Le tuilleadh eolais a fháil ar an BSc sa Bhith-theicneolaiocht (GY304 an cód CAO), féach: https://www.universityofgalway.ie/courses/.

Críoch

Keywords: Press.

Author: Oifig Margaíocht agus Cumarsáid, NUI Galway
« Back


Featured Stories