-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
June Ollscoil na Gaillimhe sa chéad áit in Éirinn agus i measc na 5 ollscoil is fearr san AE maidir le hinbhuanaitheacht
Ollscoil na Gaillimhe sa chéad áit in Éirinn agus i measc na 5 ollscoil is fearr san AE maidir le hinbhuanaitheacht
Monday, 23 June 2025
An Chearnóg, Ollscoil na Gaillimhe
Is í Ollscoil na Gaillimhe an ollscoil is fearr in Éirinn ó thaobh forbairt inbhuanaithe don cheathrú bliain as a chéile.
Fógraíodh an rangú i dTuarascáil Tionchair Times Higher Education mar aitheantas ar dhul chun cinn na hOllscoile maidir le freagairt do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe.
Chomh maith leis an gcéad áit a bhaint amach sa tír seo, tá Ollscoil na Gaillimhe sa tríú háit san AE.
Rinne Ranguithe Tionchair Times Higher Education 2025 rangú ar 2,526 ollscoil as 130 tír maidir lena ndul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.
Tá méadú 65% tagtha ar líon na n-ollscoileanna atá páirteach sna ranguithe i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, rud a fhágann go bhfuil éacht Ollscoil na Gaillimhe níos suntasaí fós.
Bhí an méid seo le rá ag Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: “Is iontach an éacht é don fhoireann agus dár gceannaireacht ar bhearta inbhuanaitheachta Ollscoil na Gaillimhe a bheith rangaithe sa chéad áit in Éirinn agus sa tríú háit san AE. Ní hamháin gur siombail den bhéim sin é ár bPlean Straitéiseach nua 2025–2030, Lonnaithe i nGaillimh, ag freastal ar an Domhan Mór, a seoladh le déanaí, ach is comhartha é freisin ar an gcaoi a ndéanfaimid inbhuanaitheacht a dhaingniú tuilleadh inár dteagasc, inár dtaighde, inár n-oibríochtaí agus inár gcomhpháirtíochtaí, ag cothú an chéad ghlúin eile ceannairí agus nuálaithe chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Becky Whay, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Eatramhach na hOllscoile agus Cathaoirleach Bhord Comhairleach Inbhuanaitheachta na hOllscoile: “Is mór an chreidiúint dár bpobal agus dá spiorad an t-aitheantas atá tugtha d‘iarrachtaí agus d’éachtaí na hOllscoile maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a dhaingniú.” Comhghairdeas mór le gach duine a bhí páirteach sna réimsí curaclaim, taighde agus oibríochtaí. Tá ár mic léinn ag baint tairbhe as na hiarrachtaí seo mar go mbíonn an deis acu an t-eolas, na scileanna agus an taithí a fhorbairt le linn a gcuid staidéir chun aistriú go todhchaí inbhuanaithe.”
Dúirt Richard Manton, Stiúrthóir Inbhuanaitheachta Ollscoil na Gaillimhe: “Is mór an chreidiúint do Chomhpháirtíocht Inbhuanaitheachta na hOllscoile Pobail (CUSP) agus do phobal uile na hOllscoile an deimhniú seo a fháil faoi stádas Ollscoil na Gaillimhe ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, go mór mór agus an Chomhpháirtíocht ag ceiliúradh deich mbliana ar an bhfód i mbliana. Tá glactha go díograiseach ag mic léinn, an fhoireann agus comhpháirtithe pobail lenár samhail chun foghlaim, maireachtáil agus ceannaireacht a dhéanamh ar an inbhuanaitheacht. Mar Ambasadóir Náisiúnta SDG, leanfaimid orainn ag cur na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun cinn agus ag cur dea-chleachtas chun cinn ar ár gcampas glas, bithéagsúil agus inbhuanaithe.”
I measc bhuaicphointí an rangaithe d’Ollscoil na Gaillimhe táimid i measc an 50 ollscoil is fearr ar domhan as gníomhartha ar SDG12 Patrún freagrach tomhaltais agus táirgeachta; SDG3 Sláinte Mhaith agus Dea-bhail; agus SDG17 Comhpháirtíochtaí ar mhaithe leis na Spriocanna.
Tá Ollscoil na Gaillimhe rangaithe i measc an 75 ollscoil is fearr ar domhan freisin do SDG6 Uisce Glan agus Sláintíocht – tar éis aighneacht a dhéanamh faoin gcatagóir seo den chéad uair – agus SDG14 Beatha Faoin Uisce.
Seo a leanas cuid de na príomhbhearta atá glactha ag Ollscoil na Gaillimhe i réimse na hinbhuanaitheachta:
- Tá cáil dhomhanda bainte amach ag taighdeoirí as nuálaíocht i réimse na sláinte, timpeallachtaí inbhuanaithe agus seasmhacha (domhan agus aigéan), cruthaitheacht, cultúr agus sochaí, agus sonraí claochlaitheacha agus intleacht shaorga.
- Tá inbhuanaitheacht fite fuaite sa churaclam agus cuireann an Ollscoil réimse leathan cúrsaí fochéime agus iarchéime ar fáil a dhíríonn ar inbhuanaitheacht.
- Is é ár gcampas an campas is bithéagsúla in Éirinn agus tá Gradam na gCampas Glas de chuid an Taisce bainte amach againn. Thugamar isteach scéimeanna nua feabhsaithe bláthanna fiáine, boscaí éan, boscaí ialtóg, óstáin feithidí, coirceoga, cód lotnaidicídí atá oiriúnach do phailneoirí agus coirceog lomáin.
- Is in Ollscoil na Gaillimhe a bhí an chéad saotharlann san Eoraip ar bronnadh deimhniú Saotharlainne Glaise uirthi agus tá deimhniú mar shaotharlanna glasa ag na saotharlanna go léir in Áras Innealtóireachta Alice Perry.
- Is ionaid tástála iad campas agus foirgnimh Ollscoil na Gaillimhe do ghníomhaíochtaí dearfacha inbhuanaitheachta. Ó 2016 i leith, tá astaíochtaí gás ceaptha teasa na hOllscoile laghdaithe faoina leath agus tá gach seans ann go sáróidh sí spriocanna na hearnála poiblí faoi 2030. Tá caidéil teasa curtha isteach againn in ionad coirí breosla iontaise, tá painéil ghréine PV ar fud an champais agus tá tionscadail fuinnimh nuálacha forbartha againn. Is busanna leictreacha iad na busanna páirceála agus taistil ar an gcampas. Tá umair uisce óil taobh istigh agus amuigh ar fud an champais.
Críoch
Keywords: Press.
Author: Oifig Margaíocht agus Cumarsáid, NUI Galway
« Back
Related news
23 June 2025
University of Galway’s Career Development Centre scoops prestigious international award
20 June 2025
University of Sanctuary Scholarships open to mark World Refugee Day
18 June 2025
Red squirrels show survival tactics in the face of native predator
18 June 2025
University of Galway #1 in Ireland and Top 5 in EU for sustainability
17 June 2025
FutureTrials25 shaping the future of clinical trials