Searmanais Bronnta Céime an tSamhraidh á gceiliúradh in Ollscoil na Gaillimhe

Ann Hume, Ellen McKeogh, Caoimhe Laffey agus Mary Hamilton. Grianghraf - Martina Regan
Jun 12 2025 Posted: 15:16 IST

Bhí searmanais Bronnta Céime an tSamhraidh ar siúl inniu in Ollscoil na Gaillimhe, agus rinneadh comóradh ar éachtaí acadúla suntasacha na gcéadta mac léinn agus a dteaghlaigh.

Bronnadh céim ar bhreis is 400 mac léinn le linn na searmanas, lena n-áirítear 92 mac léinn ar bronnadh Dochtúireacht san Fhealsúnacht (PhD) orthu. 
Ar an ngrúpa is mó a bhí i láthair bhí an 187 dochtúir ar bronnadh Baitsiléir Onóracha Leighis, Baitsiléir Máinliachta agus Baitsiléir Cnáimhseachais (MB, BCh, BAO) orthu. 

Le linn an tsearmanais bronnta, bhronn Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte 15 Bhonn don Bhliain Deiridh Leighis ar 12 chéimí.

Fuair céimí amháin, an Dr Anmol Mahesh ó Chluain Meala, Co. Thiobraid Árann, 5 bhonn mar aitheantas ar a fheabhas a d’éirigh leis go hacadúil.

 

            Dúirt Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: "In Ollscoil na Gaillimhe, táimid an-bhródúil as bheith mar chuid d’aistear gach mac léinn, ag tacú lena bhforbairt agus ag ceiliúradh a gcuid éachtaí. Cuireann ár gcuid mac léinn tús le haistear nua anois, agus táim ag tnúth leis an tionchar dearfach a bheidh acu ina réimsí roghnaithe a fheiceáil."

 

Críoch

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid

Next

Featured Stories