-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
June Tá Ceann Scoile ceaptha ag Ollscoil na Gaillimhe ar a céad Scoil Cógaisíochta agus Eolaíochtaí Leighis
Tá Ceann Scoile ceaptha ag Ollscoil na Gaillimhe ar a céad Scoil Cógaisíochta agus Eolaíochtaí Leighis
á sé fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil an Dr Leo Quinlan ceaptha mar an chéad Cheann ar Scoil na Cógaisíochta agus na nEolaíochtaí Leighis.
Ábhar suntais is ea an ceapachán seo mar atá cruthú céad scoil Cógaisíochta na hOllscoile ón uair a bunaíodh in 1845 í.
Acadóir mór le rá agus ceannaire taighde i gColáiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe is ea an Dr Quinlan. Tá sé ina Leas-Déan ar Fhoghlaim, Teagasc agus Measúnú faoi láthair agus ina bhall de lucht acadúil na hOllscoile ó 1999 i leith.
Tá céim bainte amach ag an Dr Quinlan sa Bhithcheimic agus tá PhD aige i mBitheolaíocht Ghaschille. Tá cion buan déanta aige don oideachas agus don taighde, agus san áireamh leis sin tá an BSc in Eolaíocht Bhithleighis a stiúradh ar feadh deich mbliana agus an ról a bhí aige mar Cheann na Fiseolaíochta. Bhí ról lárnach ag an Dr Quinlan i mbunú chlár nua MPharm na hOllscoile a bheidh ag glacadh lena chéad chohórt mac léinn i Meán Fómhair 2025.
Forbairt mhór straitéiseach d’Ollscoil na Gaillimhe is ea bunú Scoil na Cógaisíochta agus na nEolaíochtaí Leighis sa mhéid is go dtugann sé le chéile an chógaisíocht agus na heolaíochtaí leighis in aonad acadúil nua a imreoidh tionchar ar thodhchaí an oideachais cúraim sláinte agus an taighde in Éirinn agus i gcéin.
Seo mar a labhair an Dr Leo Quinlan, Príomhthaighdeoir i bFiseolaíocht an Duine in Ollscoil na Gaillimhe agus Imscrúdaitheoir Maoinithe in CÚRAM – Ionad Feistí Leighis de chuid Thaighde Éireann: “Forbairt chinniúnach í seo d’Ollscoil na Gaillimhe agus is mór an onóir dom glacadh leis an ról seo. Tabharfaidh an Scoil nua deis an eolaíocht chógaisíochta a chomhtháthú le timpeallacht ildisciplíneach fhuinniúil, rud a fhágfaidh go gcuirfí ar chumas ár gcuid mac léinn agus taighdeoirí tionchar cuimsitheach agus fadtéarmach a imirt ar chúram othar, ar chórais cúraim sláinte agus ar thaighde aistritheach.”
Tá an Dr Quinlan i gceannas freisin ar Shaotharlann Taighde na Fiseolaíochta Ceallaí, ar ionad feabhais é do leictrifiseolaíocht ianchainéil, cille agus fíocháin, agus tacaíonn sé leis an nuálaíocht i dteicneolaíocht cúraim sláinte trí bheith ina mheantóir do BioInnovate Ireland.
Dúirt an tOllamh Martin O’Donnell, Déan Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe: “Céim mhór chun cinn don Ollscoil is ea ceapachán an Dr Quinlan. Tá sé tiomanta go hiomlán don fheabhas acadúil agus beidh an cheannaireacht a léirigh sé nuair a bhí ár gclár cógaisíochta nua á dhearadh den riachtanas agus timpeallacht oideachais atá idir dhinimiciúil agus treoraithe ag taighde á cothú aige. Is gearr uainn anois Scoil na Cógaisíochta agus na nEolaíochtaí Leighis a bheith ina hionad barr feabhais, áit a ndéanfar an nuálaíocht chliniciúil a chomhtháthú leis an oideachas agus le taighde feidhmeach a rachaidh chun tairbhe dár mic léinn, an réigiún agus cúram sláinte in Éirinn trí chéile.”
Dúirt an Dr Martina Ní Chúlain, an Stiúrthóir Forbartha Straitéisí i gColáiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe: “Tá an clár MPharm seo á thabhairt isteach tráth a bhfuil dúshláin leanúnacha maidir leis an bhfórsa oibre roimh an gcóras cúraim sláinte, rud a fhágann go bhfuil an clár nua seo idir thráthúil agus ríthábhachtach. Cabhróidh sé le dul i ngleic leis an easpa náisiúnta poitigéirí agus ullmhóidh sé glúin nua gairmithe ardoilte a bheidh dírithe ar leas an othair agus a bheidh faoi réir déileáil le riachtanais shíorathraitheacha cúraim sláinte.”
Seo mar a labhair an tOllamh John Given, Bainisteoir Feidhmiúcháin Cógaisíochta, Ospidéil na hOllscoile, Gaillimh agus Ollamh Cúnta, Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte, Ollscoil na Gaillimhe: “Bhí ról ríthábhachtach ag an Dr Quinlan maidir leis an gclár Cógaisíochta nua in Ollscoil na Gaillimhe a bhunú. Is éachtach an méid fuinnimh, tiomantais agus scileanna eagrúcháin a thaispeáin sé ó thús an phróisis seo. Éacht faoi leith is ea é an clár seo a sheoladh ó chéim an bhundearaidh go dtí liostáil ar an CAO laistigh de dhá bhliain agus guím gach rath air ina phost nua.”
Is ionann bunú na Scoile agus tabhairt isteach an chláir MPharm, a mbeidh na chéad mhic léinn ag tosú air i mí Mheán Fómhair 2025, agus gnéithe den fhís níos leithne aghaidh a thabhairt ar an nganntanas oibrithe cúraim sláinte san fhórsa oibre, go háirithe in iarthar na hÉireann agus, anuas air sin, éiceachóras taighde ardfhorbartha a chothú a bhfuil an chógaisíocht ina gné aistritheach de. Cuirfear, ar an gcaoi sin, le cumas na hOllscoile aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sláinte chasta trí comhoibriú, nuálaíocht agus fionnachtain.
Críoch