-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
June Tráthnóna Eolais in Ollscoil na Gaillimhe faoi na deiseanna atá ag Foghlaimeoirí Fásta cur lena gcuid scileanna
Tráthnóna Eolais in Ollscoil na Gaillimhe faoi na deiseanna atá ag Foghlaimeoirí Fásta cur lena gcuid scileanna
Ag an tráthnóna eolais bliantúil d’fhoghlaimeoirí fásta, tabharfaidh Ollscoil na Gaillimhe eolas faoi shraith nua cúrsaí, Sraith nua Dioplómaí le hArd-déantúsaíocht san áireamh, a thacóidh le daoine atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna le freastal ar riachtanais an tionscail atá ag athrú i rith an ama.
Beidh an tráthnóna eolais ar siúl ó 5.30-7.30pm, Dé Céadaoin, an 18 Meitheamh san Áras Bitheolaíochta Daonna ar an gcampas.
Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh na hOllscoile atá ag reáchtáil na hócáide. Cuirfear béim ag an tráthnóna eolais ar raon leathan cúrsaí gearra solúbtha agus roghanna staidéir fhadtéarmaigh, atá á gcur ar fáil chun freastal ar riachtanais foghlama daoine gairmiúla, lucht cuardaithe poist, agus daoine atá ag filleadh ar an obair.
I measc na gcúrsaí páirtaimseartha a bheidh ar fáil i mbliain acadúil 2025/26 beidh cúrsaí Springboard+ atá maoinithe go hiomlán dóibh siúd atá dífhostaithe nó ag filleadh ar an obair, agus cúrsaí a bhfuil maoiniú 90% ar fáil dóibh do dhaoine atá fostaithe ach ar mian leo cur lena gcuid scileanna, mar aon le cúrsaí a gcuirtear maoiniú ar fáil dóibh trínár gcomhpháirtithe Skillnet.
Is cúrsaí idirdhisciplíneacha an tSraith Dioplómaí nua le hArd-déantúsaíocht atá curtha in oiriúint do lucht gairmiúil a bhfuil cúlra eolaíochta agus innealtóireachta acu, go háirithe iad siúd atá ag plé le teicneolaíocht leighis agus le dearadh déantúsaíochta. Tá béim sna cúrsaí ar dhigitiú, ar inbhuanaitheacht agus ar dhéantúsaíocht chliste, agus tá siad ag teacht leis na riachtanais reatha agus leis na riachtanais nua atá ag teacht chun cinn sa tionscal.
Deis atá san imeacht seo do dhaoine ar spéis leo a bheith ina mic léinn bualadh le hionadaithe ó chúrsaí páirtaimseartha na hOllscoile i réimsí éagsúla amhail Gnó agus Bainistíocht, an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht, Teangacha, na Dána agus na Daonnachtaí, Oideachas Pobail, agus ó chúrsaí réamhollscoile chomh maith.
Bhí an méid seo le rá ag Nuala McGuinn, Stiúrthóir an Ionaid Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh in Ollscoil na Gaillimhe: “Tuigimid go mbíonn cúraimí oibre agus teaghlaigh ar ár bhfoghlaimeoirí fásta agus tá conairí foghlama solúbtha cruthaithe againn ó chúrsaí micridhintiúr go cúrsaí máistreachta dóibh siúd atá ag iarraidh modúl gearr creidiúnaithe a dhéanamh nó dul ar aghaidh chuig cúrsa níos fadtéarmaí. Is iomaí cor i gcosán na foghlama. Teastaíonn deiseanna ó dhaoine fásta le páirt a ghlacadh agus páirt a ghlacadh an athuair san fhoghlaim ag gach céim dá saol gairmiúil ionas go mbeidh a gcuid scileanna ag teacht le riachtanais reatha an ionaid oibre. Sa domhan seo atá ag síorathrú, tá sé tábhachtach go mbeadh ár gcóras oideachais in ann freagairt do na hathruithe sin.”
Tabharfar deis dóibh sin a bheidh i láthair freastal ar chainteanna faoi chúrsaí páirtaimseartha agus faoi chúrsaí micridhintiúr, léargas a fháil ar Leibhéil NFQ, agus eolas a fháil faoin bpróiseas Aitheantais Réamhfhoghlama agus faoin mbealach ar féidir é sin a úsáid chun cáiliú le haghaidh staidéir. Chomh maith leis sin, déanfaidh an fhoireann acadúil cur i láthair faoi na cúrsaí nua Ard-déantúsaíochta agus tabharfaidh siad léargas ar an BA ceithre bliana i gCúram Sóisialta.
Le tuilleadh eolais a fháil faoin tráthnóna eolais nó le clárú, tabhair cuairt ar universityofgalway.ie/adultlearning/info_eve
Críoch