-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
September Cead pleanála faighte ag Ollscoil na Gaillimhe d’Fhoirgneamh Scoil
Cead pleanála faighte ag Ollscoil na Gaillimhe d’Fhoirgneamh Scoil
Tuesday, 16 September 2025
Ollscoil na Gaillimhe
Tá fáilte curtha ag Ollscoil na Gaillimhe roimh an gcead pleanála atá faighte chun foirgneamh nua a thógáil do Scoil an Leighis.
Déanfar an tsaoráid nua a fhorbairt ar champas theas na hOllscoile, gar don Chearnóg.
Beidh ceithre urlár san fhoirgneamh, a bheidh thart ar 3,925 méadar cearnach ar mhéid, agus beidh aitriam gloinithe á nascadh le Bloc E, foirgneamh atá ann cheana féin, ar struchtúr é atá faoi chosaint agus a bhfuil tábhacht stairiúil agus ailtireachta ag baint leis.
Cuirfidh an fhorbairt leis an leathnú leanúnach atáthar á dhéanamh ar dheiseanna teagaisc agus foghlama i gColáiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe, lena n-áirítear an chéad ghrúpa mac léinn cógaisíochta ar an MPharm agus an clár Leighis (Iontráil do Chéimithe) atá le tosú i Meán Fómhair 2027.
Cuirfidh an foirgneamh nua áiseanna den scoth ar fáil le haghaidh teagaisc agus taighde, lena n-áirítear seomraí do ranganna teagaisc, seimineáir agus cruinnithe, spásanna staidéir agus limistéir chomhoibríocha, saotharlanna taighde ardleibhéil agus oifigí riaracháin.
Mar chuid de spriocanna inbhuanaitheachta níos leithne na hOllscoile, áirítear mar chuid den dearadh córais ghléasra agus painéil ghréine fhótavoltacha chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus chun an tionchar ar an timpeallacht a laghdú.
Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh David Burn: “Is céim mhór chun cinn don Ollscoil é cead pleanála a fháil d’fhoirgneamh nua Scoil an Leighis. Léiríonn an fhorbairt seo ár dtiomantas láidir don oideachas agus don taighde leighis, go háirithe lenár gclár Leighis (Iontráil do Chéimithe) atá le tosú in 2027 agus an tairbhe a bhaineann leis do réigiún an iarthair agus an iarthuaiscirt agus go náisiúnta. Tá an fhorbairt mhór seo ríthábhachtach chun cuidiú leis an gcéad ghlúin eile de cheannairí cúraim sláinte agus cuirfidh an foirgneamh nua áiseanna ceannródaíocha ar fáil do mhic léinn, do thaighdeoirí agus don fhoireann, ag cothú nuálaíocht, fionnachtain agus barr feabhais san oideachas leighis, agus ag an am céanna ag léiriú meas ar oidhreacht an champais stairiúil seo.”
Dúirt an Dr Martina Ní Chúlain, an Stiúrthóir Forbartha Straitéisí i gColáiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe: “Is infheistíocht shuntasach i dtodhchaí an leighis agus na n-eolaíochtaí sláinte in Ollscoil na Gaillimhe atá sa tsaoráid nua seo – ag cur lenár gcumas agus lenár n-inniúlachtaí, ag saibhriú eispéireas na mac léinn, ag tacú leis an bhfoireann, agus ag cumasú cuir chuige theagaisc nua-aimseartha. Beidh ról ríthábhachtach ag an bhfoirgneamh i múnlú an chéad ghlúin eile de ghairmithe cúraim sláinte agus is léiriú é ar ár n-uaillmhian a bheith inár gceannaire náisiúnta agus idirnáisiúnta in oideachas agus taighde leighis.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Laurence Egan, Ceann Scoil an Leighis in Ollscoil na Gaillimhe: “Ní hamháin go gcuirfidh Foirgneamh nua Scoil an Leighis feabhas ar an gcaoi a múinimid agus a bhfoghlaimímid ach feabhsóidh sé an chaoi a n-oibrímid le chéile le disciplíní eile agus lenár gcomhpháirtithe cúraim sláinte freisin. Tacóidh sé le samhail d’oideachas leighis a thugann tús áite do nuálaíocht, comhoibriú agus nasc láidir le riachtanais cúraim sláinte ár réigiúin agus níos faide i gcéin.”
Críoch
Keywords: Press.
Author: Margaíocht agus Cumarsáid, NUI Galway
« Back
Related news
16 September 2025
University of Galway hosts exhibition of Press Photographers Ireland awards 2025
16 September 2025
Planning approval for University of Galway School of Medicine Building
15 September 2025
University of Galway hosts SDG Week advocating local action for global change
10 September 2025
University of Galway and Students’ Union appeal for rent-a-room
7 September 2025
Seolann Ollscoil na Gaillimhe cartlann dhigiteach d’irisí na Ceise Fada