Na Laethanta Oscailte Fochéime is mó riamh ar siúl an Fómhar seo in Ollscoil na Gaillimhe

An Chearnóg, Ollscoil na Gaillimhe
Sep 30 2025 Posted: 10:44 IST

Tá Ollscoil na Gaillimhe ag fáil faoi réir le fáilte a chur roimh na mílte daltaí, a dteaghlaigh agus comhairleoirí gairmthreorach chuig Laethanta Oscailte Fochéime an Fhómhair, na hócáidí is mó riamh dá leithéid.

Beidh Laethanta Oscailte an Fhómhair ar siúl Dé hAoine agus Dé Sathairn, an 3 agus an 4 Deireadh Fómhair, ó 9am go 3pm gach lá.

Mar chuid den imeacht dhá lá beidh cúig zón taispeántais leagtha amach ar fud an champais, áit a mbeidh deis ag cuairteoirí bualadh le léachtóirí agus le mic léinn reatha, éisteacht le breis is 100 caint ar chúrsaí agus ar ábhair ar leith, turais a thabhairt ar an gcampas, agus féachaint ar thaispeántais idirghníomhacha.

            Dúirt Sarah Geraghty, Stiúrthóir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana: Is é an aidhm atá leis na Laethanta Oscailte ná daoine a spreagadh. Táimid ag súil go mbeidh na cuairteoirí ar fad ar bís faoin aistear atá amach rompu. Tá Ollscoil na Gaillimhe rangaithe i measc an 2% is fearr d’ollscoileanna ar domhan agus sa chéad áit in Éirinn maidir lenár dtionchar ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Ach is é an rud a fhágann gur ollscoil ar leith muid ná ár bpobal, ár bhfoireann agus ár mic léinn dhíograiseacha, agus tá siad ag tnúth le bualadh leat. Cuirimid breis is 60 fochéim den scoth ar fáil, i réimsí mar atá Leigheas, Innealtóireacht, Cógaisíocht, Eolaíocht, na Dána agus Gnó, agus tá socrúchán oibre nó deiseanna staidéir thar lear ar fáil ar bhreis is 90% dár gcúrsaí.  Dá bhrí sin nuair a bhaineann ár gcéimithe cáilíocht amach tá taithí ghairme faighte acu linn chomh maith agus iad réidh don saol oibre.”

Beidh clár fairsing imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar fáil don lucht freastail, lena n-áirítear:

  • Is féidir leo siúd ar mian leo a bheith ina n-altraí agus ina gcnáimhseacha amach anseo cuairt a thabhairt ar na háiseanna oiliúna cliniciúla in Áras Mhaighe Seola áit a mbeidh turais threoraithe ar siúl gach lá ag 12:45pm agus 1:30pm.
  • Beidh Bréagchúirt Scoil an Dlí oscailte do chuairteoirí, agus reáchtálfar cúig thuras gach lá. An aidhm atá leis an mBréagchúirt eispéireas éisteachta cúirte a mhacasamhlú dár gcuid mac léinn.  
  • Is féidir leo siúd ar mhaith leo a bheith ina ndochtúirí scileanna cliniciúla a chleachtadh, ina measc éisteacht le buille an chroí agus féachaint ar thástálacha digiteacha cluaise agus súl ag na taispeántais scileanna cliniciúla idirghníomhacha a bheidh ar siúl an dá lá.
  • Is féidir le heolaithe agus innealtóirí fiosracha camchuairt a dhéanamh ar an Áras Innealtóireachta den scoth atá againn agus léargas maith a fháil ar na saotharlanna Fisice agus Ceimice.
  • Is féidir le lucht na drámaíochta páirt a ghlacadh i Máistir-Rang Drámaíochta ag 1pm nó turas a fháil ar chúl an stáitse in Ionad Uí Dhonnchadha ag 11:30am.
  • Beidh deis acu siúd a bhfuil suim acu i spóirt bualadh le cóitseálaithe agus lúthchleasaithe den scoth, agus beidh turais ar na háiseanna spóirt ardfheidhmíochta.

Gheobhaidh daltaí blaiseadh de shaol an scoláire in Ollscoil na Gaillimhe, le turais threoraithe ar árais chónaithe ar an gcampas agus ar mhoil na mac léinn.

Is féidir leo siúd ar spéis leo an Ghaeilge dul ar thuras treoraithe speisialta i nGaeilge a thosóidh in Áras na Gaeilge, agus cuirfear cultúr dátheangach bríomhar na hOllscoile ina láthair.

Tugtar cuireadh do thuismitheoirí freastal freisin ar sheisiún eolais ar leith ag 11:30am Dé Sathairn, ina bhfaighidh siad treoir agus comhairle phraiticiúil maidir le tacú le mic léinn agus iad ag aistriú go dtí an ollscoil.

Más mian leat clárú nó tuilleadh eolais agus an clár iomlán a fháil, tabhair cuairt ar www.universityofgalway.ie/opendays nó seol ríomhphost chuig opendays@universityofgalway.ie.

Críoch

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid

Next

Featured Stories