Orla Ní Fhinneadha ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach ag Ollscoil na Gaillimhe

Wednesday, 24 September 2025

Ollscoil na Gaillimhe
Tá Orla Ní Fhinneadha ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis ag Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe. Creidiúint: Seán Ó Mainnín

Is cúis mhór áthais é d’Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe, a fhógairt go bhfuil Orla Ní Fhinneadha ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis san ollscoil i mbliana.

 Is buaiteoir Chorn na mBán faoi láthair í Orla agus tá sí ag gabháil don amhránaíocht ó thosnaigh sí ag freastal ar ranganna sean-nóis le Máire Pheitir Uí Dhroighneáin agus sí ar bhunscoil. Bhí an-tionchar ag Máire uirthi chomh maith le hathair Orla féin, Jimi Ó Fhinneadha.

 Is as an gCloich Mhór, Baile na hAbhann d’Orla, agus tá leir mór duiseanna bainte amach aici. Tá sí an-bhródúil as an 3ú hait a bhaint amach i gCorn Uí Riada ag an Oireachtas in 2016. Chomh maith le sin bhuaigh Orla Fleadh Cheoil na hÉireann cúpla uair nuair a bhí sí ina déagóir, bhuaigh sí an Comórtas Amhránaíochta do Mhná faoi 35 ag an Oireachtas i 2012, agus tháinig sí sa dara háit i gCorn na mBan in 2014.

 Tá an-éileamh ar Orla mar mhúinteoir sean-nóis. Léiríodh na scileanna seo go soiléir sna físeáin a cruthaíodh do Cúla 4 ar Scoil ina raibh sí ag múineadh amhrán le linn thréimhse Covid. Tá Orla an-bhródúil go bhfuil go leor páistí fós ag breathnú agus ag foghlaim ó na hamhráin áille a thaifead sí i rith an ama sin.

 Agus an ceapachán á fhógairt aici, deir an Dr Nessa Cronin, Ceann Léann na hÉireann ag Ollscoil na Gaillimhe: “Is cúis áthais dúinn Orla Ní Fhinneadha a bheith linn in Ollscoil na Gaillimhe i mbliana. Is duine a bhfuil stór eolais aici atá in ann inspioráid a thabhairt don chéad ghlúin eile ar thraidisiún amhránaíochta an tsean-nóis, agus táimid ag tnúth go mór leis an bhliain atá amach romhainn agus Orla a bheith linne mar Amhránaí Cónaithe an tSean-nóis, 2025/26.” 

 Beidh sraith ceardlann á múineadh ag Orla san Ollscoil sa bhFómhar agus arís san Earrach. Cuirfear tús leis na ceardlanna i seomra seimineáir an Ionaid ar Bhóthar na Drioglainne ar an 16 Deireadh Fómhar ag 6.00in. Tá na ceardlanna saor in aisce agus beidh fáilte roimh chách.

 Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe, a mhaoiníonn an tionscnamh seo.

 Tuilleadh eolais ó Samantha Williams ag 091 492051 nó samantha.williams@universityofgalway.ie.

 Críoch

Keywords: Press.

Author: Margaíocht agus Cumarsáid , NUI Galway
« Back


Featured Stories