-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
September Seolann Ollscoil na Gaillimhe cartlann dhigiteach d’irisí na Ceise Fada
Seolann Ollscoil na Gaillimhe cartlann dhigiteach d’irisí na Ceise Fada
Tugann cartlann atá díreach seolta léargas uathúil faoin saol i gcampa géibhinn
Tá cartlann dhigiteach nua d’irisí príosúin a scríobhadh i gcampa géibhinn na Ceise Fada i rith na 1970idí curtha ar fáil ag Ollscoil na Gaillimhe.
San áireamh le Bailiúchán Paddy McMenamin tá dialanna lámhdhéanta uathúla agus albam grianghraf a tógadh sa phríosún sa tréimhse 1974-1976.
Rinneadh McMenamin a imtheorannú sa Cheis Fhada i lár na 1970idí áit a raibh sé ina urlabhraí Caighin. Scríobh sé ailt d’irisí príosúin lena n-áirítear Misneach, An Síoladóir, agus Faoi Glas, chomh maith le bheith ina eagarthóir ar An Fuascailteoir.
Ailt agus scríbhneoireacht ó na príosúnaigh Phoblachtánacha féin a bhí sna hirisí seo mar aon le dánta, ceachtanna Gaeilge agus ailt ar stair na hÉireann agus ar pholaitíocht idirnáisiúnta, agus rinne siad an obair ealaíne do na clúdaigh iad féin freisin.
Smuigleáladh na hirisí amach as an gCeis Fhada i gcaitheamh an ama, agus coinníodh an bailiúchán sábháilte go dtí gur cuireadh i dtaisce le Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe é.
Tá léargas faoi leith le fáil sa bhailiúchán seo ar thaithí na gcimí Poblachtánacha sa Cheis Fhada i rith thréimhse de na trioblóidí ina raibh foréigean seicteach ag dul in olcas. Tugann na hirisí agus na grianghraif seo spléachadh dúinn ar an saol laethúil sa champa géibhinn i gcomhthéacs an oideachais, na díospóireachta agus ghnáthchúrsaí an lae.
Seo mar a labhair Paddy McMenamin: “Mar chéimí le Béarla agus Stair de chuid Ollscoil na Gaillimhe, tugann sé pléisiúr dom an bailiúchán seo de pháipéir bhunaidh ó Chaighin na Ceise Fada a bhronnadh ar Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe mar phríomhfhoinse do mhic léinn a bheidh i mbun staidéir agus taighde ar stair na hÉireann san fhichiú haois. Is pribhléid dom a fheiceáil go mbeidh na hirisí seo caomhnaithe go sábháilte laistigh den Ollscoil.”
Tá bailiúchán suntasach ag Ollscoil na Gaillimhe cheana féin i ndáil le polaitíocht agus cultúr Thuaisceart Éireann i rith na tréimhse seo, ó bhlianta na Gluaiseachta Ceart Sibhialta go dtí Comhaontú Aoine an Chéasta agus anois tá cartlann McMenamin curtha leis. San áireamh leis an mbailiúchán tá cartlann an ghníomhaí ar son na síochána, Brendan Duddy, an acadóra agus abhcóide Kevin Boyle agus na státseirbhíseach Maurice Hayes.
Is féidir rochtain a fháil ar Irisí Príosúin na Ceise Fada ar Stór Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe: https://digital.library.universityofgalway.ie/p/ms/categories/paddy-mcmenamin
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Monica Crump, Leabharlannaí na hOllscoile: “Ba mhór an onóir dúinn gur fágadh an bailiúchán uathúil seo faoinár gcúram agus gur iarradh orainn é a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. Ligfidh sé do scoláirí na todhchaí tuiscint éigin a fháil ar ar tharla sa Cheis Fhada, agus i dTuaisceart Éireann trí chéile i rith na dTrioblóidí. Tá an-áthas orm go bhfuil catalógú déanta ar an mbailiúchán iomlán anois agus go bhfuil na hirisí príosúin digitithe agus curtha ar fáil ar líne. Beidh deis anois ag lucht léite i bhfad níos leithne foghlaim faoin tréimhse chorraitheach sin i stair na hÉireann agus tuiscint níos fearr a fháil ar ar tharla.
Labhair an Dr Barry Houlihan, Cartlannaí in Ollscoil na Gaillimhe mar seo a leanas: Bailiúchán tábhachtach atá i gCartlann McMenamin agus cabhróidh sé na glúnta atá le teacht a theagasc agus iad a chur ar an eolas faoi thaithí na gcimí i rith na dTrioblóidí. Tugann sé deis dúinn staidéar a dhéanamh agus tuiscint a fhorbairt ar thréimhse dheacair den stair ar an oileán seo, agus meabhraíonn sé dúinn a thábhachtaí atá a leithéid de chartlann as Tuaisceart Éireann, mar aon leo siúd atá á gcoinneáil i Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe cheana féin, chun cuimhní agus taithí na ndaoine siúd a bhí thíos leis an gcoimhlint a chaomhnú.
Reáchtáladh imeacht chun seoladh na n-irisí príosúin digitithe a cheiliúradh, agus bailiúchán McMenamin féin, agus bhí comhrá ann mar chuid de idir Paddy McMenamin agus an tOllamh Breandán Mac Suibhne, Ollamh le Nua-Stair na hÉireann in Ollscoil na Gaillimhe. Bhí plé painéil ann chomh maith ag ar labhair an Dr Mary Harris, Léachtóir Sinsearach le Stair in Ollscoil na Gaillimhe; an Dr Barry Houlihan, Cartlannaí i Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe; agus an Dr Laurence Marley, léachtóir le Nua-Stair na hÉireann agus na Breataine.
Sheol Dr Mary Harris leabhar nua McMenamin, Voices From Inside: The Hidden Journals of Long Kesh ag an imeacht freisin.
Críoch