-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
February Seolann an tAire Calleary leagan digiteach den chéad nuachtán Gaeilge An Gaodhal
Seolann an tAire Calleary leagan digiteach den chéad nuachtán Gaeilge An Gaodhal
Tá leagan digiteach de An Gaodhal, an chéad nuachtán Gaeilge ar domhan a foilsíodh do chainteoirí Gaeilge, seolta ag Dara Calleary, T.D., an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
D’eascair an tionscadal in Ollscoil na Gaillimhe as comhpháirtíocht idirnáisiúnta le hOllscoil Nua-Eabhrac a fhéachann le taighde úrnua a dhéanamh ar scéal na nÉireannach sa domhan mór.
Nuachtán dátheangach ab ea An Gaodhal a foilsíodh go míosúil in Brooklyn, Nua-Eabhrac, ag deireadh an 19ú céad, idir 1881 agus 1898, agus meastar go raibh tionchar an-mhór aige ar ghluaiseacht agus ar mheáin na Gaeilge.
Is é Micheál Ó Lócháin, as Baile an Mhuillinn, Co. na Gaillimhe, a bhunaigh agus a d’fhoilsigh An Gaodhal agus a bhí ina eagarthóir air. Cailleadh in 1899 é.
Bhí an méid seo le rá ag Dara Calleary, T.D., an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta: “Is cúis áthais dom seoladh an tionscadail seo ag ceiliúradh an nuachtáin An Gaodhal agus go raibh mo Roinn in ann cuid shuntasach den obair a mhaoiniú. A bhuí le digitiú an nuachtáin seo agus forbairt acmhainní nuálacha OCR, beidh an bailiúchán seo luachmhar do thaighdeoirí agus don phobal i gcoitinne araon. Beidh sé ar chumas gach duine dul i ngleic le hobair Mhíchíl Uí Lócháin agus taitneamh a bhaint as. Cinntíonn tionscadail mar seo go mbeidh láithreacht láidir ag an nGaeilge san aois dhigiteach, rud atá mar sprioc shonrach ag an Rialtas.”
Seo mar a labhair an tOllamh Tadhg Ó hIfearnáin, Ollamh Bunaithe le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe: “Meabhraíonn scéal An Gaodhal dúinn faoina chumhachtaí atá na meáin sa saol poiblí chomh maith lena luachmhaire atá an Ghaeilge do mhuintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear. Is mór againn an deis tógáil ar oidhreacht shaibhir Mhichíl Uí Lócháin chun taighde sna daonnachtaí digiteacha a láidriú agus todhchaí dhigiteach na Gaeilge a chinntiú.”
Is i mBailiúcháin Speisialta i Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe atá an t-aon sraith iomlán den nuachtán atá fós ar marthain ar choimeád, ó chuir an tAthair Domhnall Ó Morcadha clúdach crua orthu i Meiriceá agus sheol chuig an Ollamh Tomás Ó Máille san Ollscoil iad i 1924. Tá 147 eagrán ann arb ionann sin agus 2290 leathanach.
Tá raidhse ábhar sa nuachtán, agus áirítear ar chuid den ábhar sin ailt, fógraí, liostaí síntiúsóirí, béaloideas, filíocht agus amhráin, chomh maith le héagsúlacht chanúintí na Gaeilge. Is é an meascán saibhir ábhair sin a spreag an fhoireann tionscadail tabhairt faoin téacs a asbhaint agus leagan digiteach inchuardaithe a chur ar fáil. Baineadh úsáid as teicneolaíocht mheaisínfhoghlama AI a dtugtar aithint optúil carachtar uirthi don tionscadal.
Cuireadh an tionscadal i gcrích le tacaíocht ó Fhondúireacht Robert David Lion Gardiner, Institiúid na hÉireann, Nua-Eabhrac, Glucksman Ireland House, Ollscoil Nua-Eabhrac, Ollscoil na Gaillimhe, Foras na Gaeilge, agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Meastar go raibh 40% de chainteoirí Gaeilge an domhain ina gcónaí thar lear sna 1890idí, agus go raibh 400,000 acu sna Stáit Aontaithe agus 70,000 acu sin i Nua-Eabhrac.
Tá an-mheas ar bhunaitheoir agus eagarthóir An Gaodhal, Micheál Ó Lócháin, as an obair cheannródaíoch a rinne sé. Bhaist an nuachtán seanbhunaithe Gael-Mheiriceánach, The Irish World, 'the Father of the Irish Language Movement in America' air agus ceapadh é ina chéad rúnaí ar Chonradh na Gaeilge sna Stáit Aontaithe go gairid sular cailleadh é.
Dúirt Kathryn M. Curran, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Fhondúireacht Robert David Lion Gardiner: “Acmhainn stairiúil is ea na nuachtáin luatha seo trínar féidir gach gné de ghnáthshaol pobail ar leith a chíoradh. Tugann siad léargas ar na saincheisteanna sóisialta, eacnamaíocha, polaitiúla agus cultúrtha a bhí ag dó na geirbe ag an bpobal sin. Léireofar a scéal siúd ar bhonn níos saibhre agus níos mionsonraithe a bhuíochas leis an tionscadal seo.”
Chuir an tOllamh Nicholas Wolf, Ollscoil Nua-Eabhrac, síos ar an modheolaíocht: “Baineadh úsáid as an gCló Gaelach chun An Gaodhal a phriontáil, cló a d’eascair as traidisiún na lámhscríbhinní. Nuair a chuireamar tús leis an tionscadal, ní raibh fáil ar aon samhail phoiblí a d’fheilfeadh don fhoireann agus muid ag féachaint le leagan digitithe inchuardaithe den nuachtán a sholáthar. Chuireamar oiliúint ar shamhail OCR don Ghaeilge agus bhaineamar úsáid as an tsamhail sin chun samhail dátheangach a fhorbairt d’fhonn a chur ar ár gcumas an nuachtán ceannródaíoch seo a chur ar fáil do lucht léitheoireachta an 21ú haois. Léiríonn an obair seo chun leagan digiteach inchuardaithe de An Gaodhal a sholáthar an chaoi ar féidir leis an teicneolaíocht cothromas a thabhairt do phobail teanga éagsúla agus dá bhfoinsí staire, agus san áireamh leo sin tá teangacha atá gann ar acmhainní nó a mheastar iad a bheith ina mionteangacha.”
Thagair an Dr Deirdre Ní Chonghaile, Comhalta Taighde ar an tionscadal, don obair mar seo a leanas: “Tríd an tionscadal seo, spreagann an fhís a bhí ag Micheál Ó Lócháin agus ag an lucht tacaíochta idirnáisiúnta agus síntiúsóirí a bhí aige – is í sin, go mbláthódh an Ghaeilge – an glún nua de lucht labhartha na Gaeilge agus tógtar ar an oidhreacht atá fágtha acu dúinn.”
Cuireadh an tionscadal seo i gcrích le tacaíocht ó Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe agus ón Institiúid Eolaíochta Sonraí.
Tá an teicneolaíocht mheaisínfoghlama AI a úsáideadh – Aithint Optúil Carachtar (OCR) – ar fáil do go leor teangacha, an Ghaeilge san áireamh. Tá an tsamhail dhátheangach a chruthaigh an tionscadail seo ar an gcéad cheann a cheadaíonn feidhmeanna ilteangacha agus ilscripte le chéile agus is féidir le taighdeoirí eile úsáid a bhaint as in aisce.
Tá fáil ar gach eagrán digitithe de An Gaodhal i Stór Digiteach Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe ag https://digital.library.universityofgalway.ie/p/ms/categories/an-gaodhal.
Críoch







