Maoiniú bronnta ar Ollscoil na Gaillimhe chun STEM trí Ghaeilge a chur chun cinn

An tOllamh Becky Whay, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe (chun tosaigh ar chlé) le cuid den fhoireann agus timirí STEM as Gaeilge. Aitheantas – Aengus McMahon.
Mar 11 2026 Posted: 11:30 GMT

Beidh Ollscoil na Gaillimhe ag tabhairt faoi thionscnamh náisiúnta a spreagfaidh daoine le spéis a chur in ábhair Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM), ar a dtugtar STEM go hidirnáisiúnta, trí Ghaeilge, agus a chothóidh deiseanna nua do phobail, scoileanna agus daoine gairmiúla.

Bhronn Taighde Éireann – Research Ireland €268,000 tríd an gClár Discover ar an tionscadal STEM as Gaeilge a mhairfidh ar feadh dhá bhliain.

 Tá an maoiniú á chur ar fáil le clár náisiúnta cumarsáide eolaíochta, imeachtaí poiblí agus tionscnamh oideachais a eagrú trí Ghaeilge, a chuirfidh le feiceálacht STEM agus a neartóidh conairí oideachais agus gairmeacha STEM do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre.

 Beidh na tionscnaimh á n-eagrú thar thréimhse dhá bhliain, agus beidh pobail na Gaeilge, daoine gairmiúla i réimse STEM, agus foghlaimeoirí ar fud na tíre páirteach iontu.

Seo a leanas cuid de na príomhthionscadail:

  • Clár faisnéise a thabharfaidh léargas ar thaighde agus nuálaíocht STEM ar fud na hÉireann, léirithe i gcomhar le togra Science on Screen de chuid CÚRAM agus Ardán.
  • Ceardlanna rannpháirtíochta digití agus litearthachta sonraí chun muinín a chothú i ndaoine le topaicí STEM a phlé agus a mhíniú i nGaeilge
  • Leathnú ar scéim na dTimirí STEM as Gaeilge, ag nascadh taighdeoirí agus daoine gairmiúla le scoileanna agus pobail
  • Imeachtaí STEM ar leith i gceantair Ghaeltachta
  • Oícheanta Ólaíochta a eagrú in áiteanna nua ar fud na tíre
  • Oiliúint speisialaithe a chuirfeadh leis an acmhainn go fadtéarmach i measc daoine gairmiúla atá ag obair i réimse STEM as Gaeilge
  • Comórtas náisiúnta STEM do dhaltaí scoile

 Tá sé mar aidhm ag na tionscnaimh seo ar fad le chéile an Ghaeilge a normalú i ndioscúrsa na heolaíochta agus cur le líon na ndaoine a bhíonn páirteach i STEM i bpobail ar fud na tíre.

 Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Becky Whay, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe: “Tá Ollscoil na Gaillimhe bródúil as an stádas dátheangach atá aici, agus táimid ar bís faoin tionscadal seo. Cuirimid romhainn tacú leis an nGaeilge i ngach disciplín. Tá deis ar leith ag an Ollscoil seo, a bhfuil Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus campais Ghaeltachta ina gcuid di, le naisc a chothú leis na comhlachtaí bithleighis, fuinnimh in-athnuaite, srl. sa Ghaeltacht. Trí chumhacht a thabhairt do mhic léinn, do chomhaltaí foirne agus do phobail dul i ngleic leis an eolaíocht trí mheán na Gaeilge, táimid ag cuidiú le conairí foghlama, nuálaíochta agus rannpháirtíochta an phobail a neartú ar fud na tíre.” 

 Bhí an méid seo a leanas le rá ag Ceannaire an Tionscadail, an Dr Fintan Hegarty ó Scoil na nEolaíochtaí Matamaitice agus Staitistice san Ollscoil: “Is teanga bheo í an Ghaeilge, agus tá sé tábhachtach go n-úsáidfimid í chun plé a dhéanamh ní hamháin ar ár n-oidhreacht, ach ar na ceisteanna a mbeidh tionchar acu ar a bhfuil i ndán dúinn amach anseo chomh maith. Baineann STEM linn ar fad – ní gá ach smaoineamh ar an dul chun cinn i ngnóthaí leighis le linn na paindéime agus ar a bhfuil á fhorbairt maidir leis an intleacht shaorga, mar shampla. Is é an aidhm atá againn spásanna a chruthú inar féidir linn díospóireacht shuimiúil, bunaithe ar eolas, a bheith againn faoi STEM, agus dearmad a dhéanamh gur trí Ghaeilge atáimid á phlé.” 

 Críoch

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid

Next

Featured Stories