-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
March Pláinéad eile timpeall ar réalta óg aimsithe ag mac léinn réalteolaíochta
Pláinéad eile timpeall ar réalta óg aimsithe ag mac léinn réalteolaíochta
Tá an dara pláinéad aimsithe ag foireann idirnáisiúnta réalteolaithe, ar fionnachtain cheannródaíoch í sa chóras céanna inar aimsigh siad pláinéad eile anuraidh.
Aimsíodh an pláinéad óg, ar tugadh WISPIT 2c air, agus é ag céim luath dá fhoirmiú sa diosca timpeall ar réalta óg. Meastar go bhfuil sé tuairim agus 5 mhilliún bliain d’aois agus an chuma air go bhfuil sé deich n-oiread chomh mór le hIúpatar.
Tá an réalta, WISPIT 2, lonnaithe i réaltbhuíon an Iolair, ar réaltbhuíon shuntasach mheánchiorclach é a bhíonn le feiceáil sa leathsféar thuaidh i míonna an tsamhraidh (Iúil go Samhain) ar Bhealach na Bó Finne.
Ba í Chloe Lawlor, mac léinn PhD in Ionad na Réalteolaíochta, Ollscoil na Gaillimhe, a stiúir an staidéar, i gcomhar leis an taighdeoir iardhochtúireachta Guillaume Bourdarot in Institiúid Max Planck don Fhisic Eachtardhomhanda in Garching na Gearmáine, agus leis an mac léinn PhD Richelle van Capelleveen i Réadlann Leiden na hÍsiltíre.
Ciallaíonn an fhionnachtain mhór seo i réimse na réalteolaíochta nach bhfuil WISPIT 2 ach ar an dara córas ilphláinéad óg is eol dúinn (agus atá fós i mbun a fhoirmithe). Tá cuma an Ghrianchórais óig ar WISPIT 2 sa chaoi is go bhfuil dhá ollphláinéad gáis leabaithe ina dhiosca ilfháinneach deannaigh. Tá dhá phláinéad san áireamh sa chóras seo: an pláinéad nuadheimhnithe seo WISPIT 2c, agus an pláinéad WISPIT 2b a d’aimsigh an fhoireann taighde chéanna anuraidh (faoi stiúir Richelle van Capelleveen, Réadlann Leiden agus an Dr Laird Close, Ollscoil Arizona).
Ollphláinéad gáis an-óg is ea an pláinéad nua, bunaithe ar a theocht agus ar a gha ón speictream atmaisféir. Tá an pláinéad seo dhá oiread níos mó ná WISPIT 2b a aimsíodh roimhe seo agus tá sé ar fithis ceithre huaire níos cóngaraí timpeall a réalta óstaigh, rud a chiallaíonn go bhfuil sé an-deacair é a bhrath le teileascóip ar domhan.
Foilsíodh an staidéar san iris Astrophysical Journal Letters anseo.
Aimsíodh an dara pláinéad seo le Teileascóp Ollmhór na Réadlainne Eorpaí sa Leathsféar Theas i nGaineamhlach Atacama na Sile. Ach roinnt teileascóp a cheangal le chéile chun gníomhú mar aon uirlis ollmhór amháin, bhí an fhoireann taighde in ann faire ar réigiúin an-chóngarach don réalta.
D’aimsigh an fhoireann gás aonocsaíde carbóin, ceimiceán a bhíonn le fáil go hiondúil san atmaisféar ar ollphláinéid óga. Fágann aonocsaíd charbóin lorg láidir sainiúil ceimiceach ar shonraí teileascóip, rud a chuireann an fhianaise ríthábhachtach ar fáil a theastaíonn le deimhniú gurb ann don phláinéad.
Dúirt Chloe Lawlor, mac léinn PhD in Ionad na Réalteolaíochta, Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha, Ollscoil na Gaillimhe: "Tar éis WISPIT 2b a aimsiú i dtosach, a raibh baint agam leis freisin, chreideamar go bhféadfadh réad eile a bheith sa chóras. Ar dtús, ní rabhamar cinnte an pláinéad a bhí ann, nó meall an-mhór deannaigh. Ní dhearnadh aon mhoill tabhairt faoi bhreithnithe breise, leis an Trasnamhéadar Teileascóip Ollmhóir, socrú dochreidte inar féidir roinnt teileascóp a cheangal chun teileascóp mór fíorúil a dhéanamh. Mar gheall air seo, bhíomar in ann rud ar a dtugaimid speictream a thógáil, is é sin lorg ceimiceán, a léiríonn na dúile agus na móilíní in atmaisféar réada.
"Ceann de na loirg is tábhachtaí a mbímid ag faire amach dó in ollphláinéid óga ná aonocsaíd charbóin. Nuair a chonaiceamar go soiléir é sna sonraí, thuigeamar ansin go raibh rud éigin suntasach againn. Ba dheacair é a chreidiúint. Níor cheap mé gur mise a d’aimseodh an dara pláinéad sa chóras. Nuair a sheol mé an speictream chuig mo stiúrthóir, an Dr Christian Ginski, ba mhór an croitheadh a baineadh asainn, agus tar éis tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh, dheimhnigh sé go raibh pláinéad eile aimsithe agam!
"Is saotharlann thábhachtach a bheas in WISPIT 2 le staidéar a dhéanamh ar fhoirmiú pláinéad."
Chun an pláinéad ceilte a aimsiú, d’úsáid an fhoireann taighde Trasnamhéadar Teileascóip Ollmhóir (VLTI) na Réadlainne Eorpaí sa Leathsféar Theas (ESO), rud a ghlac íomhá den réad agus a d’éascaigh an chéad staidéar ar a atmaisféar. Bhain an fhoireann úsáid shonrach as an uirlis GRAVITY+ a uasghrádaíodh le deireanas, rud a éascaíonn an solas a thabhairt le chéile ó gach ceann de na ceithre theileascóp ocht méadar de chuid an ESO. Bhí an modh dúshlánach seo, a d’úsáid uirlisí ceannródaíocha, ina chuid thábhachtach ó thaobh an phláinéid nua a aimsiú, mar gheall go bhfuil an réalta na mílte uair níos gile ná comhartha solais an phláinéid.
Dúirt an tOllamh Frances Fahy, Stiúrthóir Institiúid Uí Riain, Ollscoil na Gaillimhe: “Éacht ar leith is ea an pláinéad WISPIT 2c a aimsiú agus léiríonn sé an taighde réaltfhisice den chéad scoth atá ar bun in Ollscoil na Gaillimhe. Tá Institiúid Uí Riain mórtasach as tacú le taighde a sháraíonn teorainneacha na fionnachtana eolaíochta. Tréaslaím ó chroí leis an taighdeoir PhD Chloe Lawlor as ucht an dul chun cinn seo agus leis an Dr Christian Ginski as a cheannaireacht agus a dhíograis don taighde réalteolaíochta. Téann fionnachtana mar seo i gcion ar dhaoine agus spreagann siad glúin úr réalteolaithe.
Cuireann an fhionnachtain nua seo deis as an ngnáth ar fáil d’eolaithe staidéar a dhéanamh ar an gcaoi a bhfoirmíonn agus a bhforbraíonn ollphlainéid, agus tugann sí léargas ar na luathphróisis trínar foirmíodh an Domhan.
Dúirt an Dr Christian Ginski, Léachtóir i Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha, Ollscoil na Gaillimhe: "Is ionann pláinéid óga a aimsiú ina bhfoirmiú mar seo agus go leor leor oibre a rinne eolaithe agus innealtóirí araon. Nuair a thosaigh mé amach i mo ghairm bheatha féin, ní raibh aimsithe ach cúpla céad eiseapláinéad (le hais na mílte is eol dúinn inniu) agus ba dhúshlán dochreidte a bheadh ann íomhá dhíreach a thógáil d’aon phláinéad. Is deacair dom a shamhlú go bhfuilimid anois ag an staid gur féidir linn súil a chaitheamh ar na pláinéid de réir mar a bhíonn siad ag foirmiú. Is mór an onóir dom a bheith ag obair le scata eolaithe óga iontacha a bhfuil an cumas acu an leas is fearr a bhaint as na háiseanna breathnaitheacha atá ar fáil anois dúinn.”
I gcomhthráth le foilsiú an taighde, tá grianghraf de WISPIT 2c agus WISPIT 2b agus iad ag foirmiú timpeall na réalta óige WISPIT 2, curtha ar fáil ag an Réadlann Eorpach sa Leathsféar Theas (ESO) – an eagraíocht idirnáisiúnta réalteolaíochta is iomráití ar domhan – anseo
Thug Institiúid Uí Riain in Ollscoil na Gaillimhe tacaíocht don staidéar.
Críoch







