Seolann an tAire Lawless cartlann a dhéanann ceiliúradh ar oidhreacht chultúrtha Iorras Aithneach

An tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta James Lawless T.D., Treasa Uí Lorcáin, Ceannasaí Eatramhach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus Máire Bríd Breathnach, Riarthóir Ionaid, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna.
May 01 2026 Posted: 14:25 IST

Sheol an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless T.D., an taispeántas cartlainne Iorras Aithneach – Cliabhán an Chultúir.

Tá an taispeántas – arna chur le chéile ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe – lonnaithe in Ionad an Acadaimh i gCarna.

Tugann an taispeántas seo léargas ar laochra áitiúla na fonnadóireachta, an cheoil, na filíochta agus na scéalaíochta, a bhfuil tionchar i gcónaí ag a gcuid saothair ar oidhreacht chultúrtha phobal Iorras Aithneach i gConamara agus níos faide i gcéin, agus déanann sé ceiliúradh ar thraidisiúin bhéil shaibhre an cheantair mar aon leis an ról atá acu i gcaomhnú chultúr an phobail.

Cuireadh an taispeántas agus an foilseachán a ghabhann leis i dtoll a chéile mar thoradh ar thaighde a rinneadh in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus léiríonn sé an comhoibriú leanúnach idir foireann an Acadaimh agus an pobal áitiúil maidir le hoidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus a thaifeadadh.

Tá an tionscadal bunaithe ar an tuiscint gurb é an pobal a chothaíonn an cultúr, áit a ndéantar teanga, nósanna agus traidisiúin a aistriú ó ghlúin go glúin trí thaithí saoil, scéalaíocht agus amhránaíocht. Tá na traidisiúin bhéil seo lárnach i gcónaí i saol mhuintir Iorras Aithneach agus i saol na Gaeltachta trí chéile.

            Seo mar a labhair an tAire Lawless: “Tugann taispeántas an lae inniu ómós do mhuintir Iorras Aithneach ní hamháin mar ábhair staire, ach mar chruthaitheoirí agus caomhnóirí gníomhacha an chultúir. Tugann an taispeántas seo léargas ar laochra áitiúla na fonnadóireachta, an cheoil, na filíochta agus na scéalaíochta, a chuidíonn a gcuid saothair linn i gcónaí tuiscint níos fearr a bheith againn ar phobal na Gaeltachta agus a chuireann go mór le hoidhreacht na tíre.”

            Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh David Burn: “Is fianaise chumhachtach é an taispeántas seo ar oidhreacht chultúrtha bheo Iorras Aithneach agus ar an eolas dothomhaiste atá le fáil sa Ghaeltacht. De bharr na hoibre atá idir lámha ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, táimid ag caomhnú na dtraidisiún seo agus ag forbairt bealaí nua lena roinnt agus le staidéar a dhéanamh orthu. Léiríonn an tionscnamh seo tiomantas na hOllscoile don Ghaeilge, don chomhpháirtíocht phobail, agus tá sé mar aidhm againn a chinntiú go mbeidh an oidhreacht shaibhir chultúrtha seo ar fáil chun na glúnta atá le teacht a spreagadh agus a chumasú.”

Leagann an taispeántas cartlainne béim ar thábhacht straitéiseach bhonneagar Gaeltachta Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge maidir le tacú leis an ról reachtúil atá ag Ollscoil na Gaillimhe ardoideachas a sholáthar trí Ghaeilge, chomh maith le cláir léinn bunaithe ar an saineolas atá againn sa teangeolaíocht, sa chultúr, sa phleanáil teanga agus i ndisciplíní gaolmhara a chur chun cinn.

Dúirt Treasa Uí Lorcáin, Ceannasaí Eatramhach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge: “Is é an teagasc taighde-bhunaithe bunús na gclár ar fad a chuirimid ar fáil in ionaid Ghaeltachta na hOllscoile. Tá saineolas againn ar shealbhú teanga i dtimpeallacht tumoideachais. Déantar é seo trí chomhpháirtíocht leis na pobail áitiúla i gCarna, i nGaoth Dobhair agus ar an gCeathrú Rua.”

Tá roinnt cartlann faoi choimirce Ionad an Acadaimh i gCarna, ina measc tá Cartlann Sheáin Mhic Giollarnáth, Cartlann Éamon de Buitléar, Cartlann Joe Éinniú, Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus Cartlann an Phléaráca. Tugann na cartlanna sin ar fad léargas dúinn ar oidhreacht agus ar chultúr na bpobal Gaeltachta.

Críoch

Marketing and Communications Office

Next

Featured Stories