Ag Tógáil don Todhchaí

  Leagan Gaeilge

A cross section image of the new library under construction

Building for the Future

In a landmark development for our university and city, we are building a new Library and Learning Commons at the heart of our campus. This purpose-built facility will transform student, staff and public engagement in our learning resources, technologies and academic skills. After 175 years of university education in Galway, it marks an exciting new chapter in how we engage with knowledge and discovery. 

This flagship building will be located beside the city’s Quincentennial Bridge and it will act as a beacon of learning for our university city. It is designed to be an inspirational, welcoming, high-tech space of learning and creativity that brings diverse people and disciplines together. We look forward to it becoming a vibrant scholarly and social space for Galway. 

Over the lifetime of this strategic plan, we will also:
  • Deliver a brand new Medical School building and facilitate the establishment of our new School of Pharmacy and Medical Sciences and new medical programmes.
  • Invest in critical digital infrastructure, including the Student Digital Pathways and Research Process Improvement programmes, enhanced Data warehousing, and our new Research Information Management System.
  • Advance with partners our plans for major developments for a new Law School building and to address Science capital requirements with upgrades to our laboratories and Science infrastructure.
  • Evolve an ambitious campus masterplan along with partners that prioritises new infrastructure for sports and physical wellbeing, our research and teaching environments, sustainability, Irish language and culture, and our public realm.
  • Complete the refurbishment of a new home for the UrbanLab on Nuns’ Island, which represents the first step in reactivating this historical urban quarter linking the University and city.
  • Complete the refurbishment of our Corrib Village on-campus accommodation to make it significantly more energy efficient and comfortable for our students.

These capital projects will transform existing buildings and brown-field sites, improving energy efficiency and sustainability across campus.

***

Ag Tógáil don Todhchaí

Is forbairt shuntasach san ollscoil agus sa chathair an Leabharlann agus Ionad Foghlama nua atá á thógáil i gcroílár an champais. Athróidh an áis sainchuspóra seo an úsáid a bhainfidh na mic léinn etc. as ár n-acmhainní foghlama, teicneolaíochtaí agus scileanna acadúla. Tar éis 175 bliain d’oideachas ollscoile i nGaillimh, is ré nua spreagúil é seo sa chaoi a dtéitear i ngleic le heolas agus le fionnachtain.

Beidh an foirgneamh suite in aice le Droichead na gCúig Céad sa chathair agus feidhmeoidh sé mar eiseamláir foghlama dár gcathair ollscoile. Tá sé deartha le bheith ina spás spreagthach, fáiltiúil, ardteicniúil foghlama agus cruthaitheachta a thugann daoine agus disciplíní éagsúla le chéile. Táimid ag tnúth leis an spás bríomhar léannta agus sóisialta seo a fheiceáil i nGaillimh.

Déanfaimid an méid seo a leanas freisin thar thréimhse an phlean seo:

  • Foirgneamh nua as an bpíosa a thógáil do Scoil an Leighis agus Scoil nua Chógaisíochta agus Eolaíochtaí Leighis a bhunú mar aon le cláir nua leighis a chur ar fáil.
  • Infheistiú in infreastruchtúr digiteach ríthábhachtach, lena n-áirítear Conairí Digiteacha na Mac Léinn agus cláir Feabhsaithe Próisis Taighde, ollstóráil fheabhsaithe Sonraí, agus ár gCóras Bainistíochta Faisnéise Taighde nua.
  • Ár bpleananna d’fhorbairtí móra ar fhoirgneamh nua Scoil an Dlí a bhrú chun cinn lenár gcomhpháirtithe agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais chaipitil na hEolaíochta le huasghráduithe ar na saotharlanna agus ar infreastruchtúr na hEolaíochta.
  • Máistirphlean campais uaillmhianach a fhorbairt i gcomhar le comhpháirtithe ina dtugtar tosaíocht d’infreastruchtúr nua spóirt agus folláine fisiciúla, dár dtimpeallachtaí taighde agus teagaisc, don inbhuanaitheacht, don Ghaeilge agus cultúr na hÉireann, agus dár bhfearann poiblí.
  • Críoch a chur le hathchóiriú ar ionad nua don tSaotharlann Uirbeach ar Oileán Altanach. Is é seo an chéad chéim i dtreo athbheochan a dhéanamh ar an gceantar stairiúil uirbeach seo a nascann an Ollscoil agus an chathair.
  • An t-athchóiriú ar an lóistín ar an gcampas i mBaile na Coiribe a chur i gcrích chun é a dhéanamh i bhfad níos tíosaí ar fhuinneamh agus níos compordaí dár gcuid mac léinn.

Athróidh na tionscadail chaipitil seo foirgnimh atá ann cheana féin agus láithreáin athfhorbraíochta, ag feabhsú éifeachtúlacht fuinnimh agus inbhuanaitheachta ar fud an champais.