Oideachas don Todhchaí

 Leagan Gaeilge

We will instil in our students the ambition to shape their future and society, using the knowledge, confidence and creativity they develop through our distinctive research-led education and excellent student-centred experience. 

Actions:

- Be a university of choice for students from across Ireland and the world, distinguished by our unique place, identity and strengths.

- Develop distinctive Galway graduates to have a positive impact on the world by:

  • Delivering excellent education informed by our research.
  • Empowering students to co-create their learning journey as part of a holistic and supportive student experience.
  • Providing opportunities for diverse experiences and encounters by growing our global partnerships, mobility and recruitment.

- Remove barriers to and through higher education, embedding universal design, supporting students through key transition points, and making targeted interventions that support progression for all students.

- Embed sustainability across all our programmes and our campus experience.

- Harness technology in our teaching, learning and assessment, to improve our students’ educational experience, prepare them for the future, and ensure academic integrity.

- Innovate curriculum design and delivery, and simplify pathways, engaging with external partners to support learners at all stages of their education, careers and lives.

Galway Graduates

Our excellent education provides our students with the foundations of learning within their discipline. Taught by subject experts, to the highest standards, our students are prepared with the tools to pursue their ambitions and contribute to the society around them.

We recognise this moment as a period of rapid technological and social change. We will support our students to develop, define and articulate their knowledge and skills so that they are ready to thrive in a complex world and stand out in a highly competitive global employment market. 

Our Galway graduates will be distinguished by their:

  • Creativity and innovation: Creativity is part of our identity and embedded across our teaching, research and partnerships. Our graduates develop their skills in critical thinking, collaborative learning, innovation and entrepreneurship inside and outside the classroom, giving them the confidence, resilience, and agility to thrive in a rapidly changing world.
  • Empathy and engaged citizenship: Our university has a long history of engaged research, service learning and applied social science in local and global contexts. Galway graduates connect their learning with real-world issues in the curriculum, develop emotional intelligence through our pioneering empathy programmes, and engage directly with communities through our teaching, volunteering programmes, social action initiatives and societies.
  • Sustainability leadership: We are recognised internationally as leaders in embedding the United Nations’ Sustainable Development Goals across our curriculum, research and operations. During their time in Galway our students develop the knowledge, skills and experiences to lead the transition to a sustainable future.
  • AI readiness: Our researchers are at the forefront of developments in artificial intelligence and machine learning. We will harness expertise and technology in our teaching, learning and support services to prepare our graduates for the future, engaging them in the opportunities, implications and ethical use of AI.
  • Global outlook: Our students engage with global issues as part of an internationally connected academic community, rooted in our vibrant city with its distinctive identity, culture and heritage. They encounter global perspectives and experiences here in Galway and through student mobility programmes abroad, developing capabilities for inter-cultural working and collaboration into the future.

The University’s distinctive research pillars are fundamental to shaping our graduates’ attributes. By embedding pioneering and globally relevant research in our educational experience, we ensure that our research in health, environment, technology, culture and society not only advances knowledge but also profoundly shapes the next generation of leaders, innovators, and changemakers.

***

Oideachas don Todhchaí

Cinnteoimid go mbeidh an uaillmhian inár gcuid mac léinn a dtodhchaí agus a sochaí a mhúnlú, ag baint úsáid as an eolas, as an muinín agus as an gcruthaitheacht a fhorbraíonn siad trí oideachas sainiúil atá bunaithe ar thaighde agus eispéireas mac léinn-lárnach den scoth.

Gníomhartha:

  • A bheith inár n-ollscoil chéad rogha do mhic léinn na hÉireann agus thar lear agus muid ag seasamh amach i ngeall ar ár n-áit uathúil, ár dtréithe so-aitheanta agus ár láidreachtaí.
  • Céimithe sainiúla na Gaillimhe a fhorbairt le go mbeidh tionchar dearfach acu ar an domhan:
    • trí oideachas den scoth, atá bunaithe ar ár dtaighde, a sholáthar.
    • trí mhic léinn a chumasú lena n-aistear foghlama a chruthú i gcomhar lena chéile mar chuid d’eispéireas iomlánaíoch agus tacúil an mhic léinn.
    • trí dheiseanna a chur ar fáil d’eispéiris agus do chaidrimh éagsúla trí chur lenár gcomhpháirtíochtaí domhanda, le soghluaisteacht dhomhanda agus le hearcaíocht dhomhanda.
  • Bacainní ar ardoideachas agus lena linn a bhaint, dearadh uilíoch a neadú, tacú le mic léinn trí phríomhphointí aistrithe, agus idirghabhálacha spriocdhírithe a dhéanamh a thacaíonn le dul chun cinn gach mic léinn.
  • An inbhuanaitheacht a neadú i ngach ceann dár gcláir agus in eispéireas an champais.
  • Leas a bhaint as an teicneolaíocht inár gcuid teagaisc, foghlama agus measúnaithe d’fhonn feabhas a chur ar eispéireas oideachais na mac léinn, iad a ullmhú don todhchaí agus sláine acadúil a chinntiú.
  • A bheith nuálaíoch maidir le dearadh agus seachadadh an churaclaim, agus conairí a shimpliú, agus oibriú le comhpháirtithe seachtracha le tacú le foghlaimeoirí ag gach céim dá gcuid oideachais, dá ngairm agus dá saol.

Céimithe na Gaillimhe

Cuireann oideachas den scoth bunús maith foghlama ar fáil dár mic léinn taobh istigh dá ndisciplín. De bhrí go múineann saineolaithe ábhair iad, ar an gcaighdeán is airde, tá na huirlisí tugtha do na mic léinn chun a n-uaillmhianta a bhaint amach agus cur leis an tsochaí timpeall orthu.

Aithnímid gur tréimhse í seo ina bhfuil athrú tapa teicneolaíochta agus sóisialta ag tarlú. Tacóimid leis na mic léinn chun a gcuid eolais agus scileanna a fhorbairt, a shainiú agus a chur in iúl ionas go mbeidh siad réidh le dul chun cinn a dhéanamh i ndomhan casta agus seasamh amach i margadh fostaíochta domhanda atá thar a bheith iomaíoch.

Beidh cáil ar chéimithe na Gaillimhe mar gheall orthu seo a leanas:

  • Cruthaitheacht agus nuálaíocht: Is cuid dínn féin í an chruthaitheacht agus tá sí leabaithe sa teagasc, sa taighde agus i gcomhpháirtíochtaí. Forbraíonn céimithe a gcuid scileanna i smaointeoireacht chriticiúil, foghlaim chomhoibríoch, nuálaíocht agus fiontraíocht laistigh agus lasmuigh den seomra ranga, rud a thugann an mhuinín, an láidreacht agus an stuaim dóibh a theastaíonn le go n-éireoidh leo i ndomhan atá ag athrú go tapa.
  • Comhbhá agus saoránacht rannpháirteach: Tá cáil ar an Ollscoil le fada an lá mar gheall ar thaighde gníomhach, foghlaim seirbhíse agus eolaíocht shóisialta fheidhmeach i gcomhthéacsanna áitiúla agus domhanda. Déanann céimithe na Gaillimhe a gcuid foghlama a cheangal le fadhbanna an tsaoil sa churaclam. Forbraíonn siad éirim mhothúchánach trínár gcláir cheannródaíocha chomhbhá, agus bíonn siad ag plé go díreach le pobail tríd an teagasc, obair dheonach, tionscnaimh gníomhaithe shóisialta agus cumainn.
  • Ceannaireacht inbhuanaitheachta: Tá an Ollscoil aitheanta go hidirnáisiúnta mar cheannairí ó thaobh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a leabú sa churaclam, sa taighde agus in oibríochtaí. Le linn a gcuid ama i nGaillimh forbraíonn ár gcuid mac léinn an t-eolas, na scileanna agus na heispéiris chun an t-aistriú chuig todhchaí inbhuanaithe a threorú.
  • Ullmhacht d'AI: Tá ár dtaighdeoirí ar thús cadhnaíochta maidir le forbairtí in intleacht shaorga (AI) agus meaisínfhoghlaim. Bainfimid leas as saineolas agus teicneolaíocht sa teagasc, san fhoghlaim agus sna seirbhísí tacaíochta chun céimithe a ullmhú don todhchaí. Tabharfaidh siad aghaidh ar dheiseanna, impleachtaí agus úsáid eiticiúil AI.
  • Dearcadh domhanda: Téann ár gcuid mac léinn i ngleic le saincheisteanna domhanda mar chuid de phobal acadúil atá nasctha go hidirnáisiúnta, atá fréamhaithe inár gcathair bhríomhar a bhfuil a féiniúlacht, a cultúr agus a hoidhreacht shainiúil féin aici. Bíonn siad ag déileáil le peirspictíochtaí agus eispéiris dhomhanda anseo i nGaillimh agus trí chláir soghluaisteachta mac léinn thar lear, bíonn siad ag forbairt buanna a theastóidh le tabhairt faoi obair agus faoi chomhoibriú idirchultúrtha sa todhchaí.

Tá colúin taighde shainiúil na hOllscoile ríthábhachtach maidir le tréithe ár gcéimithe a mhúnlú. Trí thaighde ceannródaíoch atá ábhartha ar fud an domhain a leabú inár n-eispéireas oideachais, cinnteoimid ní hamháin go gcuireann ár dtaighde i réimse na sláinte, an chomhshaoil, na teicneolaíochta, an chultúir agus na sochaí eolas chun cinn ach go gcuireann sé múnla ar fáil don chéad ghlúin eile ceannairí, nuálaithe agus gníomhairí athraithe.