Tionscnaimh Thosaíochta

 Leagan Gaeilge

To invest in strong foundations for our core activities of research and teaching, to ensure we effectively implement our strategic priorities, and to make tangible the positive change that our community and stakeholders can expect to engage in, contribute to and benefit from, we will invest in a number of Priority Initiatives that are resourced, output-oriented and time-bound:

  • Future Talent Programme: We will invest to attract new talent in research, teaching and professional services to Galway, develop current staff, and grow our PhD cohort through targeted programmes that advance our strategic priorities.
  • Student Success Centre: This dedicated unit will collaborate with Colleges and central student services to use data, student feedback and targeted interventions to drive student progression rates and support and monitor student success, health, wellbeing and transitions.
  • Student Digital Pathways: We will complete this major digital transformation programme to improve the organisation, processes, underlying technology and data used to manage the students’ journey at University of Galway – from recruitment to graduation.
  • Research Process Improvement Project: A multi-faceted change programme that improves the research journey and experience, empowering our research community with streamlined processes and targeted supports across the research lifecycle to maximise our impact.
  • Technology-Enablement Programme: Significant investment in our ICT operating models and the successful delivery of digital infrastructure projects will be critical to our success in the coming years.
  • Communicating Distinctiveness Project: We will amplify our international reputation for research and education through targeted communications and engagement campaigns, including a redesigned website that demonstrates our distinction to the world.
  • Organisational Transformation Office: This central office will bring together expertise in change management, business analysis, data analysis, project management and communications to ensure that major strategic initiatives are delivered effectively and efficiently, streamlining our systems and processes to make it easier to work in and with our university.
  • Library and Learning Commons: A landmark new building for Galway that reimagines learning and discovery for the twenty-first century.

***

Tionscnaimh Thosaíochta

Chun go mbeidh bonn láidir faoinár bpríomhghníomhaíochtaí taighde agus teagaisc, lena chinntiú go gcuirfimid ár dtosaíochtaí straitéiseacha i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun an t-athrú dearfach ar féidir lenár bpobal agus ár bpáirtithe leasmhara a bheith ag súil leis le bheith páirteach ann, cur leis agus tairbhe a bhaint as a chur i gcrích, déanfaimid infheistíocht i roinnt Tionscnamh Tosaíochta a bhfuil acmhainní ar fáil ina leith, atá dírithe ar thorthaí agus atá faoi cheangal ama:

  • Clár na nDaoine Cumasacha amach anseo Déanfaimid infheistíocht chun daoine cumasacha i dtaighde, i dteagasc agus i seirbhísí gairmiúla a mhealladh go Gaillimh, chun an fhoireann reatha a fhorbairt, agus chun cur leis an gcohórt a bhfuil PhD acu trí chláir spriocdhírithe a chuireann ár dtosaíochtaí straitéiseacha chun cinn.
  • Ionad Rathúlachta na Mac Léinn: Comhoibreoidh an t-aonad tiomnaithe seo le Coláistí agus le seirbhísí lárnacha na mac léinn chun sonraí, aiseolas na mac léinn agus idirghabhálacha spriocdhírithe a úsáid chun rátaí dul chun cinn na mac léinn a ardú agus chun tacú le agus monatóireacht a dhéanamh ar rathúlacht, sláinte, folláine agus aistrithe na mac léinn.
  • Conairí Digiteacha na Mac Léinn: Cuirfimid an mórchlár claochlaithe digiteach seo i gcrích chun feabhas a chur ar an eagraíocht, ar na próisis, ar an mbunteicneolaíocht agus ar na sonraí a úsáidtear chun turas na mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe a bhainistiú – ón earcaíocht go dtí bronnadh na céime.
  • Tionscadal Feabhsaithe an Phróisis Taighde: Clár athraithe ilghnéitheach a fheabhsaíonn an turas taighde agus an t-eispéireas taighde, a chuidíonn leis an bpobal taighde trí phróisis shruthlínithe agus tacaíochtaí spriocdhírithe a chur ar fáil thar shaolré an taighde chun go mbeidh an oiread tionchair agus is féidir againn.
  • An Clár Éascaithe Teicneolaíochta: Beidh infheistíocht shuntasach inár múnlaí oibriúcháin TFC agus i seachadadh tionscadal infreastruchtúir dhigitigh ríthábhachtach chun go n-éireoidh linn sna blianta amach romhainn.
  • An Tionscadal Sainiúlachta a Chur in Iúl: Cuirfimid lenár gcáil idirnáisiúnta maidir le taighde agus oideachas trí fheachtais chumarsáide agus rannpháirtíochta spriocdhírithe, lena n-áirítear láithreán nua gréasáin atá tarraingteach agus a léiríonn éagsúlacht na háite seo don saol mór.
  • An Oifig do Chlaochlú Eagraíochta: Tabharfaidh an oifig lárnach seo le chéile saineolas i mbainistíocht athraithe, anailís ghnó, anailís sonraí, bainistíocht tionscadail agus cumarsáid chun a chinntiú go gcuirtear mórthionscnaimh straitéiseacha ar fáil go héifeachtach agus go héifeachtúil, ag cinntiú go bhfuil ár gcórais agus ár bpróisis chomh héifeachtach agus is féidir chun go mbeidh sé níos éasca a bheith ag obair san ollscoil agus leis an ollscoil.
  • Leabharlann agus Ionad Foghlama: Foirgneamh mór nua do Ghaillimh a chuirfidh cruth nua ar fhoghlaim agus ar fhionnachtain don aonú haois is fiche.