Ceol traidisiúnta, seanchas agus damhsa ag Féile Múscailt in OÉ Gaillimh

Feb 06 2008 Posted: 00:00 GMT
I measc cuid de na haíonna a bheidh ag seinm san Aula Maxima in OÉ Gaillimh Déardaoin, an 7 Feabhra, mar chuid d'oíche speisialta de cheol traidisiúnta, seanchas agus damhsa beidh Frankie Gavin, Máirtín O'Connor agus Mary McPartlan.

I measc na gceoltóirí a bheidh ag seinm tá Ronan Browne agus Arty McGlynn. Beidh an t-amhranaí sean-nóis Róisín Elsafty ar an ardán freisin. Seó ar leith a bheidh anseo sa mhéid is go mbeidh deis ag gach duine a bheidh ar an ardán labhairt leis an slua agus léargas a thabhairt ar an bhfoirm ealaíne a chleachtann siad féin. Tabharfaidh an damhsóir ar na sean-nós Róisín Ní Mhainín agus an seanchaí Fiona Kelly léargas ar a stíl thraidisiúnta féin ar an oíche freisin.

Beidh fáilte roimh an slua ó 7pm ar aghaidh agus beidh ticéid ar díol ag an doras. Cuirfear tús le himeachtaí na hoíche ag 7.30 pm. Cosnaíonn ticéad €10 agus tá saorchead isteach ag mic léinn OÉ Gaillimh.

Is cuid de chlár Arts in Action OÉ Gaillimh an t-imeacht seo agus is cuid den chlár Múscailt 2008 é freisin. Tá an clár Arts in Action dírithe ar mhic léinn fochéime atá i mbun staidéir i gColáiste na nDán, na nEolaíochtaí Sláinte & an Léinn Cheiltigh. Mar chuid den chlár áirítear léiriúcháin agus léachtaí ar fhoirmeacha éagsúla ealaíne. Tugann an clár seo deis don phobal na hEalaíona Cruthaitheacha a bhlaiseadh.

Beidh Múscailt '08, Féile Ealaíon an Earraigh OÉ Gaillimh, ar siúl idir 5 – 9 Feabhra 2008. Beidh idir cheolchoirmeacha, sheónna amharclainne, dhamhsa, thaispeántais, sheanchas, scannáin agus léiriúcháin bheo ar siúl ar an gcampas i gcaitheamh na seachtaine. Tá saorchead isteach ag formhór na n-imeachtaí agus tá fáilte roimh chách.

CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories