Eolas faoi Bhreis is 400 Clár Iarchéime le fáil ag Aonach Léinn Iarchéime OÉ Gai

Jan 18 2008 Posted: 00:00 GMT
Beidh an tAonach Léinn Iarchéime ar siúl in OÉ Gaillimh idir 1.30 – 5 pm, Dé Luain, an 4 Feabhra 2008 in Áras na Mac Léinn. Beidh eolas le fáil faoi 429 clár iarchéime lánaimseartha agus páirtaimseartha atá ar siúl in OÉ Gaillimh, lena n-áirítear cláir mháistreachta mhúinte agus thaighde, mar aon leis na deiseanna atá ann taighde dochtúireachta a dhéanamh. Tá beagnach 3,500 mac léinn iarchéime ag freastal ar OÉ Gaillimh i láthair na huaire.

Beidh 70 seastán ag an Aonach Léinn Iarchéime agus beidh eolas le fáil faoi na deiseanna ar fad atá ar fáil in OÉ Gaillimh. Beidh idir chomhaltaí foirne acadúla agus mhic léinn i láthair chun ceisteanna faoi na cúrsaí éagsúla a fhreagairt. Beidh seimineár dar teideal 'Research & Funding Opportunities' ar siúl ag 2.15pm agus beidh láithreoireacht dar teideal 'Careers and Making a Postgraduate Application' ar siúl ag 3.15pm. Is é Banc na hÉireann a dhéanann urraíocht ar an Aonach, agus beidh seastáin ann freisin ó institiúidí eile ar fud na tíre.

Deir John Hannon, Stiúrthóir Ionad Forbartha Gairme OÉ Gaillimh, "cabhraíonn cáilíocht iarchéime go mór le duine post níos fearr a bhaint amach. Is cuma mura bhfuil do chéim díreach faighte agat nó má tá do chéim faighte agat le fada an lá, is cinnte go bhfuil an-éileamh anois ar dhaoine le cáilíochtaí iarchéime nó cáilíochtaí 'ceathrú' leibhéal. Téann níos mó agus níos mó mac léinn i mbun staidéar iarchéime anois ar mhaithe leis na gairmeacha agus na tuarastail is fearr agus is féidir a bhaint amach dóibh féin".

Le téama an 'cheathrú leibhéal', tá deiseanna iarchéime OÉ Gaillimh anois á bhfógairt faoin mbranda ar a dtugtar go4th™. Soláthraíonn an Ollscoil oideachas ceathrú leibhéal den scoth, agus forbraítear cláir atá bunaithe ar láidreachtaí traidisiúnta acadúla OÉ Gaillimh – Na Dána, Na hEolaíochtaí Sóisialta, An Léann Ceiltreach, Tráchtáil, Leigheas, Altranas, Eolaíocht Sláinte, Dlí, Innealtóireacht, Faisnéisíocht agus Eolaíocht. Tá méadú tagtha ar na réimsí seo agus ar Ionaid Nuálaíocha Taighde i réimsí cosúil le hInnealtóireacht Bhithleighis, Cearta Idirnáisiúnta an Duine, Na Meáin Dhigiteacha & Staidéar Scannán agus Leigheas Athghiniúnach.

Tá réamheolaire ar líne OÉ Gaillimh le fáil ag www.go4th.ie. Is féidir iarratas a dhéanamh ar chúrsaí iarchéime ar líne freisin trí PAC (An tIonad Iarratas Iarchéime www.pac.ie). Deir Valerie Leahy, An tOifigeach um Iontrálacha Iarchéime in OÉ Gaillimh gur féidir iarratas a dhéanamh ar fhormhór na gclár múinte agus taighde ar líne anois, agus gur "fusa an córas a úsáid agus cinntíonn sé nach gcuirtear mórán moille ar an bpróiseas trí chéile ná ar an bpróiseas déanta cinntí".

Tá tuilleadh eolais maidir leis an Aonach Léinn Iarchéime le fáil ag www.go4th.ie/gsf

- críoch -

PreviousNext

Featured Stories