Fógraíonn an tAire Martin comhoibriú suntasach Taighde & Forbartha idir

Jan 21 2008 Posted: 00:00 GMT
An chéad chomhoibriú Taighde & Forbartha do Beckman Coulter in Éirinn

Inniu (Dé Luain, 21 Eanáir 2008) d'fhógair an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Micheál Martin TD, go bhfuil Beckman Coulter Inc, soláthraí domhanda de chórais tástála bhithmhíochaine, le tacaíocht IDA Ireland, chun comhchlár taighde ceithre bliana a bhunú le OÉ Gaillimh – taighde a bheidh bunaithe ar Dhiagnóisic Mhóilíneach.

Is in Fullerton, California atá ceanncheathrú Beckman Coulter – ceann de phríomhdhéantúsóirí córas tástála ionstraimí, tástálacha agus soláthairtí bithmhíochaine a shimplíonn agus a uathoibríonn próisis saotharlainne. Déanann an chuideachta atá bunaithe ag Beckman Coulter i nGaillimh raon leathan táirgí imoibrithe ceimice, haemaiteolaíochta agus imdhíon-mheasa agus úsáid á baint as córais diagnóisice na cuideachta. Tá fás as cuimse ag teacht ar Dhiagnóisic Mhóilíneach laistigh den tionscal diagnóisice agus d'fhéadfadh sé $2 billiún a shaothrú go bliantúil. Is féidir leis an earnáil seo roghanna tapa agus íogaireacha a sholáthar seachas na tástálacha traidisiúnta micribhitheolaíocha agus imdhíon-mheasa trí mhóilíní DNA a bhrath ó bhaictéir, víris agus cealla ailse i samplaí othair agus i dtorthaí 'sampla go freagra'.

Is ionann an infheistíocht seo agus an chéad chomhthionscadal taighde atá déanta ag Beckman Coulter in Éirinn. San áireamh sa chomhthionscadal seo beidh foireann taighde a chruthú – deichniúr taighdeoirí Máistreachta agus PhD – foireann a bheidh bunaithe in OÉ Gaillimh, mar aon le cur leis an Maoin Intleachtúil atá forbartha san Ollscoil cheana féin.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Martin le linn dó an comhthionscadal taighde seo a fhógairt, "Tá beartas an Rialtais agus straitéis IDA Ireland ag feidhmiú ar mhaithe le hÉirinn a bhunú mar ionad straitéiseach den chéad scoth do thaighde agus d'fhorbairt i réimse na heolaíochta agus na teicneolaíochta agus chun cur chuige nua i ndáil le Taighde & Forbairt a bhunú trí infheistíochtaí nuálaíocha agus comhpháirtíochtaí acadúla sa tionscal".

"Trí thacú leis an gclár casta tionsclaíoch taighde seo idir Beckman Coulter agus OÉ Gaillimh tá IDA Ireland ag cur le taighde atá déanta cheana féin in OÉ Gaillimh; taighde a fuair maoiniú ó Fiontraíocht Éireann. Is léir go raibh tionchar ag dea-cháil OÉ Gaillimh mar ionad taighde den scoth sa diagnóisic bhitheolaíoch mhóilíneach sa chinneadh a rinne Beckman Coulter leanúint ar aghaidh leis an gcomhthionscadal taighde seo. Bhí an-tionchar ag foireann bainistíochta ardcháilithe Beckman Coulter agus lucht oibre na cuideachta i nGaillimh ar an infheistíocht Taighde & Forbartha seo a mhealladh i dtreo na Gaillimhe." Ina theannta sin, dúirt an tAire, "má éiríonn go maith leis an tionscadal seo go mb'fhéidir go mbeadh ar chumas na cuideachta imdhíon-mheasa Diagnóisic Mhóilíneach a fhorbairt i nGaillimh amach anseo."

Dúirt Mike Whelan, Leas-Uachtarán Grúpa ar Ghrúpa Tástála Ard-Íogaireachta Beckman Coulter, gur "céim mhór chun tosaigh na socruithe seo maidir le córas diagnóiseach móilíneacha 'sampla go toradh' a fhorbairt, lena n-áirítear sraith dhifreáilte de thástálacha measartha casta a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar chinntí práinneacha cliniciúla. Ciallaíonn na socruithe seo go bhfuil teacht againn ar mhaoin intleachtúil chun tástálacha a fhorbairt do ghalair thógálacha lena n-áirítear seipseas; ionfhabhtuithe a fhaigtear san ospidéal; agus galair ghnéas-tarchurtha cosúil le Clamaidia agus Neisseria."

Ina theannta sin, dúirt an tUasal Whelan, "Trí leas a bhaint as na teicneolaíochtaí atá ar fáil in OÉ Gaillimh agus ár dteicneolaíochtaí féin féadfaimid tuairim éigin a fháil ar a bhfuil i ndán dúinn sa réimse diagnóisic mhóilíneach amach anseo. Is é atá mar aidhm againne go gciallóidh ár réiteach simplí, uathoibrithe gur féidir na tástálacha casta, fada agus dlúthfhostaíochta seo a áireamh mar chuid de ghnáthchleachtas saotharlainne in ospidéil. Ciallóidh sé seo go mbeidh teacht ag dochtúití ar eolas dhiagnóiseach taobh istigh d'uaireanta an chloig, seachas a bheith ag fanacht laethanta nó seachtainí, agus go mbeidh ar a gcumas tús a chur le cóireáil othar níos luaithe."

Le linn d'Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh a bheith ag labhairt faoin gcomhpháirtíocht nua seo le Beckman Coulter mhol sé obair an Ionaid Náisiúnta um Eolaíocht Innealtóireachta Bithmhíochaine (NCBES) agus Roinn na Micribhitheolaíochta, a bhfuil ról lárnach acu sa tionscnamh taighde seo. "Cinntíonn obair na rann seo go mbaintear leas as scileanna taighdeoirí den scoth atá ag obair ar chuid de na ceisteanna is dúshlánaí agus is tábhachtaí sa taighde bithmhíochaine. Is é atá mar aidhm leis an obair seo an modh a bhfuil cóir leighis á fáil ag othair a athrú. Is é a bheidh mar thoradh ar an gcomhthionscadal forbartha taighde agus teicneolaíochta le Beckman Coulter go gcuirfear feabhas ar an gcúram atá á fháil ag othair agus léargas maith an méid seo ar an tacaíocht atá á tabhairt ag an tionscal don taighde atá ar bun in OÉ Gaillimh."

Le linn don Ollamh Terry Smith, Stiúrthóir NCBES, agus Stiúrthóir an Chláir um Dhiagnóisic Mhóilíneach, a bheith ag labhairt ag an ócáid dúirt sé gur "comhthionscadal suntasach taighde é seo do OÉ Gaillimh agus Beckman Coulter, agus go mbaineann sé leas as acmhainní tástála agus ionstraimíochta diagnóisice an dá pháirtí, rud a chiallíonn gur féidir teicneolaíochtaí nua a fhorbairt a chabhróidh chun galair thógálacha a aithint i ndaoine. Ina theannta sin, tacaíonn na socruithe comhpháirtíochta seo le Taighde & Forbairt atá ar siúl in OÉ Gaillimh ar dhiagnóisic mhóilíneach galar tógálach, léiriú eile fós ar ár seasamh domhanda sa réimse seo."

CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories