Éagothroime Shláinte i Measc Daoine Óga – Comparáid idir Leanaí na hÉireann agus

Jun 17 2008 Posted: 00:00 IST
Fógraíonn an tIonad Taighde um Chothú Sláinte in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh tuarascáil nua na hEagraíochta Domhanda Sláinte dar teideal "Health Inequalities in Young People's Health". Seo an tuarascáil idirnáisiúnta is deireanaí faoin suirbhé HBSC ar Iompraíocht Sláinte i measc Leanaí ag Aois Scoile www.euro.who.int Tá torthaí le fáil sa tuarascáil seo maidir le bearta sláinte agus leasa daoine óga i 41 tír san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh. Chomh maith le patrúin thrasnáisiúnta, léiríonn an tuarascáil na hathruithe sláinte ag aoiseanna áirithe agus scrúdaítear an difríocht idir buachaillí agus cailíní agus an difríocht idir leanaí ó theaghlaigh bhoichte agus shaibhre. Bailíodh an t-eolas ó bhreis agus 200,000 dalta 11, 13 agus 15 bliana d'aois. Is é an chiall is leithne atá le sláinte sa tuarascáil i.e. leas fisiciúil, sóisialta agus mothúchánach. Tá torthaí le fáil sa tuarascáil chomh maith ar chomhthéacs sóisialta na sláinte cosúil le caidreamh piaraí agus teaghlaigh, an timpeallacht scoile agus deitéarmanaint shocheacnamaíocha. Ba í an Dr. Saoirse Nic Gabhainn, ón Ionad Taighde um Chothú Sláinte san Ollscoil a bhí mar Phríomh-Imscrúdaitheoir in Éirinn agus mar chomhúdar ar an tuarascáil. Dúirt an Dr. Nic Gabhainn, "Is é seo an chéad uair a rinneadh taifead córasach ar éagothroime i sláinte daoine óga agus aois, inscne, saibhreas agus tíreolaíocht curtha san áireamh san oiread seo tíortha – cloch mhíle atá ann sa tuiscint atá againn ar shláinte daoine óga. Tá an t-aoisghrúpa atá i gceist ar tí a bheith ina n-ógánaigh, agus athruithe fisiciúla agus mothúchánacha rompu, agus cinntí tábhachtacha saoil agus gairme le déanamh acu". I gcomparáid leis na 40 tír eile san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh, d'éirigh go maith le leanaí na hÉireann, ó thaobh gníomhaíocht fhisiciúil (an 10 is fearr) agus bricfeasta a ithe (an 10 is fearr) agus thuairiscigh siad leibhéal sách íseal tinnis (an 10 is ísle) agus gortaithe (an 10 is ísle). Tá leanaí na hÉireann sa chúig is fearr ó thaobh dlúthchairde agus an chaoi a n-éiríonn leis na haoisghrúpaí ar fad ag an scoil. Tá leanaí bunscoile (11 bhliain d'aois), in íochtar ó thaobh iompraíocht dhiúltach cosúil le troid (37ú háit) agus bulaíocht (33ú háit) agus tá Éire sa deich dtír is fearr ó thaobh sástacht saoil. Dúirt an Dr. Saoirse Nic Gabhainn, "Dea-scéal é seo don tír seo, táimid fós chun cinn ó thaobh gníomhaíocht fhisiciúil, agus tá feabhas tagtha orainn ó thaobh milseáin a ithe agus deochanna boga a ól, chomh maith le fiacla a ní, áit nach raibh ag éirí go maith linn i suirbhéanna trasnáisiúnta an HBSC roimhe seo". Tháinig laghdú ar líon na ndaoine a chaitheann agus a ólann ó staidéir HBSC roimhe seo i 1998 agus in 2002. Ag leibhéal ar an meán atá leanaí 15 bliana na hÉireann maidir le caitheamh tobac go seachtainiúil (19%, sa 16ú háit), agus a bheith ar meisce faoi dhó, ar a laghad, (33%, sa 20ú háit), agus beagán os cionn an mheáin maidir le cannabas a chaitheamh sna 30 lá roimh an suirbhé (9%, sa 12ú háit). San Eoraip agus Éire san áireamh, is léir go bhfuil éagothroime i measc leanaí bunaithe ar inscne agus saibhreas agus caithfear díriú air seo. Inscne: Tá difríochtaí móra inscne le sonrú, go háirithe sna haoisghrúpaí níos sine. Ag 15 bliana d'aois, is mó seans go n-íosfaidh buachaillí bricfeasta ná cailíní (70% vs. 57%), go ndéanfaidh said gníomhaíocht fhisiciúil (27% vs. 13%), gur úsáid said cannabas le gairid (11% vs. 7%) agus go raibh siad ag troid (19% vs. 7%). Is mó seans a bhí ann chomh maith gur chaith buachaillí am lena gcairde sa tráthnóna (43% vs. 33%), gur gortaíodh iad (50% vs. 34%) agus gur tharraing siad go maith lena n-aithreacha (66% vs. 50%). Aois: Ag 15 bliana déag, is mó seans go ndéarfadh cailín ná buachaill go raibh ag éirí go maith léi sa scoil (71% vs. 61%), go raibh tacaíocht aici óna comhghleacaithe sa rang (65% vs. 53%), ach gur bhraith sí faoi bhrú ag obair scoile (60% vs. 47%). Tuairiscíonn cailíní nó mó fadhbanna sláinte (40% vs. 25%) agus ceapann níos mó cailíní ná buachaillí go bhfuil siad ró-ramhar (45% vs. 22%). Maidir le hiompraíocht sláinte, is mó seans go n-íosfadh cailíní torthaí gach lá (39% vs. 29%), go nífidís a gcuid fiacla gach lá (76% vs. 52%) agus go mbeidís ar aiste bia (19% vs. 8%). Saibhreas Teaghlaigh: Bíonn patrúin itheacháin níos fearr ag leanaí ó theaghlaigh níos saibhre – is mó seans atá ann go n-íosfaidh siad bricfeasta agus torthaí agus is lú seans atá ann go n-ólfaidh siad deochanna boga. Is túisce go ndeir leanaí níos saibhre go dtarraingíonn siad go maith lena n-aithreacha agus lena gcairde agus go n-éiríonn go maith leo ar scoil. Is mó seans go mbeidh leanaí ó theaghlaigh níos boichte ag caitheamh tobac, ag fanacht amuigh san oíche le cairde agus ag breathnú ar an teilifís níos faide ná 2 uair an chloig mar a mholtar. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire do Chothú Sláinte agus Sábháilteacht Bia, Mary Wallace T.D., "Fearaim fáilte roimh an Tuarascáil Idirnáisiúnta ar Iompraíocht Sláinte i Measc Leanaí Scoile. Tá go leor sonraí sa Tuarascáil ar iompraíocht sláinte leanaí as 41 tír. D'éirigh go maith le leanaí na hÉireann i gcomparáid le sláinte agus leas na leanaí idirnáisiúnta. Léirítear sa staidéar go bhfuil dúshlán roimh gach tír maidir le hiompraíocht sláinte a n-ógánach ó thaobh aiste bia, caitheamh tobac, ól alcóil agus gníomhaíocht fhisiciúil. Cabhróidh na sonraí a foilsíodh inniu le beartas agus forbairt seirbhíse sna blianta beaga amach romhainn." Léiríonn na torthaí seo go bhfuil neart oibre le déanamh chun cothromaíocht a fháil do dhaoine óga in Éirinn agus san Eoraip. Beidh an t-eolas sa tuarascáil seo riachtanach don lucht déanta beartais, straitéise agsu cleachtais i sláinte na hóige. Leanfaidh an fhoireann HBSC in OÉ Gaillimh uirthi ag déanamh anailíse ar na patrúin seo ionas tuiscint a fháil orthu.
- críoch -

PreviousNext

Featured Stories