Oilimpigh i measc Bhuaiteoirí Gradam Spóirt OÉ Gaillimh

Mar 06 2008 Posted: 00:00 GMT
Tá Buaiteoirí Gradam Spóirt 2008 fógartha ag OÉ Gaillimh. Is é an t-aoi speisialta, An tOllamh Jim Browne, Uachtarán nua na hOllscoile, a bhronnfaidh na gradaim. Beidh an searmanas bronnta ar siúl anocht, Déardaoin, an 6 Márta in Óstán an Ard Oileáin, i nGaillimh ag 8pm.

I measc na mbuaiteoirí gradam tá Alan Martin (Bóthar na Trá), Cormac Folan (Bearna) and James Wall (Luimneach) – ó fhoireann cheathrar iomróirí trom-mheáchain na hÉireann – a gheobhaidh Gradam Gnóthachtála Speisialta 2008. Déanfaidh an criú seo ionadaíocht thar ceann na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha a bheidh ar siúl i mBéising níos déanaí i mbliana.

Seo a leanas buaiteoirí na nGradam Spóirt i mbliana:

  • Boghdóireacht: Niamh Breathnach, Corr na Móna, Co. na Gaillimhe.
  • Lúthchleasaíocht: Kevin Duggan, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí.
  • Dornálaíocht: Deirdre Flynn, Sráid an Mhuilinn, Co. Chorcaí.
  • Camógaíocht: Laura Linnane, Sionainn, Co. an Chláir.
  • Cruicéad: Abhi Shekdixit, An India.
  • Iománaíocht: Darragh Egan, Cill Daingin, Co. Thiobraid Árann.
  • Peil Ghaelach na mBan: Anna Conlon, Drom Dhá Thiar, Co. Liatroma.
  • Sacar na mBan: Niamh Fahey, Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe.
  • Rugbaí na mBan: Anne O'Callaghan, Abhainn an Scáil, Co. Chiarraí.
  • Peil Ghaelach na bhFear: Gareth Bradshaw, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe.
  • Rugbaí na bhFear: Gary Collins, An Rinn Mhór, Gaillimh.
  • Sacar na bhFear: Seamus Conneely, Caiseal, Co. na Gaillimhe.
  • Gradam Foirne: An Club Rámhaíochta – Ruadhán Cooke, John Forde, Evin Donnelly, Paul Giblin, Jason Wall, Breffny Morgan, Mathew Carroll, Martin Wallace, Dave Mannion agus Paul Murray. Bhuaigh an fhoireann seo Comórtas Sinsearach na bhFear do Cheathrar Iomróirí agus Liagóir agus Comórtas Sinsearach na bhFear do Bheirt Iomróirí gan Liagóir ag Craobhchomórtas Náisiúnta Rámhaíochta na hÉireann 2007, mar aon leis an gComórtas Sinsearach d'Ochtar Iomróirí ag an gComórtas Rámhaíochta Idir-Ollscoile.
  • Gradam Foirne: An Club Liathróid Láimhe – Shane Hayes, Kevin Cradock, Ciaran Burke, Ricky O'Gara, Caitríona Casey, John Kennedy agus Marianne Rushe. Is é an Club Liathróid Láimhe seaimpíní foirne 40 x 20 Idir-Ollscoile. Bhuaigh Marianne Rushe agus Caitríona Casey an Comórtas Oscailte Dúbailte ag Comórtas Domhanda na nOllscoileanna Coláisteacha i Missouri in 2007.
  • Gradam Foirne: An Club Tonnmharcaíochta – Stephen Kilfeather, Eoin McCarthy Deering, Hugh Galloway, Andrew Kilfeather, Aidan Kelly, Claire Concannon, Elisha Hickey, Brian O Donnacha, Brendan O'Toole, Ricky Whelan. Bhuaigh an fhoireann seo an Comórtas Idir-Ollscoile trí bhabhta as a chéile.
  • Gradam Gnóthachtála Speisialta 2008: Alan Martin, Cormac Folan agus James Wall, Rámhaíocht.

    Seo a leanas a bhí le rá ag Tony Regan, Oifigeach Spóirt agus Áineasa, OÉ Gaillimh le linn dó na buaiteoirí a fhógairt: "Tá bua ar leith ag buaiteoirí na ngradam i mbliana agus is iad an chéad ghlúin eile de Réalta Spóirt na hÉireann iad. Tugann na lúthchleasaithe iontacha seo dea-shampla dúinn ar fad agus cúis bróid agus mórtais dúinn iad a bheith mar mhic léinn againn anseo in OÉ Gaillimh faoi láthair. Cabhraíonn na Gradaim Spóirt seo linn, i dteannta lenár Scéim Scoláireachta Spóirt, aitheantas a thabhairt do bhua na ndaoine óga seo agus guímid gach rath orthu sna blianta amach romhainn".

    Bronntar Gradaim Spóirt OÉ Gaillimh gach bliain chun aitheantas a thabhairt do mhic léinn OÉ Gaillimh ar éirigh go maith leo i gcúrsaí spóirt sa bhliain acadúil atá caite agus is é Brainse na hOllscoile de Bhanc na hÉireann a chuireann urraíocht ar fáil do na gradaim.

    CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories