Cartlann Hipirmheán ar Líne Thomas Moore á seoladh le linn an cheiliúrtha 200 bl

Nov 25 2008 Posted: 00:00 GMT
Seolfaidh Institiúid de Móra in OÉ Gaillimh céim phíolótach Chartlann Hipirmheán Thomas Moore ag comhdháil faoi shaol, faoi shaothar agus faoi oidhreacht Thomas Moore (1779 – 1852), dar teideal Thomas Moore: Texts, Contexts, Hypertext, Dé hAoine agus Dé Sathairn, an 28 agus an 29 Samhain. Is áis leictreonach ar líne saor in aisce a bheidh sa Chartlann, arb í an chéad cheann den sórt sin í in Éirinn agus atá á maoiniú ag an IRCHSS, ina mbaileofar scríbhinní, ceol agus léaráidí Moore, nótaí agus tuairimíocht scolártha nua agus taifeadtaí éagsúla fuaime. Ina measc seo beidh taifeadadh nua ar gach ceann den 124 fonn a chum Moore, leis an bpianódóir Úna Hunt agus leis na hamhránaithe óga atá ag ceol i gceolchoirm 'My Gentle Harp', á léiriú ag léiritheoir EMI Jonathan Allen. Dúirt stiúrthóir na Cartlainne, an Dr Sean Ryder as OÉ Gaillimh, an méid seo a leanas: "Cuirfidh Cartlann Hipirmheán Thomas Moore ar chumas daoine taithí a fháil ar shaothar Moore i bhfoirm ilmheán – ina nascfar focail, ceol agus léaráidí – agus beidh sí ina háis ag lucht léinn agus ag an bpobal i gcoitinne. Beifear ag forbairt an tionscadail as seo go ceann cúpla bliain, trína thuilleadh ábhair a chur leis, trí eagarthóireacht á déanamh ar théacsanna eile, agus trí ábhar a bheith á chur leis an gcartlann ag na húsáideoirí. D'fhoilsigh Moore níos mó ná míle dán, mar aon le beathaisnéisí, úrscéal agus saothair phróis eile, agus tá súil againn go mbeidh an t-ábhar seo ar fad ar fáil ar líne." I measc chainteoirí na comhdhála beidh beathaisnéisí Moore, Ronan Kelly, na léirmheastóirí ar chultúr na hÉireann Luke Gibbons agus Emer Nolan, an ceoleolaí Harry White, agus eagarthóirí Moore, Jeffery Vail agus Jane Moore. Cuirfear tús leis an gcomhdháil le léacht agus ceadal ceoil leis an teanór agus an scoláire James Flannery, le tionlacan ón gcláirseoir Janet Harbison. Chomh maith leis an gcomhdháil, mar chuid de thuras náisiúnta, cuirfear tús le ceolchoirm agus taispeántas taistil dar teideal 'My Gentle Harp: Moore's Irish Melodies 1808 – 2008' san Aula Maxima in OÉ Gaillimh Dé Sathairn, an 29 Samhain ag 8pm. Beidh an turas ag dul ar fud na tíre idir seo agus Aibreán 2009 mar cheiliúradh ar an 200 bliain ó foilsíodh Moore's Irish Melodies leis an gcumadóir agus leis an bhfile cáiliúil Thomas Moore. Is le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, ón gComhairle Ealaíon, ó Oifig na nOibreacha Poiblí, ón Leabharlann Náisiúnta agus ó Ardscoil Cheoil agus Drámaíochta DIT atá an turas á reáchtáil. Ina measc sin a bheidh ar stáitse le linn na ceolchoirme beidh duine de phríomhphianódóirí na hÉireann an Dr Úna Hunt agus ina teannta beidh Dean Power, Claudia Boyle agus Gavan Ring, ar buaiteoirí duaiseanna guthanna óga iad ag Féile Thomas Moore DIT a tionóladh i mí Eanáir 2008, agus a chuirfidh amhráin cháiliúla Moore, leithéidí The Last Rose of Summer, The Minstrel Boy, The Harp that Once Through Tara's Halls nó The Meeting of the Waters agus cuid de na hamhráin sa bhailiúchán nach bhfuil an oiread sin eolais ag daoine orthu i láthair. Scríobh Moore 124 amhrán ar fad i dtréimhse 26 bliain. Tá ceol 'cuimhneacháin' pianó ar an gclár chomh maith a scríobh cumadóirí ón naoú céad déag mar fhreagairt ar Moore's Melodies. Tá taispeántas taistil, a roghnaigh Acadamh Ríoga na hÉireann, ina chuid de cheiliúradh cuimhneacháin 'My Gentle Harp' agus beidh sé ar bun san Aula Maxima in OÉ Gaillimh go dtí an 5 Nollaig. Is éard atá ann painéil ina ndéantar cur síos ar óige agus ar shaol Moore, léiriú ar an gclár faisnéise teilifíse One Faithful Harp a rinne Hummingbird Productions, agus gearrthóga fuaime ó dhlúthdhiosca ar díolaim é de thaifeadtaí a rinne ceoltóirí cáiliúla ar fhoinn Moore. Beidh na taifeadtaí ar fáil ar dlúthdhiosca chomh maith i mí na Nollag 2008. Níl aon táille ar an gcomhdháil, agus tá an clár ar fáil ar an láithreán gréasáin: www.mooreinstitute.ie.
CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories