Cuairt an Choimisiúin Eorpaigh ar OÉ Gaillimh

Tuesday, 11 November 2008

Thug ionadaithe sinsearacha ó Ard-Stiúrthóireacht Ateangaireachta an Choimisiúin Eorpaigh cuairt ar OÉ Gaillimh le deireanas le plé a dhéanamh ar an M.A. san Ateangaireacht Chomhdhála atá á thairiscint ag an Ollscoil. Tá éileamh ar ateangairí cáilithe san Aontas Eorpach anois de bharr an stádais oifigiúil atá ag an nGaeilge ó 2007 agus cuireadh an cúrsa M.A. seo, an chéad chúrsa dá leithéid in Éirinn, ar bun chun freastal ar an margadh seo. Leagan Gaeilge View in English Seirbhís ateangaireachta an Choimisiúin Eorpaigh is ea an Ard-Stiúrthóireacht Ateangaireachta agus tá sí ar an tseirbhís is mó dá leithéid ar domhan. Cé nach gcuireann an Ard-Stiúrthóireacht oiliúint ar ateangairí, comhoibríonn sé le líon beag ollscoileanna go hidirnáisiúnta le cinntiú go mbíonn an oiliúint atá á cur ar fáil ar ardchaighdeán. In Éirinn, tá sé ag obair go dlúth le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh le cinntiú go mbaineann an cúrsa nua M.A. san Ateangaireacht Chomhdhála na caighdeáin is airde amach. Tá an cúrsa nua M.A. san Ateangaireacht Chomhdhála á chur ar fáil ag an Acadamh ar an gCeathrú Rua agus tá an chéad ghrúpa mac léinn i mbun staidéir ó mhí Mheán Fómhair. Go dtí seo b'éigean do dhaoine a bhí ag iarraidh a bheith ina n-ateangairí le Gaeilge taisteal go Londain le hoiliúint a fháil. Tá Susan Folan agus Seán Maitiú Ó Carraidh, beirt léachtóirí ar an gcúrsa M.A., i measc an ghrúpa bhig ateangairí gairmiúla Gaeilge agus tá tréimhsí caite acu beirt ag obair mar ateangairí gairmiúla in Institiúidí na hEorpa. Tháinig Brian Fox, Stiúrthóir na nAteangairí, agus David Smith, Ceannaire Ateangaireachta Béarla agus Gaeilge, ar cuairt chuig OÉ Gaillimh ón Ard-Stiúrthóireacht Ateangaireachta. Rinne siad cur i láthair do mhic léinn agus d'fhoireann na hOllscoile ag tarraingt aird ar leith ar an tábhacht a bhaineann le cáilíocht ateangaireachta sa Ghaeilge de bharr an éilimh atá ar cháilíocht den chineál sin in Institiúidí na hEorpa i láthair na huaire. Deir Susan Folan, Comhordaitheoir an chúrsa M.A. san Ateangaireacht Chomhdhála ag OÉ Gaillimh: "Cuireadh fírinne an scéil i láthair le linn chuairt na hArd-Stiúrthóireachta, agus léiríodh na fíorchostais a bhaineann leis an ilteangachas agus leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh. Is é 21 cent in aghaidh an tsaoránaigh in aghaidh na bliana an costas iomlán a bhaineann leis an ateangaireacht do 23 teanga an Aontais". Tacaíonn Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta leis an M.A. san Ateangaireacht Chomhdhála atá á thairiscint ag OÉ Gaillimh.
-Críoch-

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories