Aonach Bliantúil OÉ Gaillimh le Ceiliúradh a dhéanamh ar Spiorad na hOibre Deona

Friday, 12 September 2008

Táthar ag súil le líon níos mó ná riamh – breis is 2,000 mac léinn – ag Aonach Obair Dheonach OÉ Gaillimh a bheidh ar siúl Dé Luain, an 22 Meán Fómhair. Is é seo an seachtú bliain as a chéile an t-imeacht bliantúil seo á eagrú, agus beidh os cionn 60 cumann carthanachta agus pobail i láthair ar an lá le léargas a thabhairt ar na deiseanna éagsúla atá ar fáil do mhic léinn tabhairt faoi obair dheonach. Beidh an tAonach ar siúl ag tús na seachtaine chun ceiliúradh a dhéanamh ar na deiseanna atá ar fáil in OÉ Gaillimh obair dheonach a dhéanamh, agus cuirfear críoch le himeachtaí na seachtaine le lá náisiúnta obair dheonach ar a dtugtar 'Give it a Swirl' a bheidh ar siúl Dé hAoine, an 26 Meán Fómhair. I measc na gcumann a bheidh i láthair ag an Aonach beidh: Rehab Care; Habitat for Humanity; Down Syndrome Ireland; Childline; Galway Refugee Support Group; Simon Community; Enable Ireland; agus Positive Mental Health. Is é Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Pádraig Conneely a osclóidh an tAonach go hoifigiúil, agus beidh fáilte roimh chách teacht chuig an imeacht. Tá an t-imeacht seo á eagrú mar chuid de Chlár Obair Dheonach ALIVE – clár a bhfuil sé mar aidhm leis tacú le hobair dheonach ar an gcampas agus a leithéid a chur chun cinn. Anuraidh, chláraigh de bhreis ar 1,300 mac léinn le ALIVE. Is í Lorraine Tansey Comhordaitheoir an Chláir ALIVE in OÉ Gaillimh: "Is iomaí cineál obair dheonach is féidir a dhéanamh – clubanna obair bhaile a eagrú i scoileanna áitiúla, airgead a bhailiú do charthanachtaí náisiúnta, cabhrú le daoine atá faoi mhíchumas, nó obair dheonach a dhéanamh thar lear. Féadfaidh mic léinn an méid ama a thograíonn siad féin a chaitheamh i mbun obair dheonach agus is iondúil go mbaineann siad fíorthairbhe as obair dheonach a dhéanamh. Is mór an meas atá ag ár gComhpháirtithe Pobail ar an bhfonn oibre agus spéis a léiríonn na hoibrithe deonacha. Níl san Aonach seo ach bealach amháin chun an tiomantas leanúnach seo do chomhpháirteachas poiblí a chothú agus a spreagadh." Trí chlár ALIVE, féadfaidh mic léinn OÉ Gaillimh rochtain a fháil ar bhunachar sonraí ar líne ina bhfuil neart deiseanna chun obair dheonach a dhéanamh liostaithe. Gné eile den chlár é sraith ceardlann a eagraítear le cabhrú le mic léinn an leas is fearr agus is féidir a bhaint as an obair dheonach a dhéanann siad. Ag deireadh na bliana acadúla féadfaidh mic léinn iarratas a dhéanamh Teastas ALIVE a fháil. Bronntar an teastas seo ag searmanas speisialta a eagraítear mar aitheantas ar a dtiomantas don obair dheonach. Beidh an tAonach Obair Dheonach ar siúl ar champas OÉ Gaillimh in Áras na Mac Léinn ó 1-5pm. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Oifig ALIVE ag 091 493823 nó ríomhphost a sheoladh chuig cki@nuigalway.ie.
- críoch -

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories