Craosaireacht agus Fantaisíocht ó Ré Mheánaoiseach na hÉireann le plé ag Siompói

Sep 08 2008 Posted: 00:00 IST
An greann agus an fhantaisíocht ba dhual don phobal Éireannach a chleachtadh sa ré mheánaoiseach an téama atá roghnaithe d'imeacht idirnáisiúnta a bheidh ar siúl in OÉ Gaillimh, Dé hAoine, 12 Meán Fómhair. Is ar cheann de mhórshaothair litríocht mheánaoiseach na hÉireann a bheidh an collóiciam lae seo bunaithe: Aislinge Meic Conglinne nó The Vision of Mac Conglinne mar a thugtar air i mBéarla. Is é Institiúid de Móra um Thaighde sna Daonnachtaí agus sa Léann Sóisialta in OÉ Gaillimh atá ag eagrú an imeachta seo agus beidh saineolaithe as Éirinn, an Ghearmáin, an Ísiltír, an Iodáil, an Iorua, Meiriceá Thuaidh agus as an Albain i measc na gcainteoirí. Tugann Aislinge Meic Conglinne, a cumadh thart ar 1100 AD, léargas dúinn ar conas a chrá deamhan ar Rí na Mumhan mar gur craosaire gan náire a bhí ann. Déantar cur síos sa scéal seo ar an tionchar a bhí ag brionglóidí mac léinn bocht faoi bhia cabhrú leis an rí an deamhan seo a ruaigeadh ar deireadh thiar. Aoir bunaithe ar an gcráifeacht agus ar an bpribhléid a bhain leis na hoird chléiriúla agus léannta le linn na ré meánaoisí in Éirinn atá sa saothar seo. Tá scigaithris ann freisin ar na príomhfhoirmeacha liteartha a bhí i réim ag an am; aithris ar shaol na naomh, aislingí, iomramh, tairngreachtaí agus an Tiomna Nua. Is í an tOllamh Máirín Ní Dhonnchadha, Scoil na nDaonnachtaí, OÉ Gaillimh, atá i mbun an collóciam seo a eagrú. Deir sí gur "sárshaothar greann é Aislinge Meic Conglinne agus tá sé ar cheann de na saothair is iontaí d'oidhreacht liteartha na Gaeilge". Is iomaí athinsint Bhéarla a rinne leithéidí W.B. Yeats, Austin Clarke, Pádraic Fallon agus Peter O'Shaughnessy ar an mbunsaothar meánaoiseach seo san fhichiú céad. Scríobh an tAthair Peadar Ó Laoghaire leagan cáiliúil Gaeilge – An Craos-Deamhan (1905), leagan a mbeadh cur amach ag mic léinn a d'fhreastail ar ollscoil san aois seo caite air.
- críoch -

PreviousNext

Featured Stories