Saineolaí Cógaisíochta agus Biteicneolaíochta Ceaptha san Oifig um Aistriú Teicn

Sep 14 2008 Posted: 00:00 IST
Tá an ceannaire cógaisíochta agus biteicneolaíochta gnó, an Dr John Kavanagh, ceaptha mar Stiúrthóir um Aistriú Teicneolaíochta OÉ Gaillimh. Is ag obair in Oifig um Aistriú Teicneolaíochta Ignite a bheidh an Dr Kavanagh agus é de dhualgas air an obair atá ar bun ag taighdeoirí na hOllscoile a thráchtálú agus a cheadúnú. Lena chois sin, tá sé mar aidhm ag an Dr Kavanagh comhpháirtíochtaí tionsclaíocha agus gnó na hOllscoile a fhorbairt. Roimhe seo bhí an Dr Kavanagh ag obair mar Stiúrthóir Bainistíochta i Bioniche Teoranta – atá lonnaithe in Indreabhán, Co. na Gaillimhe – cuideachta a tháirgeann ábhar steiriúil insteallta. Roimhe sin, bhí poist shinsearacha aige in Abbott Laboratories, Sandoz/Novartis agus Schering-Plough. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Kavanagh agus é ag trácht ar a ról nua: "Is í OÉ Gaillimh an chéad Ollscoil in Éirinn a bhunaigh oifig atá dírithe go hiomlán ar aistriú teicneolaíochta. Táim ag tnúth le cur leis an obair iontach atá déanta ag an Oifig seo cheana féin." Chomh maith leis sin, dúirt sé: "Baineann fíorthábhacht le gníomhaíocht fiontraíochta a chur chun cinn nuair a bhíonn cor chun donais sa gheilleagar. Tá seasamh maith ag an Ollscoil, bunaithe ar thaighde den chéad scoth agus comhpháirtíochtaí maithe tionsclaíocha, leanúint leis an bpróiseas atá mar bhunús lena rath i dtéarmaí tráchtálaithe teicneolaíochta." Cheana féin i mbliana, tá 42 nochtadh idirghabhála comhdaithe ag Oifig um Aistriú Teicneolaíochta Ignite na hOllscoile, tá 15 paitinn comhdaithe aici agus tá sé theicneolaíocht curtha ar ceadúnas aici leis an tionscal. D'fháiltigh an tOllamh Terry Smith, Leas-Uachtarán um Thaighde in OÉ Gaillimh, roimh an Dr Kavanagh: "Tá an-taithí ag John ar aistriú teicneolaíochta agus ar thráchtálú taighde. Táim cinnte go gcuirfidh sé le fás agus le forbairt Oifig um Aistriú Teicneolaíochta Ignite sna blianta beaga amach romhainn." Is de bhunadh Bhaile Átha Cliath é an Dr Kavanagh. D'fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath áit a ndearna sé B.Sc. sa Cheimic agus Ph.D. sa Cheimic Orgánach. Chomh maith leis sin, bhronn Foras Bainistíochta na hÉireann Dioplóma san Airgeadas Feidhmeach air.
- críoch -

PreviousNext

Featured Stories