NUI Galway Bucks National Trend in Construction Courses

Aug 18 2009 Posted: 00:00 IST
(Leagan Gaeilge) NUI Galway has seen a significant increase in demand for its programmes across all colleges, as CAO points were released this week. Contrary to national trends which saw demand for construction courses fall, Project and Construction Management at NUI Galway was up 20 points. At 445 points, NUI Galway's new degree, Energy Systems Engineering, was the highest in terms of points for any engineering course at the University. Another new degree, Engineering Innovation – Electronic also attracted a lot of interest as did the University's Sports and Exercise Engineering degree with 415 points. Soaring Engineering applications reflect favourably on the carefully thought-out new programmes in Energy Systems Engineering, designed in response to a growing demand for professional engineers to work in the energy sector as well as Engineering Innovation, which aims to create a new type of engineer with skills in innovation and entrepreneurship essential to delivering the Smart Economy . Other newer courses also saw points increase, such as Podiatry, which rose from 390 to 420, and Arts (Mathematics and Education) which was up from 325 to 375. In other disciplines, Arts degrees remained in strong demand, with BA Connect Programmes proving popular again this year. NUI Galway's Irish language degree Na Dána (Gaeilge agus Léann an Aistrúcháin) rose a dramatic 200 points, one of the largest jumps for any course in the country. Commerce (International) with languages including French, German, Spanish and Italian all saw an increase in points. Courses linked to accounting and economics also rose in points, with Business Information Systems up 40 points to 340, while Financial Maths and Economics saw an increase from 385 to 400. In the area of professional healthcare, General Nursing and Psychiatric Nursing also rose significantly. Science also performed well, with points up in Physics, Marine Science, Biotechnology and Biomedical Science. The University sees rising demand for courses as a direct result of its response to integrating national priorities into the institutional agenda. Being responsive to the changing needs of the employment market is also a key focus at NUI Galway.
Cúrsaí Foirgníochta OÉ Gaillimh ag Seasamh an Fhóid
(View in English) Tháinig méadú mór ar an éileamh atá ar chláir léinn choláistí uile OÉ Gaillimh, mar a léiríonn pointí an CAO a foilsíodh an tseachtain seo. Cuireadh 20 pointe breise le céim OÉ Gaillimh i mBainistíocht Tionscadail agus Foirgníochta, glanmhalairt na treochta náisiúnta inar laghdaigh an t-éileamh ar chúrsaí foirgníochta. Ba é cúrsa céime nua OÉ Gaillimh, an chéim Innealtóireachta Córas Fuinnimh, an cúrsa ab airde pointí de chúrsaí innealtóireachta uile na hOllscoile; 445 pointe a theastaigh le háit a fháil ar an gcúrsa sin. Bhí go leor spéise chomh maith i gcéim nua eile, Nuálaíocht Innealtóireachta – Leictreonach, agus i gcéim Innealtóireachta Spóirt agus Aclaíochta na hOllscoile a raibh 415 pointe á éileamh dó. Tháinig méadú mór ar líon na n-iarratas Innealtóireachta. Is dea-thuar é an t-éileamh ar chúrsaí nua a raibh an-dua caite leo, amhail an chéim in Innealtóireacht Córas Fuinnimh, a cuireadh ar fáil le freastal ar an méadú ar an éileamh atá ar innealtóirí gairmiúla a d'oibreodh in earnáil an fhuinnimh, agus an chéim i Nuálaíocht Innealtóireachta, a bhfuil sé de chuspóir aici innealtóirí de chineál eile ar fad a chur ar fáil a mbeidh scileanna nuálaíochta agus fiontraíochta acu, scileanna atá riachtanach chun an 'Geilleagar Glic' a chothú. Bhí ardú ar phointí cúrsaí nua eile chomh maith, an Chosliacht, mar shampla, ar ardaigh na pointí ó 390 go 420, agus an chéim sna Dána (Matamaitic agus Oideachas) a d'ardaigh ó 325 go 375. Sna disciplíní eile, bhí an-éileamh ar chéimeanna sna Dána, mar is gnáth, agus bhí an-tóir ar na Cláir BA Connect arís i mbliana. Ceann de na cúrsaí is mó ar ardaigh na pointí dó sa tír ba ea an chéim sna Dána (Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin) in OÉ Gaillimh; léim shuntasach de 200 pointe a bhí i gceist. D'ardaigh pointí na gcéimeanna sa Tráchtáil (Idirnáisiúnta) le teangacha amhail an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis agus an Iodáilis. D'ardaigh na pointí na gcúrsaí cuntasaíochta agus eacnamaíochta chomh maith; cuireadh 40 pointe leis an gcéim i gCórais Faisnéise Gnó (340 pointe), mar shampla, agus d'ardaigh an chéim i Matamaitic an Airgeadais agus Eacnamaíocht ó 385 go 400 pointe. I réimse an chúraim sláinte ghairmiúil, bhí ardú mór ar na pointí san Altranas Ginearálta agus san Altranas Síciatrach chomh maith. D éirigh go maith le cúrsaí eolaíochta freisin agus d ardaigh na marcanna san Fhisic, sa Mhuireolaíocht, sa Bhiteicneolaíocht agus san Eolaíocht Bhithleighis. Measann an Ollscoil go bhfuil méadú ag teacht ar an éileamh atá ar na cúrsaí sin de bhrí gur chuir an institiúid béim ar thosaíochtaí náisiúnta ina clár oibre. Cuirtear an-bhéim in OÉ Gaillimh chomh maith ar fhreastal ar riachtanais luaineacha mhargadh na fostaíochta.
-Críoch-

PreviousNext

Featured Stories