Tánaiste Announces Establishment of Five New Science Foundation Ireland 'Strateg

Feb 25 2009 Posted: 00:00 GMT
(Leagan Gaeilge)
Researchers to partner with 22 companies in a strategic €23.9 million collaborative investment
Tánaiste and Minister for Enterprise, Trade and Employment, Mary Coughlan T.D., has today (Wednesday, 25 February, 2009) announced the establishment of five new Science Foundation Ireland (SFI) Strategic Research Clusters (SRCs), representing a €23.9 million investment in ground-breaking, collaborative research activities involving seven academic institutions and 22 companies. A relatively new element in SFI's portfolio of supports, the SRC programme was first introduced in 2007 to link scientists and engineers in partnerships across academia and industry to address crucial research questions, foster the development of new and existing Irish-based technology companies, and to grow partnerships with industry. Making the announcement, the Tánaiste said: "Science, while engaging and exciting, is also a fiercely competitive arena, and it is increasingly clear that a country's economic fortunes are significantly dependent on its ability to conduct research that translates into economically-beneficial outcomes. The Government's 'Building Ireland's Smart Economy' framework prioritises continued investment in science and engineering infrastructure to assist with the creation of a thriving enterprise sector, high-quality employment and first-class infrastructure. The 170 highly skilled personnel involved in these SRCs, together with the 22 partner companies are central to achieving this," the Tánaiste stressed. Also present at the announcement the Minister for Science, Technology and Innovation Dr Jimmy Devins T.D. said: "SRCs bring together academic and industrial expertise to create innovative research and entrepreneurial foresight that, in combination, will help to re-shape Ireland's economy, create employment opportunities, boost our reputation abroad and ultimately act as the engine that sustains all of these in the long-term". The Lead Principal Investigators of the five new SRCs are: 1. Professor Lokesh Joshi of NUI Galway - Alimentary Glycoscience Research Cluster (AGRC) 2. Professor Pádraig Cunningham of UCD - Clique SRC 3. Dr William Donnelly of Waterford Institute of Technology - Federated, Autonomic Management of End-to-end Communication Services (FAME SRC) 4. Professor Miles Turner of DCU - Precision SRC 5. Professor Brett Paul, also from DCU - Irish Separation Science Cluster Welcoming the announcement, Director-General of SFI, Professor Frank Gannon said: "SFI believes in supporting only top-level relevant research - subsidising mediocre research activity will not produce the outputs required to enhance Ireland's scientific and innovation landscape and re-energise Ireland's economy. These new SRCs, have successfully come through a lengthy and thorough peer review. From 40 proposals, I am confident that SFI is supporting the very best teams of researchers and industry-based experts that will help to provide a range of strategic economic benefits to Ireland". Funding announced today was approved by the SFI Board following a rigorous, multi-faceted assessment process. This encompassed international scientific peer review, 23 reviews participated in the pre-proposal panel, 27 international experts participated in the postal review process and 27 international experts participated in the five on-site reviews. In addition, a 'Strategic Value to Ireland' assessment was performed by key Government agency stakeholders, including IDA Ireland, Enterprise Ireland, Department of Taoiseach, Forfás, the Higher Education Authority and the Health Research Board.
Fógraíonn an Tánaiste Cúig 'Ghrúpa Taighde Straitéiseacha' Fhondúireacht Eolaíochta Éireann
Taighdeoirí le hoibriú i gcomhar le 22 cuideachta mar chuid d'infheistíocht straitéiseach chomhoibríoch ar fiú €23.9 milliún í
(View in English) D'fhógair an Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Mary Coughlan T.D., inniu (Dé Céadaoin, 25 Feabhra 2009) go bhfuil cúig Ghrúpa Taighde Straitéiseacha bunaithe ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann. Is ionann na grúpaí taighde straitéiseacha seo agus infheistíocht ar fiú €23.9 milliún i ngníomhaíochtaí úrnua, comhoibríocha taighde a bhfuil 7 n-institiúid acadúla agus 22 cuideachta páirteach iontu. Gné réasúnta nua d'obair Fhondúireacht Eolaíochta Éireann é clár na nGrúpaí Taighde Straitéiseacha ar cuireadh tús leis in 2007. Tá sé mar aidhm leis an gclár seo eolaithe agus innealtóirí atá ag obair sa timpeallacht acadúil agus sa tionscal a thabhairt le chéile, le déileáil le príomhcheisteanna taighde, le cuideachtaí teicneolaíochta nua agus reatha Éireannacha a fhorbairt, agus le comhpháirtíochtaí a chruthú leis an tionscal. Ag fógairt an chláir di, dúirt an Tánaiste: "Cé gur ábhar iontach suimiúil agus spéisiúil í an eolaíocht, is réimse thar a bheith iomaíoch í freisin, agus tá sé ag éirí níos soiléire de réir a chéile go mbeidh rath geilleagrach na tíre ag brath go mór ar chumas na tíre taighde a dhéanamh a mbaineann torthaí a théann chun tairbhe an gheilleagair leis. Díríonn an foilseachán Rialtais 'Building Ireland's Smart Economy' ar infheistíocht leanúnach san eolaíocht agus san infreastruchtúr innealtóireachta ar mhaithe le hearnáil ghníomhach fiontair a chruthú, mar aon le fostaíocht ar ardchaighdeán agus infreastruchtúr ar ardchaighdeán. Beidh ról lárnach ag an 170 oibrí ardcháilithe atá páirteach sna Grúpaí Taighde Straitéiseacha seo, mar aon leis an 22 cuideachta comhpháirtíochta leis an aidhm seo a chur i gcrích." Bhí an tAire Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Nuálaíochta, an Dr Jimmy Devins T.D. i láthair ag an ócáid freisin agus bhí an méid seo a leanas le rá aige: "Éiríonn leis na Grúpaí Taighde Straitéiseacha seo saineolas acadúil agus tionsclaíoch a thabhairt le chéile ar mhaithe le taighde nuálaíoch agus forbairt fiontraíochta a chabhróidh le geilleagar na hÉireann a athchruthú, deiseanna fostaíochta a chruthú, cur lenár gcáil thar lear agus na nithe seo ar fad a chothú sna blianta amach romhainn". Is iad na Príomhthaighdeoirí atá páirteach sna cúig Ghrúpa Taighde Straitéiseacha nua: 1. An tOllamh Lokesh Joshi, OÉ Gaillimh – Grúpa Taighde um Ghlioceolaíocht Bia (AGRC) 2. An tOllamh Pádraig Cunningham, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath – Grúpa Taighde Straitéiseach Clique 3. An Dr William Donnelly, Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge – Bainistíocht Chónasctha, Uathnómach Seirbhísí Cumarsáide Ceann go Ceann (Grúpa Taighde Straitéiseach FAME) 4. An tOllamh Miles Turner, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath – Grúpa Taighde Straitéiseach Precision 5. An tOllamh Brett Paul, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath – Grúpa Taighde Eolaíocht Deighilte Éireannach Ag caint dó faoin dea-scéala seo, dúirt an tOllamh Frank Gannon, Príomh-Stiúrthóir Fhondúireacht Eolaíochta Éireann, an méid seo a leanas: "Tá sé mar aidhm ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann tacú le taighde ábhartha ardleibhéil – ní chruthófar na torthaí inmhianaithe le timpeallacht eolaíochta agus nuálaíochta na hÉireann a fheabhsú agus geilleagar na hÉireann a thabhairt chun beochta arís trí mhaoiniú a chur ar fáil do ghníomhaíocht taighde lagmheasartha. Tá athbhreithniú piaraí déanta ar na Grúpaí Taighde Straitéiseacha seo. Ón 40 togra, táim muiníneach go bhfuil Fondúireacht Eolaíochta Éireann ag tacú leis na taighdeoirí agus leis na saineolaithe tionscail is fearr a chabhróidh le raon tairbhí geilleagracha straitéiseacha a chruthú d'Éirinn". Cheadaigh Bord Fhondúireacht Eolaíochta Éireann an maoiniú a fógraíodh inniu i ndiaidh próisis mheasúnaithe a bhí dian agus ilghnéitheach. Áiríodh sa phróiseas athbhreithniú eolaíoch idirnáisiúnta piaraí, bhí 23 athbhreithniú páirteach sa phainéal réamhthogra, bhí 27 saineolaí idirnáisiúnta páirteach sa phróiseas athbhreithnithe poist agus bhí 27 saineolaí idirnáisiúnta páirteach i gcúig athbhreithniú ar an láthair. Chomh maith leis sin, rinne lucht leasa gníomhaireachtaí Rialtais, an IDA, Fiontraíocht Éireann, Roinn an Taoisigh, Forfás, an tÚdarás um Ard-Oideachas agus an Bord Taighde Sláinte measúnú air maidir leis an 'Luach Straitéiseach d'Éirinn'.
-Críoch-

Next

Featured Stories