NUI Galway First Year Student Hotline Opens for Third Consecutive Year

Wednesday, 8 August 2012


Pictured manning last years Student Hotline were students Emer Henderson and Rory Gavin.

NUI Galway will once again open its dedicated First Year Student Hotline on Wednesday, 15 August. Now in its third year the hotline will be open to students, their parents and their advisers and will run until Friday, 28 September, 2012.

The initiative, which was launched in summer 2010 and was the first of its kind across the sector, has been specially designed to help incoming first year students make the transition to third level education.

With NUI Galway anticipating an intake of over 3,200 new students in September, a team of specially-trained students will service the hotline Monday to Friday, 9am to 6pm, and Saturday 18 and 25 August, 10am to 1pm. The availability of the hotline coincides with the period of frantic activity and decision making that immediately follows the release of the Leaving Certificate results.

The hotline will be active throughout first year orientation on 8 and 9 September and will remain in service for two weeks after lectures begin on September 10, providing students with a place to direct any conceivable query they encounter as they embark on their journey to NUI Galway.

The hotline team will provide an efficient, responsive service to callers and are expected to deal with numerous issues that are of concern to incoming first year students. Anticipated queries include: points requirements for courses; first round offers; registering as a student of the University; start dates; fees and accommodation options.

A designated website for first years will also update on a daily basis detailing the information sought and fed through the new hotline. It will be a portal of specific information aimed at demystifying the first few weeks of university life.

Stephen O’Dea, Admissions Officer at NUI Galway, says: “For every young person, the transition from second-level to third-level education represents a significant life-change, and whilst this is an exciting time, navigating your way through the change can sometimes be daunting. The First Year Student Hotline has been set up therefore to provide information, guidance and support to all individuals involved in the transition process and we invite students, parents and advisors to avail of this service to make the passage to NUI Galway as smooth as possible.”


Students, parents and advisers can contact the First Year Student Hotline at 091 493999 or visit http://www.nuigalway.ie/new-students/.

-ENDS-

Beolíne ar fáil do Mhic Léinn na Chéad Bhliana in OÉ Gaillimh don Tríú Bliain as a chéile

Beidh Beolíne Mhic Léinn na Chéad Bhliana ar fáil arís i mbliana in OÉ Gaillimh ó Dé Céadaoin, an 15 Lúnasa ar aghaidh. Don tríú bliain as a chéile, beidh mic léinn, a dtuismitheoirí agus a lucht comhairlithe in ann glaoch ar an mbeolíne go dtí Dé hAoine, an 28 Meán Fómhair 2012.

Bunaíodh an tionscnamh seo, a seoladh i samhradh na bliana 2010 agus arbh é an chéad cheann dá leithéid é san earnáil seo, le cabhrú le mic léinn na chéad bhliana an t-aistriú a dhéanamh chuig an oideachas tríú leibhéal.

Tá OÉ Gaillimh ag dúil go mbeidh breis agus 3,200 mac léinn nua ag tosú i mí Mheán Fómhair, agus, dá bhrí sin, beidh foireann de mhic léinn i mbun na beolíne ó Luan go hAoine, 9am - 6pm, agus Dé Sathairn, an 18 agus an 25 Lúnasa, 10am - 1pm. Beidh an bheolíne ar fáil sa tréimhse chorraitheach sin ina mbíonn ar dhaltaí cinneadh a dhéanamh i ndiaidh dóibh torthaí na hArdteistiméireachta a fháil.

Beidh an bheolíne ar oscailt i rith thréimhse na seisiún eolais do mhic léinn na chéad bhliana, an 8 agus an 9 Meán Fómhair, agus beidh an líne ag feidhmiú ar feadh coicíse i ndiaidh an dáta a gcuirfear tús leis na léachtaí, an 10 Meán Fómhair. Beifear in ann a rá le mic léinn gur cheart dóibh glao a chur ar an mbeolíne má bhíonn ceist ar bith acu agus iad ag tabhairt faoina saol in OÉ Gaillimh.

Cuirfidh foireann na beolíne seirbhís éifeachtach ar fáil dóibh sin a ghlaonn ar an líne agus meastar go mbeifear ag plé le hábhair go leor a bhíonn ag déanamh tinnis do mhic léinn na chéad bhliana. Meastar go mbeidh ceisteanna á gcur faoi na hábhair seo a leanas, i measc ábhair eile: na pointí atá riachtanach do chúrsaí ar leith; tairiscintí sa chéad bhabhta; clárú mar mhac léinn san Ollscoil; dátaí tosaithe; táillí agus roghanna lóistín.

Tabharfar láithreán gréasáin ar leith atá ann do mhic léinn na chéad bhliana cothrom le dáta gach lá chomh maith. Beidh eolas le fáil ann faoi na ceisteanna a bhí ag na daoine a ghlaoigh ar an mbeolíne nua. Is tairseach eolais ar leith a bheidh sa láithreán gréasáin agus beidh sé de chuspóir aige cuid den cheo a bhaineann leis an gcéad chúpla seachtain ar an ollscoil a scaipeadh.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Stephen O’Dea, Oifigeach Iontrála in OÉ Gaillimh: “Is athrú mór saoil an t-aistriú ón dara leibhéal go dtí an tríú leibhéal do gach duine óg agus cé gur tréimhse iontach an tréimhse sin dóibh d’fhéadfadh sí a bheith crua chomh maith. Bunaíodh Beolíne Mhic Léinn na Chéad Bhliana chun eolas, treoir agus tacaíocht a thabhairt do gach duine bainteach leis an athrú saoil seo agus tá fáilte roimh mhic léinn, tuismitheoirí agus a lucht comhairlithe úsáid a bhaint as an tseirbhís chun cuidiú leis an aistear chuig OÉ Gaillimh.”


Féadfaidh mic léinn, tuismitheoirí agus lucht comhairlithe teagmháil a dhéanamh le Beolíne Mhic Léinn na Chéad Bhliana ar 091 493999 nó dul go dtí http://www.nuigalway.ie/new-students/.

-CRÍOCH-

Keywords: Press.

Author: Marketing and Communications Office, NUI Galway
« Back


Featured Stories