‘Fios Físe’ Seolta ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus TG4

ó chlé) Micléinn Ollscoil na hÉireann Gaillimh Seán Heffernan agus Treasa McGrath le Láithreoir Nuacht TG4 Eimear Ní Chonaola ag seoladh Fios Físe
Dec 10 2013 Posted: 11:14 GMT

An mbíonn tú ag féachaint ar TG4?

Ar mhaith leat do thuairimí faoi TG4 a roinnt linn?

 

Seoladh tráthnóna Fios Físe, Togra Taighde de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun Painéal Lucht Féachana a bhunú do TG4.  Is i gcomhar le TG4 atá an cinneadh tógtha an Painéal a bhunú. Beidh sé mar aidhm ag an togra nósanna féachana agus tuairimí Phobal na Gaeilge i leith TG4 a fhiosrú.

Beidh ballraíocht an Phainéil dírithe ar Phobal na Gaeilge ar fud na tíre, ón nGaeltacht agus lasmuigh di, agus ó Thuaisceart Éireann.  Baileofar eolas ó bhaill an Phainéil go seachtainiúil trí Dhialann Féachana a bheidh le líonadh ar líne. 

Má tá tú 15 bliana d’aois nó os a chionn, Gaeilge ar do thoil agat agus spéis agat do thaithí agus do thuairimí ar TG4 a roinnt, déan teagmháil linn: eolas@fiosfise.ie

Céard go díreach a bheidh le déanamh ag baill an Phainéil?

 

  • Gheobhaidh baill an Phainéil ríomhphost gach Luan ina mbeidh nasc chuig Dialann Féachana a bheidh le líonadh ar líne. 
  • Beidh roinnt ceisteanna sa dialann féachana a bhaineann le sceideal TG4 don tseachtain atá thart (Luan go Domhnach).
  • Ní thógfaidh sé ach roinnt bheag nóiméad an dialann féachana a líonadh gach seachtain.  Is beag scríobh atá i gceist, ticeanna i mboscaí ar cheisteanna ilroghnacha den chuid is mó.  Beidh tú in ann do shástacht maidir le cláir ar fhéach tú orthu i gcaitheamh na seachtaine a thuairisciú sa dialann.  Beidh spás sa dialann freisin le tuairimí a thabhairt i bhfoirm scríofa, más mian leat é sin a dhéanamh.
  • Beidh an chéad Dhialann Féachana le líonadh an tseachtain dar tús 16 Nollaig 2013.
  • Beidh sé riachtanach an Dialann Féachana a bheith seolta ar ais roimh 5pm gach Máirt.
  • Níl aon tréimhse ar leith a gcaithfidh ball fanacht ar an bPainéal Féachana

Scéim Dílseachta

Mar chomhartha aitheantais do bhaill an Phainéil beidh tarraingt oscailte ag deireadh gach míosa ina mbeidh ainmneacha bhaill uile an Phainéil a mbeidh ceithre dhialann seolta ar ais acu i gcaitheamh na míosa sin.  Bronnfar duais €500 ar an gcéad duine a dtiocfaidh a (h)ainm as an tarraingt agus bronnfar €100 an duine ar an gcéad chúigear eile a dtiocfaidh a n-ainmneacha amach.

Cosaint Sonraí

Ní roinnfear sonraí pearsanta bhaill an phainéil le haon tríú páirtí.  Ní bheidh do shonraí pearsanta le feiceáil ach an oiread ar aon tuairiscí a eascróidh ón eolas a bheidh sna dialanna féachana a sheolfar ar ais.  Eolas staitistiúil agus tuairiscí gan ainm a bheidh i gceist.  Stórálfar do chuid sonraí go sábháilte.

An bhfuil spéis agat clárú don Phainéal?

Má tá, téigh go dtí: http://www.fiosfise.ie/register.asp le do thoil.

Tuilleadh eolais: www.fiosfise.ie 

eolas@fiosfise.ie nó glaoigh ar 091 505060

 

 

‘Fios Físe’ Launched by NUI Galway and TG4

Do you watch TG4?

Would you like to let us know what you think about TG4?

 

 NUI Galway and TG4 have launched Fios Físe,a joint research project which will establish a Viewer Panel for TG4. The Panel will seek to capture the TG4 viewing habits and preferences of Irish Speakers.

Panel membership, aimed at Irish speakers inside and outside An Ghaeltacht, in the Republic and in the North of Ireland, will ask panel members to fill in an online ‘Viewing Diary’ once a week.

 If you are a fluent Irish speaker, over 15 years of age, and you would like to share your thoughts and experiences of TG4, contact us on eolas@fiosfise.ie

 What is expected of viewers who sign up?

 Panel members will be sent an email every Monday with a link to a Viewing Diary which can be filled in online.

  • The Diary will ask questions about the TG4 schedule of the previous week (Monday to Sunday)
  • A short multiple-choice questionnaire will assess your views on any programme you watched in the previous week, and will allow you to add comments if you so wish.
  • The first Viewing Diary will be available on the 16 December 2013.
  • The Viewing Diary must be filled in by 5pm on the Tuesday of each week surveyed.
  • Panel members can opt out at any stage they wish to do so.

Loyalty Scheme

TG4, to show their appreciation to participating viewers, will have a draw at the end of each month for all viewers that return four completed weekly Viewing Diaries. There will be one prize of €500 and five prizes of €100 each month for the winning  respondents.  

Data Protection

Viewers’ personal information will be securely stored and will not be shared with any third party. No information which could identify any individual will be published in any report arising from the viewing diairies and viewers opinions. Information published arising from the viewers’ panel will be anonymous and based on analysis of all viewers’ viewing patterns.  

Would you like to register for Fios Físe?

If you would, please register at: http://www.fiosfise.ie/register.asp

-ends-

 

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories