NUI Galway Up 22 Places in Prestigious Times Higher Education World Rankings

Oct 03 2013 Posted: 09:15 IST

NUI Galway only Irish university to increase ranking in both QS and THE world rankings

NUI Galway is one of only three Irish universities to move up the Times Higher Education (THE) World University Rankings for 2013-14. With an increase of 22 places, NUI Galway is now ranked 314th in the THE Rankings 2013/2014.

 

NUI Galway is now the only Irish university to increase its position in the two main international rankings, having recently increased to 284th in the world in the QS World University Rankings 2013/2014.

 

NUI Galway President Dr Jim Browne said: “This is very good news for NUI Galway. As the only Irish university to increase our position in both the 2013 THE World University Rankings and the recently published QS World University Rankings, I am pleased to see that our position globally is on the rise. We have experienced significant cuts in overall funding at third-level in Ireland, while student numbers have continued to rise. Despite this, our university has gone against the tide to secure a marked improvement in these very competitive rankings. This is a testament to our high standards in teaching and research, and an affirmation of our very focused approach to developing an international reputation in a select set of research areas.”

 

The Times Higher Education World University Rankings were developed in concert with rankings data provider, Thomson Reuters, with expert input from more than 50 leading figures in the sector from 15 countries across every continent.

 

The Times Higher league table of the world’s top universities is based on 13 separate performance indicators covering all of the core missions of a world class university; teaching, research, knowledge transfer and international outlook. The survey also includes the world’s largest academic reputation survey, with more than 10,000 academics asked to rate the world’s best universities for the 2013 ranking.

 

President Browne added: “It will be critical for Ireland to maintain its investment in its universities if we are to remain internationally competitive. Every year, rankings such as this are broadened to include a burgeoning number of world-class universities. While the rankings evaluate universities against a limited range of measures, there is no doubting their influence on a University’s ability to attract international students. We operate in a global market, competing for students and research support on an international playing field. Support on a national level must be maintained for universities such as NUI Galway to continue with their success.”

 

The Times Higher Education (THE) World University Rankings for 2013-14 is available to view online at:

 http://www.timeshighereducation.co.uk/world-university-rankings/ 

-ends-

 

Léimeann OÉ Gaillimh 22 áit i Ranguithe Domhanda mór le rá Times Higher Education

OÉ Gaillimh an t-aon ollscoil in Éirinn a rinne dul chun cinn i ranguithe domhanda THE agus QS

 

Tá OÉ Gaillimh ar cheann de thrí ollscoil in Éirinn a rinne dul chun cinn i Ranguithe Ollscoile Times Higher Education (THE) 2013-14. Tá OÉ Gaillimh anois sa 314ú háit i Ranguithe THE 2013/2014, sin ardú 22 áit ó anuraidh.

D’éirigh linn le gairid an 284ú háit a bhaint amach ar domhan i Ranguithe Ollscoile QS an Domhain 2013/2014, agus is í OÉ Gaillimh anois an t-aon ollscoil in Éirinn a rinne dul chun cinn sa dá phríomhrangú idirnáisiúnta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Jim Browne, Uachtarán OÉ Gaillimh: “Is iontach an dea-scéala é seo do OÉ Gaillimh. Ó tharla gur muid an t-aon ollscoil in Éirinn a rinne dul chun cinn i Ranguithe Ollscoile THE an Domhain 2013 agus i Ranguithe Ollscoile QS an Domhain a foilsíodh le gairid, táim ríméadach go bhfuil ár stádas domhanda ag dul ó neart go neart. Tá gearradh siar uafásach déanta ar mhaoiniú ag an tríú leibhéal in Éirinn agus ag an am céanna tá líon na mac léinn ag dul i méid. In ainneoin sin, tá an ollscoil s’againne ar a mine géire chun dul chun cinn a chinntiú sna ranguithe seo atá thar a bheith iomaíoch. Is cruthúnas é seo ar an ardchaighdeán teagaisc agus taighde atá againn agus deimhníonn sé an cur chuige dearfach atá againn chun cáil idirnáisiúnta a bhaint amach i réimsí áirithe taighde.”

Cuireadh Ranguithe Ollscoileanna an Domhain Times Higher Education le chéile i gcomhar le soláthróir sonraí na ranguithe, Thomson Reuters, le hionchur sainiúil ó bhreis is 50 duine iomráiteacha san earnáil ó 15 thír i ngach mór-roinn.

Tá tábla sraithe an Times Higher de na hollscoileanna is fearr ar domhan bunaithe ar 13 tháscaire feidhmíochta ar leith ag clúdach gach croímhisean a bheadh ag ollscoil den scoth; teagasc, taighde, aistriú eolais agus dearcadh idirnáisiúnta. Tá an suirbhé is mó ar domhan maidir le cáil acadúil áirithe sa suirbhé seo chomh maith. Fiafraíodh de bhreis is 10,000 duine acadúil na hollscoileanna is fearr a rátáil do rangú 2013.

Dúirt an tUachtarán Browne chomh maith: “Is den riachtanas é go gcoinneoidh Éirinn ag infheistiú ina cuid ollscoileanna le gur féidir leo bheith iomaíoch go hidirnáisiúnta. Gach bliain, leathnaítear ranguithe den chineál seo chun ollscoileanna eile den scoth a thógáil ar bord. Cé go measann na ranguithe ollscoileanna de réir slat tomhais atá sách srianta, níl aon dabht ach go bhfuil an-tionchar acu ar chumas Ollscoil mic léinn idirnáisiúnta a mhealladh. Táimid ag feidhmiú i margadh domhanda, san iomaíocht do mhic léinn agus do thacaíocht taighde ar pháirc idirnáisiúnta. Caithfear an tacaíocht ag leibhéal náisiúnta a choinneáil d’ollscoileanna cosúil le OÉ Gaillimh chun go mbeidh an rath céanna uirthi amach anseo.”

Tá Ranguithe Ollscoile Times Higher Education (THE) 2013-14 le feiceáil ar líne ag:

 http://www.timeshighereducation.co.uk/world-university-rankings/ 

-críoch-

 

 

 

PreviousNext

Featured Stories