Tomás Ó Neachtain appointed as Sean-Nós Singer-in-Residence at NUI Galway

Tomás Ó Neachtain
Apr 17 2018 Posted: 10:12 IST

The Centre for Irish Studies, NUI Galway, has announced the appointment of Tomás Ó Neachtain as Sean-Nós Singer-in-Residence in 2018.

Born and raised in Coilleach, An Spidéal, Tomás is part of a family which has a long and rich tradition of sean-nós singing. It is from his father, Tomás, that he heard and learned most of his singing, and indeed his father had learned from his father before him. Though he briefly spent time in England as a young married man, it is in Coilleach that Tomás and his wife Nancy have reared their own family. His son Seosamh, a renowned sean-nós dancer and musician, was appointed as the first Sean-nós Dancer in Residence at the Centre for Irish Studies in 2009.

Tomás’s distinct, clear, sweet vocal style echoes the singing he heard in his youth. His repertoire is wide and varied, but he particularly favours big songs such as ‘An Droighneán Donn’, ‘Tomás Bán Mac Aogáin’ and ‘An Chaora Ghlas’. Tomás gives singing workshops and is two-time winner of Corn Uí Riada in 1980 and 1981.

During his time as artist-in-residence, Tomás will deliver a series of workshops at NUI Galway and will contribute to the expanding Sean-Nós Archive Collection. The workshops are free and open to the public and take place in the autumn and spring of 2018-19.

This project is funded by Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta and An Chomhairle Ealaíon in association with the Centre for Irish Studies at NUI Galway.

Further information is available from Samantha Williams, The Centre for Irish Studies, NUI Galway, at 091 492051 or samantha.williams@nuigalway.ie.

-Ends-

Tomás Ó Neachtain Ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach ag OÉ Gaillimh

Tá sé fógartha ag Ionad an Léinn Éireannaigh, OÉ Gaillimh, go bhfuil Tomás Ó Neachtain ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis i mbliana.

Rugadh agus tógadh Tomás i gCoilleach, sa Spidéal. Chaith sé seal i Sasana mar fhear óg, ach is sa Choilleach a thóg sé féin is a bhean chéile Nancy a gclann: Tomás, Eoghan, Máire, Seán agus Seosamh, an rinceoir. Bhí an teach inar tógadh Tomás lán d’amhránaíocht agus thug sé leis go leor amhrán óna athair, Tomás, a shealbhaigh an traidisiún áirithe sin óna athair féin. Tá cúigear deirfiúir ag Tomás, ach is eisean an t-aon duine amháin den gclann a chuaigh leis na hamhráin. Dar ndóigh, ceapadh a mhac Seosamh mar Rinceoir Cónaitheach Sean-nóis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 2009, an chéad duine riamh ar bronnadh an gradam sin air.

Nuair a chasann Tomás amhrán, cloistear guth ard binn glan agus stíl a athar ann. Is breá le Tomás na hamhráin throma a chanadh: ‘An Droighneán Donn’, ‘Tomás Bán Mac Aogáin’ agus ‘An Chaora Ghlas’, amhráin a tháinig anuas ó ghlúin go glúin ag muintir  Neachtain. Tugann Tomás ceardlann ó am go ham, agus bhuaigh sé Corn Uí Riada dhá uair, i 1980 agus 1981.

Beidh sraith ceardlann á múineadh ag Tomás san Ollscoil sa bhFómhar agus arís san Earrach agus beidh a chuid amhrán á dtaifeadadh aige don gcartlann sean-nóis atá á bailiú ag Ionad an Léinn Éireannaigh.

Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Ionad an Léinn Éireannaigh, OÉ Gaillimh, a mhaoiníonn an tionscnamh seo.

Tuilleadh eolais ó Samantha Williams ag 091 492051 nó samantha.williams@nuigalway.ie.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories