Scéim Chónaitheach do Mhic Léinn le Gaeilge i Measc Bheartais Scéim Teanga Nua OÉ Gaillimh

Sa phictiúr tá, ó chlé, Adhna Nic Dhonnchadha, Oifigeach Gaeilge, Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh; an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán na hOllscoile; Lisa Ní Fhlatharta, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh; Megan Reilly, Uachtarán, Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh; Kerry Graham, mac léinn; Harry Fleming, mac léinn; Scott Greene, Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh; agus Lisa Barrow, mac léinn, OÉ Gaillimh.
Sep 05 2018 Posted: 13:50 IST

Seolann Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh Scéim Teanga OÉ Gaillimh don tréimhse 2018-2021

Sheol Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh an triú Scéim Teanga do chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Beidh Scéim Chónaitheach do Mhic Léinn le Gaeilge i mBaile na Coiribe ar thalamh na hOllscoile i measc bhuaicphointí na Scéime.

Tá neart tionscnaimh agus scéimeanna nua luaite sa phlean chun úsáid na Gaeilge a mhéadú san Ollscoil. I measc na mbuaicphointí:

  • Scéim Chónaitheach curtha ar bun ar bhonn piolótach ar champas ionas go mbeidh lóistín ar fáil do chainteoirí Gaeilge ar an gcampas in aon áras amháin.
  • Ceapfar Comhordaitheoir Stráitéiseach do ghníomhaíochtaí feasachta na Gaeilge ar champas agus fearainn oibre eile de chuid na hOllscoile. Oibreoidh an duine seo ar phlean cuimsitheach d’imeachtaí cultúrtha agus sóisialta a eagrú trí Ghaeilge.
  • Tá struchtúr nua curtha i bhfeidhm chun suíomh gréasáin na hOllscoile a chur ar fáil i nGaeilge agus cur le ábhar Gaeilge na suíomhe ag http://www.nuigalway.ie/gaeilgebheo/ agus leanfar ar aghaidh leis an obair seo a chur i gcrích.
  • Déanfar Plean Institiúideach Teanga a réiteach a dhéanfaidh comhaireamh ar líon na gcainteoirí Gaeilge agus a leibhéil inniúlachta i measc fhoireann na hOllscoile.
  • Bunófar Coiste Stiúrtha a bheas freagrach as an bplean institiúideach a phleanáil agus a fhaomhadh.

Is é cuspóir na Scéime ná freastal níos fearr agus níos leithne a dhéanamh ar phobal Gaeilge na hOllscoile. Seo í an tríú scéim teanga atá foilsithe ag an Ollscoil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus tá réimse leathan de spriocanna ann a chuirfidh go mór le beocht na teanga ar an gcampas. Déanfar na spriocanna seo a bhaint amach sa tréimhse 2018-2021.

Dúirt Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá an Ghaeilge, agus cur chun cinn na Gaeilge lárnach i saol agus saothar na hOllscoile. Is cúis áthais ar leith dom go bhfuil tús á chur in athuair le Scéim Chónaitheach Gaeilge. Cuireadh an chéad scéim dá leithéad ar bun i mBaile na Coiribe breis agus cúig bliana fichead ó shin, agus is ceart, sa chomhthéacs sin, fáilte a chur roimh ghlúin nua mic léinn a bheidh ag teacht le chéile i gcomhluadar na Gaeilge i mBaile na Coiribe.”

Tá an Scéim faomhaithe ag Príomh Aoire an Rialtais, an tAire Stáit sa Roinn Cultúir, Oidhreachta  agus Gaeltachta  Joe McHugh T.D. ó bhí mí Eanáir 2018 ann, agus an Scéim  curtha faoi bhráid Údarás na hOllscoile ó shin i leith. 

Beidh teacht ar an Scéim ar shuíomh idirlín na hOllscoile ag http://www.nuigalway.ie/sceimteanga/.

-Críoch-

Irish Language Student Residences unveiled under New NUI Galway Irish Language Plan


NUI Galway President Professor Ciarán Ó hÓgartaigh launches the NUI Galway Irish Language Scheme 2018-2021

Wednesday, 5 September, 2018: NUI Galway President Professor Ciarán Ó hÓgartaigh today (Wednesday, 5 September) launched the University’s third Irish Language Scheme. A Residential Scheme with designated spaces for Irish speaking students on campus is among the highlights of the three year plan.

Highlights include:

  • Irish Language Student Residences; designated accommodation with reserved places for Irish-speaking students. The first, and pilot group of students is already in residence for the academic year 2018/19.
  • A Comhordaitheoir Stráitéiseach (Strategic Co-ordinator) will be appointed to work across NUI Galway campuses to prepare a comprehensive plan of cultural and social events through Irish.
  • A focus on the University’s website, drawing all material and news as Gaeilge together across campus at http://www.nuigalway.ie/gaeilgebheo/ along with other work to develop and extend Irish language content online.
  • An Institutional Language Plan / Plean Institiúdach Teanga will be prepared, based on, and appropriate for, the fluency level and number of Irish speakers on campus.
  • A Coiste Stiúrtha / Steering Committee will be established to monitor the preparation and implementation of the Institutional Language Plan.

The aim of the Scheme is to improve and broaden Irish language services for the University Community. This is the third Language Scheme under the Official Languages Act and there are a range of goals set out that will add significantly to use of the Irish language on campus. These goals will be achieved between 2018 and 2021.

NUI Galway President Professor Ciarán Ó hÓgartaigh, said: “The Irish language and the promotion of the Irish language is a core value of the work and mission of the University. I am delighted to announce the re-opening of the Scéim Chónaitheach Gaeilge / Residential Language Scheme. This was a Scheme initiated in NUI Galway more than 25 years ago, and it is fitting, in that context, to welcome a new generation of Irish speaking students to a designated Irish speaking area in Corrib Village.”

The Scheme was approved by the Government Chief Whip and Minister for State at the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht Joe McHugh TD in January 2018, and was brought through the approval processes of Údarás na hOllscoile / Governing Authority before its launch today.

A copy of the Scheme is available at http://www.nuigalway.ie/sceimteanga/.

-Ends-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories