Lig do OÉ Gaillimh thú a mhealladh ag Lá Oscailte an Earraigh

Sa ghrianghraf tá Grace Brankin as Tuaisceart Éireann, mac léinn le hInnealtóireacht Mheicniúil sa dara bliain in OÉ Gaillimh.
Apr 03 2019 Posted: 10:39 IST

Tá an tóir atá ag mic léinn ar OÉ Gaillimh ag dul i dtreis i gcónaí tar éis do bhreis agus 5,000 mac léinn an ollscoil a roghnú mar a gcéad rogha don bhliain acadúil 2019-2020. Reáchtálfaidh an Ollscoil a Lá Oscailte Earraigh bliantúil ar an Satharn, an 6 Aibreán, ón 9am go 3pm. 

Is ionann sin agus ardú 5% ar fhigiúr na bliana seo caite in iarratais chéad rogha ar OÉ Gaillimh, agus áirítear leis an líon iarratas sin 64% de na hiarratasóirí leibhéal 8 uile as cúige Chonnacht. Tá 5,351 mac léinn ar fud na tíre a bhfuil rogha le déanamh acu fós ar a n-iarratas CAO, agus cabhróidh sé go mór leo siúd, agus lena dtuismitheoirí, freastal ar Lá Oscailte OÉ Gaillimh agus iad ag iarraidh cinneadh eolasach a dhéanamh.

Tiocfaidh pobal na hOllscoile le chéile do Lá Oscailte OÉ Gaillimh agus beidh siad i mbun breis agus 80 caint, seisiún eolais agus zón idirghníomhach, agus ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt faoi chúrsaí i gColáiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh, Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí, Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta agus Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte. Beidh mic léinn reatha ar fáil chomh maith chun comhairle phraiticiúil a thabhairt, turais den champas a threorú i nBéarla agus i nGaeilge, agus fíorbhraistint de shaol na hOllscoile in OÉ Gaillimh a thabhairt do mhic léinn ionchasacha. Reáchtálfar turais i rith an lae de na roghanna lóistín atá ar fáil, chomh maith le hÁras Innealtóireachta Alice Perry, na háiseanna Altranais agus Cnáimhseachais, an Leabharlann agus Ionad Uí Dhonnchadha don Drámaíocht, an Amharclannaíocht agus an Taibhléiriú. 

Tá an-éagsúlacht cúrsaí fochéime ar fáil in OÉ Gaillimh, agus ba cheart go mbeadh gach duine in ann ábhar spéise a aimsiú as breis agus 70 rogha. Is i Halla Bailey Allen a bheidh an príomhspás taispeántais, áit a mbeidh léachtóirí agus mic léinn ar fáil chun labhairt le mic léinn ionchasacha agus le tuismitheoirí faoi na cúrsaí atá ar fáil. Leanann an Ollscoil ag cur a rogha cúrsaí in oiriúint chun go mbeidh rochtain ar an rogha fochéimeanna is forásaí ag mic léinn. Ina measc siúd, tá roinnt cúrsaí nua á gcur ar fáil don bhliain 2019/20, a n-áirítear leo siúd an BA Oideachas (Eolaíocht Ríomhaireachta, agus Staidéir Mhatamaitice), an BA (Stair agus Staidéir an Domhandaithe), an BA Rialtas (Polaitíocht, Eacnamaíocht agus Dlí), Baitsiléir Dlí agus Cearta an Duine, an BA (Ceol), an BA (Scannán agus Meán Digiteach), an BA (Eolaíocht Sonraí) agus an BA (Dána Digiteacha agus Teicneolaíocht).  Cuirfear eolas ar fáil chomh maith faoin gcéim i nGnó agus Dlí agus an Chéim Bhaitsiléara i nDlí Sibhialta atá á seoladh in athuair.

Moltar do thuismitheoirí chomh maith iarracht a dhéanamh freastal ar an gCaint do Thuismitheoirí, áit a mbeidh ionadaithe i láthair ó Sheirbhísí do Mhic Léinn, ón Oifig Iontrála agus ón Oifig Lóistín le heolas a thabhairt maidir le táillí, maoiniú agus go leor eile. Ba cheart do thuismitheoirí agus do mhic léinn a gceisteanna a bheith réidh acu, féachaint le fáil amach an bhfeilfeadh an Ollscoil do riachtanais agus d’uaillmhianta an mhic léinn. 

Beidh ionadaithe ó fhoireann Sheirbhísí Tacaíochta OÉ Gaillimh ar fáil chun bualadh le mic léinn agus le tuismitheoirí ar an Lá Oscailte, agus áireofar leo sin ionadaithe ón bhfoireann Tacaíochta Míchumais.  

Seo í an chomhairle a bhí ag Lucy Dockery, Ambasadóir na Mac Léinn agus mac léinn le hEolaíocht sa bhliain dheireanach, do mhic léinn áitiúla agus do mhic léinn ar cuairt araon: “Bíodh is go mbíonn seans bualadh le léachtóirí agus ceisteanna tábhachtacha a chur ag an Lá Oscailte, deis iontach atá ann chomh maith an campas a fheiceáil, agus bualadh le mic léinn reatha agus ceisteanna a chur orthu faoina n-eispéiris. Is í an fhoghlaim atá ag croílár an eispéiris ollscoile, ach ag an Lá Oscailte feicfidh tú céard atá éagsúil faoi OÉ Gaillimh agus an cineál saoil atá ag mic léinn anseo, sa seomra léachta agus lasmuigh de.”

Beidh sraith cainteanna, ceardlann agus máistir-ranganna ar siúl i rith an lae. I measc na mbuaicphointí, áirítear na cinn seo a leanas:

  • An Spórt in OÉ Gaillimh
  • Máistir-rang ceoil leis an Contempo Quartet
  • Seisiún eolais do mhic léinn lánfhásta
  • Ceardlann Drámaíochta
  • Eolas faoi Ghairmeacha – Ag Cur le d’Infhostaitheacht
  • Iarratas a dhéanamh ar dheontas SUSI
  • Bealaí rochtana ar an Oideachas, HEAR/DARE agus FETAC san áireamh.
  • Zón idirghníomhach Innealtóireachta agus IT

I bhfianaise an rogha mór cainteanna, turas agus deiseanna labhairt le comhaltaí foirne na hOllscoile, moltar do mhic léinn ionchasacha clárú roimh ré, an clár a íoslódáil agus a gcuairt a phleanáil. www.nuigalway.ie/opendays.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories