Comhalta Acadúil OÉ Gaillimh, Louis de Paor, chun léacht tionscnaimh a thabhairt mar Ollamh

An tOllamh Louis de Paor
Jan 21 2020 Posted: 10:13 GMT

Tá sraith léachtaí ar siúil ag Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Díríonn an tsraith seo ar Ollúna nua-cheaptha an Choláiste agus leanfar di le léacht ón Ollamh Pearsanta leis an Léann Éireannach, an tOllamh Louis de Paor, Déardaoin, an 30 Eanáir ag 5pm, in Institiúid de Móra, OÉ Gaillimh (GO10).

Ina chuid cainte dar teideal ‘Níos Gaelaí ná an Ghaeilge. Flann O’Brien: More Irish than Irish?’, roinnfidh an tOllamh de Paor torthaí a chuid taighde ceannródaíoch faoi shaothar Flann O’Brien, ag díriú go háirithe ar an ngné Ghaeilge i saothar O’Brien. Ceapadh an tOllamh de Paor ina Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in OÉ Gaillimh sa bhliain 2000 agus i measc a shaothair foilsithe áirítear monagraf ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain, Faoin mblaoisc bheag sin: an aigneolaíocht i scéalta Mháirtín Uí Chadhain (1991), díolaim filíochta i nGaeilge ón bhfichiú haois, Coiscéim na haoise seo (1991), a cuireadh in eagar in éineacht le Seán Ó Tuama, eagrán dátheangach de rogha dánta de chuid Máire Mhac an tSaoi, An paróiste míorúilteach/The miraculous parish (2011) mar aon le heagrán criticiúil de rogha dánta Liam S Gógan, Míorúilt an chleite chaoin (2012). Bhain sé duais Jefferson Smurfit in Ollscoil St Louis-Missouri sa bhliain 2002 agus fuair sé bonn Charles Fanning ó Ollscoil Southern Illinois in Carbondale sa bhliain 2009. Bhí sé ina Chomhalta Fulbright ar Cuairt in New York University agus UC Berkeley in 2013-14 agus ina Scoláire Burns in Boston College in 2016. I measc a chuid foilseacháin is deireanaí tá Leabhar na hAthghabhála/Poems of Repossession: Twentieth-century Poetry in Irish (2016), agus Ag Caint leis an Simné?: Dúshlán an Traidisiúin agus Nualitríocht na Gaeilge (2018).

Bhí an méid a leanas le rá ag an Dr Seán Crosson, Leas-Déan Taighde i gColáiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta & an Léinn Cheiltigh: “Tá an-áthas orainn leanúint leis an tsraith léachtaí seo a thugann deis iontach don Ollscoil an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoin taighde agus faoin gcleachtas nuálaíoch den scoth atá ar bun sa choláiste. Is é seo an naoú cainteoir sa tsraith a chuimsíonn go dtí seo réimsí a bhaineann le beartas sóisialta, oideachas, smaoineamh polaitíochta, teiripí ar líne, seachadadh teanga, traidisiúin na n-amhrán tíre i nGaeilge, taighde stairiúil, agus síceolaíocht iompraíochta. Is mór an onóir dúinn anois an tOllamh de Paor a bheith páirteach sa tsraith agus de bharr a chuid taighde, foilseacháin, agus cleachtais, tá tuiscint níos doimhne ag léitheoirí, lucht éisteachta in Éirinn agus go hidirnáisiúnta ar ábharthacht agus tábhacht leanúnach litríocht na Gaeilge sa lá atá inniu ann”

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories