Fógraíonn OÉ Gaillimh Ceapacháin Nua Mar Dhéin Feidhmiúcháin

Ó chlé: An tOllamh Rebecca Braun agus an tOllamh Geraint Howells
Nov 24 2020 Posted: 14:38 GMT

Tá sé fógartha ag OÉ Gaillimh go bhfuil an tOllamh Rebecca Braun ceaptha mar Dhéan Feidhmiúcháin nua Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh, agus go bhfuil an tOllamh Geraint Howells ceaptha mar Dhéan Feidhmiúcháin nua Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí.  Tosóidh na hOllúna Braun agus Howells ina róil nua i mí Eanáir 2021.

Dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá áthas orm fáilte a chur roimh na hOllúna Braun agus Howells chuig OÉ Gaillimh. Tá fairsinge mhór taithí ag an mbeirt acu agus táim ag súil le bheith ag obair le Rebecca agus le Geraint chun an dúshraith láidir choláisteach i gColáiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh agus i gColáiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí a threisiú agus a fhorbairt, mar aon lenár luachanna measa, barr feabhais, oscailteachta agus inbhuanaitheacht a réadú ar mhaithe le leas an phobail agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chláir nua thaighde agus theagaisc.” 

Tagann an tOllamh Rebecca Braun go OÉ Gaillimh ó Ollscoil Lancaster, áit a bhfuil sí ina hOllamh le Nuatheangacha agus le hIonchais Chruthaitheacha faoi láthair, agus ina comhstiúrthóir ar an Institiúid ildisciplíneach d’Ionchais Shóisialta. Tógadh Rebecca i gCorcaigh agus i dTiobraid Árann agus chuaigh sí go hOllscoil Oxford ina dhiaidh sin, áit a ndearna sí Fraincis agus Gearmáinis in St. Edmund Hall. Bhronn Comhairle Taighde na nDán agus na nDaonnachtaí (AHRC) Comhaltacht Cheannaireachta (Luathghairm) uirthi, bronnadh Comhaltacht Luathghairme Leverhulme ó Ollscoil Learpholl uirthi,  mar aon le Scoláireacht Eorpach Scatcherd ó Ollscoil Oxford agus Comhaltacht Taighde Alexander von Humboldt chun tréimhse oibre a chaitheamh i mBeirlín.  Is iomaí foilseachán atá aici i réimse litríocht na Gearmáine/litríocht an domhain in ionaid chlúiteacha idirnáisiúnta, tá sí ar dhuine de phríomh-eagarthóirí German Life & Letters agus oibríonn sí go rialta le comhpháirtithe rialtais agus leis an earnáil chruthaitheach.

Dúirt an tOllamh Braun: “Is mór an onóir dom a bheith ag teacht chuig OÉ Gaillimh mar Dhéan Feidhmiúcháin Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh. Tá flúirse smaointeoireachta agus saineolais i réimse leathan disciplíní sa Choláiste. Táim ag súil go mór le hoibriú le gach duine sa Choláiste chun an obair sin a threisiú, deis a thabhairt do ghlórtha nua agus chun ár bpobail a mhéadú san ollscoil, sa réigiún agus sa domhan mór.”

Is Ollamh le Dlí Tráchtála in Ollscoil Mhanchain an tOllamh Geraint Howells faoi láthair agus Déan Comhlach sna Daonnachtaí don Idirnáisiúnú.  Tá taithí fhairsing ceannaireachta aige agus d’éirigh go han-mhaith leis mar Dhéan Dlí in Ollscoil Chathair Hong Cong agus mar Cheann Scoil an Dlí i Manchain agus, roimhe sin, in Lancaster. Glaodh chun an bharra in 2002 é trí leas a bhaint as modh sainiúil d’acadóirí clúiteacha, agus bronnadh LLD air in 2014. Tá go leor foilsithe aige faoi dhlíthe tomhaltais, dliteanas táirgí agus dlí príobháideach na hEorpa agus bhí sé ina bhall den ghrúpa Acquis a d’fhéach le prionsabail choiteanna dlí conarthaí agus dlí torta a fhorbairt. Is iarUachtarán Chumann Idirnáisiúnta Dlíthe Tomhaltais é, chaith sé tréimhse de bhlianta ina eagarthóir ar an Consumer Law Journal, tá sé ar bhord eagarthóireachta an Journal of Consumer Policy agus is Eagarthóir Sraithe é don tsraith Markets and Law de chuid Routledge. Tá go leor oibre comhairleoireachta déanta aige do rialtais, don AE agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha.

Agus é ag trácht ar a cheapachán nua, dúirt an tOllamh Howells: “Ardú meanman dom a chroíúil is a bhí an fháilte a chuir pobal OÉ Gaillimh romham. Bhí mé meallta ag ár láidreachtaí i nGnó, Beartas Poiblí agus Dlí a fhágann go bhfuil sé ar ár gcumas taighde idirdhisciplíneach ar na mórdhúshláin atá romhainn mar shochaí a chur chun cinn i gcomhpháirt le hinstitiúidí taighde idirnáisiúnta mór le rá eile. Cuireann an bonn taighde sin le cláir theagaisc nuálaíocha agus ábhartha a chabhraíonn le pobal éagsúil mac léinn a mhealladh. Tá súil agam go mbeimid in ann leanúint leis an tseirbhís a chuirimid ar fáil dár bpobal áitiúil agus ag an am céanna cinntiú gur feasach don phobal domhanda a fheabhas is atáimid.”

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories